Na cnuasaigh filíochta agus na leabhair eile Ghaeilge is fearr ó 2019…

Féirín liteartha uait don léitheoir díograiseach fásta faoi Nollaig? Seo rabharta eile leabhar a roghnaigh Tuairisc daoibh i mbliana…

Na cnuasaigh filíochta agus na leabhair eile Ghaeilge is fearr ó 2019…

FILÍOCHT

Ag Marú Maicréal, Catherine Foley, Coiscéim, €7.50

Is fada aithne an phinn ar an scríbhneoir seo ach seo an chéad chnuasach dánta agus líníochtaí uaithi. Is iad na staidéir phearsanta na dánta is taitneamhaí agus is láidre sa mbailiúchán, go mór mór ‘M’athair’ agus ‘Na Laethanta Deireanacha’. Is é an t-athrú saoil is ábhar do ‘Brí’ agus ‘Scáthanna’ agus an iarracht leanúnach a dhéanann muid go léir meabhair a bhaint as luaineacht na haimsire.

Athchuairt, Seosamh Ó Murchú, Coiscéim, €7.50

Tá breis is leathchéad dán sa dara cnuasach de chuid Sheosaimh Uí Mhurchú agus iad uile fuinte, cóirithe agus ar maos le machnamh. Ba dheacair an tocht in ‘Scuaine’ a shárú, ná an scagadh ar aithne phearsanta in ‘Fógra Báis’ agus cé go bhfuil ‘Bánú’ borb barrúil, tá tráchtaireacht shóisialta go fras ann. Filíocht a bheireann ar an nóta diamhair.

Rianta Mhordáin, Paddy Mhéime Ó Súilleabháin, Coiscéim, €7.50

Filíocht ócáideach atá sa dara cnuasach a cumadh faoi scáth Chnoc Mordáin i gConamara. Más Halla Ghleann Luisc i gCorr na Móna nó an ghiolcach Spáinneach nó saor cloiche ar lár iad na téamaí, is óna chroí a scríobhann an file. Tá aiste ghairid ag Máirín Uí Chéide i ndeireadh an leabhair ar chuid de na hamhráin atá cumtha ag Paddy Mhéime agus an tábhacht a bhaineann le ‘An Pretty Polly’ go háirithe, tubaiste farraige inar cailleadh seachtar criú nuair a chuaigh an bád go tóin poill i 1918 mar thoradh ar mhianach nó fomhuireán cogaidh.

ÉIGSE BHÉIL

Scéalta agus Seanchas: Béaloideas agus Cuimhní Cinn ó Ghaeltacht na nDéise, Áine Uí Fhoghlú, Foilseacháin Scoil Scairte, €30 crua

Duine is fiche a roinn gaois na muintire le hÁine Uí Fhoghlú i dtús na nóchaidí, aos léinn na nDéise a chonaic an saol nua ach a bhí seanchríonna agus luí ar leith acu le gnásanna agus tuiscintí an dúchais, ar tír agus ar muir. Cuireann na grianghraif dhaite, an dearadh tarraingteach agus an téacs dátheangach go mór le saibhreas an ábhair. Cuimsíonn réamhnóta scolártha Sheáin Uí Shúilleabháin plé ar chúrsaí teanga agus canúna chomh maith.

An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine, Sinéad Ní Ráinne, CIC, €18

Mionstaidéar tuisceanach, fíorchumasach ar 16 amhrán a luaitear leis an Trá Bháin i gCeantar na nOileán. Is iontach go mbeidh fáil bhuan ar na téacsanna cóirithe seo a bhaineann leis an tréimhse idir na 1840idí agus na 1940idí. Tugtar a gceart don ealaín bhéil freisin óir tá plúr na bhfonnadóirí agus scoth na dtaifeadtaí stairiúla le cloisteáil ar an dlúthdhiosca a théann leis an leabhar. Déantar plé paiteanta ar thraidisiúin chasta ‘Amhrán Bhríd Ní Mháille’ agus ‘Amhrán South Boston’ go háirithe. Saibhriú ar an léann dúchais an chaoi a mbaintear earraíocht as foinsí staire agus seanchais sa réamhrá agus na haistí eolais.

