Ná cailligí Lost Girls, saothar cumhachtach a bhfuil suan na muice bradaí ann ón tús

Saothar cumhachtach é ‘Lost Girls’ Liz Garbus a thugann léargas ar an éiginnteacht agus an sceimhle a bhaineann le duine de do mhuintir a bheith ar iarraidh

Ná cailligí Lost Girls, saothar cumhachtach a bhfuil suan na muice bradaí ann ón tús

Lost Girls
Stiúrthóir: Liz Garbus
Cliar: Amy Ryan, Thomasin McKenzie, Gabriel Byrne, Lola Kirke, Oona Laurence.

Déantar suan na muice bradaí a chothú ón tús sa saothar seo.

Tá a fhios againn ón gcéad luí súl nach bhfuil rudaí mar is ceart. Cé go bhfuil dhá phost ag Mari Gilbert (Ryan) tá sí féin agus a beirt iníonacha ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal in Ellenville, Nua-Eabhrac. Lena chois sin cuirtear abhaile orainn nach bhfuil an gaol atá idir iad agus an iníon eile Shannan thar mholadh beirte. Ní leasc le Mari, áfach, airgead a thógaint ar iasacht ón iníon is sine nach bhfuil ina cónaí leo.

De gheit téann Shannan ar iarraidh agus meastar gur dúnmharaíodh í. Is de réir a chéile a léirítear fadhbanna an teaghlaigh mar aon le neamhaird na n-údarás ar dhaoine atá imeallaithe.   

Tá an scannán giorraisc seo de chuid Netflix bunaithe ar leabhar Robert Kolker agus tugann sé cuntas ar eachtraí a bhain leis an ‘Long Island Killer’ in 2010 agus 2011.

Meastar gur mharaigh an dúnmharfóir srathach seo idir deichniúr agus seisear déag, ach níor cúisíodh éinne riamh. Fágann sin nach bhfuil an oiread sin sonraí ann le scannán a dhéanamh faoin dúnmharfóir. Dá bhrí sin díríonn an saothar seo ar fheachtas diongbháilte Mari agus máithreacha eile is iad ag tathant ar na póilíní aird mar is ceart a thabhairt ar an oiread sin oibrithe gnéis a bheith imithe ar iarraidh. An léamh atá ag an saothar seo, murach callán na máithreacha go mbeadh na mná óga  ligthe i ndearmad, b’fhéidir, agus ní bheadh aon trácht ar an dúnmharfóir srathach, dá réir. Go deimhin bhí drogall ar an póilíní riamh a admháil gurbh é an dúnmharfóir srathach a mharaigh Shannan.

Taibhsíodh dom arís agus arís eile, áfach, go raibh nithe faoin dteaghlach agus a gcúlra nár cuireadh os ár gcomhair agus nach bhfuaireamar, ar shlí, ach leath den scéal sa scannán seo.

Conas go díreach mar a d’fhág Shannan an teaghlach agus gan í ach dhá bhliain déag d’aois? Cén caidreamh a bhí aici leo ó shin? An raibh a fhios ag Mari go raibh sí ag obair mar striapach? Mura raibh a fhios aici, cén fáth agus cén chaoi, dar léi, a raibh an cailín óg ag saothrú an oiread sin airgid? Ina theannta sin is tagairtí fánacha a dhéantar d’fhadhbanna meabhairshláinte na n-iníonacha. Tá scitsifréine ar Sara (Laurence) agus léirítear i radharc fánach gur dhein sí iarracht lámh a chur ina bás féin. Mír bheag neafaiseach eile a thugann le fios dúinn go raibh an galar dépholach ag cur as do Shannan. Léiríonn an scríbhneoireacht ar an scáileán ag deireadh an scannáin gur toradh tragóideach foréigneach a bhí ar ghalar Sara.

Léirítear Maria/Ryan mar mháthair aonair atá tiarnúil teanntásach agus diongbháilte. Is í a dhéanann go leor den scannán a iompar.  Í ag fógairt ar phóilíní, daoine atá faoi amhras agus a thuilleadh eile nach iad le drochmhianach. Faigheann póilín amháin, Gabriel Byrne, drochíde uaithi go rialta. 

In ainneoin nach ndéantar scéal an teaghlaigh a chíoradh chun mo shástachta is saothar cumhachtach é seo a thugann léargas ar an éiginnteacht agus an sceimhle a bhaineann le duine de do mhuintir a bheith ar iarraidh agus an crá is an briseadh croí a bhaineann le dúnmharú.

 

Fág freagra ar 'Ná cailligí Lost Girls, saothar cumhachtach a bhfuil suan na muice bradaí ann ón tús'