Na chéad sonraí ar fáil faoi ghrúpa oibre an achta Ghaeilge i gcainteanna Stormont

Ar cheist na reachtaíochta teanga agus ceist an chomhionannais phósta is mó a dhíreoidh grúpa amháin de na grúpaí oibre atá bunaithe mar chuid den bhabhta nua cainteanna polaitiúla ó thuaidh

Na chéad sonraí ar fáil faoi ghrúpa oibre an achta Ghaeilge i gcainteanna Stormont

Tá na chéad sonraí ar fáil i dtaobh an ghrúpa oibre speisialta a rachaidh i mbun plé faoi chás an achta Ghaeilge ó thuaidh féachaint an féidir teacht ar réiteach faoin gceist atá ina dris chosáin mhór roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Tá an grúpa – a bheidh ag plé le ceisteanna comhionannais, teanga agus féiniúlachta – ar cheann de chúig ghrúpa oibre atá á mbunú mar chuid den bhabhta nua cainteanna polaitiúla ó thuaidh.

Meastar gur ar cheist na reachtaíochta Gaeilge agus ceist an chomhionannais phósta is mó a dhíreoidh an grúpa. Beidh cás na hUltaise san áireamh sa chaint chomh maith.

Beidh triúr ionadaithe ag na páirtithe go léir ar na grúpaí agus tá ionadaithe an SDLP ar an ngrúpa a bheidh ag plé cás na reachtaíochta Gaeilge fógartha cheana féin. Is iad sin an ball tofa tionóil do Lár Uladh Patsy McGlone, cainteoir Gaeilge aitheanta, Justin McNulty, an t-iarpheileadóir idirchontae a toghadh chun an tionóil don Iúr agus Ard Mhacha, agus Colin McGrath, cathaoirleach an pháirtí agus ball tofa don Dún Theas.

Is é an t-iar-státseirbhíseach sinsearach Paul Sweeney, iar-ardrúnaí ar an Roinn Cultúir, a bheidh mar chathaoirleach ar an gcoiste nua. D’éirigh Paul Sweeney as in 2016, tráth a raibh sé ina ardrúnaí ar an Roinn Oideachais.

Thosaigh sé ag obair sa státseirbhís i 1994 agus thug sé tréimshí ina leas-ardrúnaí sa Roinn Forbartha Régiúnaí agus in Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire sular ceapadh ina ardrúnaí sa Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta é in 2006. D’fhan sé sa phost sin nó gur aistríodh é go dtí an Roinn Oideachais in 2010.

Tá taithí mhaith ag Sweeney ar a bheith ag plé le cuid de na polaiteoirí is mó a luaitear le meon frithGhaeilge sa DUP. Is iad na hairí cultúir a bhí ann le linn a thréimhse mar ardrúnaí sa roinn sin ná Edwin Poots, Gregory Campbell agus Nelson McCausland, triúr atá glan in aghaidh acht Gaeilge.

Bheadh taithí chomh maith ag Sweeney ar a bheith ag plé le hairí Gaeltachta agus oifigigh i roinn na Gaeltachta ag cruinnithe de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus a leithéid.

Pléifidh na grúpaí oibre nua le ceisteanna a bhí ina mbac go dtí seo ar na hiarrachtaí eile a rinneadh chun teacht ar fhuascailt ar an tsáinn pholaitiúil, ina measc ceist an achta Ghaeilge, ceisteanna comhionannais eile agus ceisteanna a bhaineann le struchtúir agus cur chuige Stormont. Pléifidh ceann de na grúpaí le conas feabhas a chur ar “inbhuanaitheacht, seasmhacht agus feidhmiú” na n-eagras trasteorann a bhfuil Foras na Gaeilge ar cheann acu.

Mhaígh Arlene Foster, ceannaire an DUP, nach mbeadh a páirtí féin ina bhac ar aon fhuascailt ar an tsáinn pholaitiúil atá ann ó thit Stormont mí Eanáir 2017.

“Dhearbhaigh vótóirí sna toghcháin áitiúla arís, rud a nglacann agus a dtacaíonn an DUP leis, gurb amhlaidh go bhfuil an pobal ag iarraidh ár rialtas i dTuaisceart Éireann ar ais agus é a bheith ag feidhmiú arís.

“Ní hiad an DUP a bheidh ina mbac roimh fhilleadh Stormont. Cé go mbíonn daoine áirithe ag iarraidh iad féin a chur i láthair mar lucht cosanta na gceart, beidh mise ag seasamh ar son chearta na ndaoine a bhfuil leasuithe ar an tseirbhís sláinte agus oideachais de dhíth orthu agus ar son rialtas áitiúil sa Tuaisceart.

“Aithníonn an DUP go gcaithfear déileáil le ceist na Gaeilge ach ní mór d’aon phacáiste a réiteofar a bheith cothrom agus tomhaiste,” a dúirt Arlene Foster.

Dúirt Mary Lou McDonald go raibh idirbheartaithe Shinn Féin faoi réir do na cainteanna.

“Teacht ar réiteach ar na ceisteanna atá uainne. Ní ceisteanna casta, achrannacha ná doréitithe iad seo. Is féidir teacht ar réiteach ach an toil pholaitiúil a bheith ann chuige sin. Is féidir teacht ar chomhréiteach ina dtabharfar aitheantas do chearta gach duine,” a dúirt sí.

“Is sa tslí sin a chruthóimid institiúidí iontaofa inmharthana a bheidh bunaithe ar an gcomhionannas agus ar an urraim do chách.

“Is sa tslí sin a thiocfaimid ar réiteach ar na ceisteanna is bun leis an tsáinn  pholaitiúil, ar a n-áirítear comhionannas pósta, cearta na mban, na gcainteoirí Gaeilge agus na n-íospartach.”

Dúirt McDonald gur theastaigh óna páirtí go n-éireodh leis na cainteanna agus chuige sin go gcaithfí “an comhionannas a aithint agus a chosaint”. Dúirt sí nár chóir go mbeadh aon chonspóid ag baint lena leithéid de ráiteas. Ba cheart go dtuigfí gur “caint chiallmhar” a bhí ann.

Fág freagra ar 'Na chéad sonraí ar fáil faoi ghrúpa oibre an achta Ghaeilge i gcainteanna Stormont'

  • Pádraig

    Cad iad, go sonrach, na cearta atá á séanadh ar an phobal LADT?