SCÉALAÍOCHT

Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, Nessa Ní Shéaghdha, Leabhar Breac, €12.80

Is deacair a chreidiúint go mbíodh codanna móra Fiannaíochta á sealbhú ag lucht Ardteiste. Bunaithe ar eagrán údarásach scoile a eisíodh i 1971, slánaítear téacs agus scoth-thráchtaireacht liteartha agus teanga Nessa Ní Shéaghdha do ghlúin úr léitheoirí. Meabhraíonn dearadh clúdaigh an tsaothair ar aithris ar phictiúr cáiliúil Gustav Klimt, An Phóg, é gur scéal grá, caidrimh agus cumhachta atá sa Tóraíocht. Réamhfhocal tomhaiste le Louis de Paor ina bpléitear ceisteanna aigneolaíochta, laochais agus inscne freisin.

Seo agaibh leabhair Ghaeilge na Bliana 2019…

STAIR LITEARTHA

An Bhóinn agus an Bhóchna, Liam P Ó Riain, Arlen House, €20

Úrscéal é seo a ligeadh i ndearmad ach tá léas eile saoil tugtha ag Philip O’Leary dó. Bhain bisiúlacht thar na bearta le hobair liteartha Uí Riain (1867-1942) agus ba dhuine de cheannródaithe intleachtúla na réabhlóide cultúrtha é. Foilsíodh an scéal seo ar An Claidheamh Soluis i dtosach agus déantar an t-iomlán a chur i láthair san eagrán cóirithe seo, breis is céad bliain i ndiaidh a fhoilsithe den chéad uair in 1915-6. Tá réamhaiste luachmhar leis chomh maith le haistriúchán dílis Béarla. 

An Bhreachlainn Mhór, Tomás Ó Flaithearta, Éamon Ó Ciosáin, CIC, €15

Deartháir le Liam Ó Flaithearta é Tomás (1890-1936) a chaith blianta móra thall i Meiriceá mar iriseoir agus eagraí ceardchumainn. Is in Ollscoil Notre Dame atá a chuid páipéar agus cuireann Éamon Ó Ciosáin sárphíosaí scríbhneoireachta dá chuid i ndiaidh a chéile sa gcnuasach slachtmhar seo. Tá cumas scríbhneoireachta Thomáis le léamh ar ocht gcinn de ghearrscéalta gairide, gearrscéal Béarla amháin ina measc. Ábhar spéise atá sna míreanna den úrscéal ‘Pádraic’ a tháinig slán. Éadáil bhreise atá sna cuntais bheathaisnéise le Seosamh Ó Cuaig agus Breandán Ó hEithir, mac deirfíre leis an údar.

Éachtaí Mara Phaidí Pheadair as Toraigh, Séamus Mac a’ Bháird, Arlen House, €15

Úrscéal as Toraigh é seo a scríobhadh sa gcéad cheathrú den fichiú haois, díol mór suntais ó thaobh stair liteartha na Nua-Ghaeilge. Tá eachtraíocht ar fud an tsaoil mhóir le reic ag Paidí Pheadair, ó Thoraigh go dtí an Astráil, ón tSín go Peru, ón Ioruaidh go Cape Horn. Cuireann an fhoireann eagarthóirí – Aingeal Nic a’ Bháird, Caoimhín Mac a’ Bháird agus Nollaig Mac Congáil – comaoin mhór ar scoláireacht liteartha na hAthbheochana a bhuíochas de bheathaisnéis Shéamuis (1871-1951), nótaí liteartha agus teanga agus aguisíní iomadúla.

Fág freagra ar 'Na cnuasaigh filíochta agus na leabhair eile Ghaeilge is fearr ó 2019…'