Ná bíodh SAM ná an fear is saibhre ar domhan ag socrú dúinn cad is saoirse cainte ann

Bíodh díospóireacht oscailte agus dhaonlathach againn faoi cén cóimheá is mian linn a bhaint amach idir saoirse cainte agus luachanna eile

Ná bíodh SAM ná an fear is saibhre ar domhan ag socrú dúinn cad is saoirse cainte ann

Is beag duine i ndáiríre atá ar son saoirse cainte gan srian. Mar shampla, táim cinnte gur beag duine atá á léamh seo a shíleann nach gá páistí a chosaint ó chineálacha éagsúla ábhair nó gur chóir gríosú chun cinedhíothaithe a cheadú.

Ach tá raon leathan tuairimí faoi cé na srianta is cóir a bheith ann agus cén cóimheá is cóir a bhaint amach idir saoirse cainte agus luachanna eile amhail an ceart a bheith ag daoine a ndea-chlú a chosaint nó srian a chur le ciapadh nó ciníochas nó bréagaisnéis.

Agus is gnáthrud agus rud sláintiúil é go mbeadh tuairimí difriúla ag daoine faoi na ceisteanna seo agus go mbeadh cur agus cúiteamh ann faoi. Creidim féin go bhfuil rudaí imithe rófhada i Meiriceá ó thaobh cead a bheith ag daoine bréaga a insint faoi dhaoine eile.

Ar an dtaobh eile den scéal creidim go bhfuil na dlíthe clúmhillte anseo claonta i bhfabhar lucht an rachmais agus go ngearrtar pionós ródhian uaireanta ar na meáin as botúin ionraice. Ach aithním go bhfuil argóintí maithe ar son agus i gcoinne ár gcórais agus an córas Meiriceánach.

Rud eile seachas cur agus cúiteamh sláintiúil atá ag tarlú sa phlé idir Meiriceá agus an Eoraip maidir le saoirse cainte, áfach.

Tá Meiriceá, i bpáirt le roinnt de na daoine is saibhre agus na comhlachtaí teicneolaíochta is mó ar domhan, ag iarraidh iachall a chur ar an Eoraip glacadh leis an leagan amach ar mian leo siúd a bheith i bhfeidhm, seachas an ceart a bheith againn ár gcinneadh féin a dhéanamh faoi na ceisteanna seo.

Tá sé ráite ag an Tánaiste Simon Harris go n-úsáidfidh an tír seo a tréimhse uachtaránachta ar an Aontas Eorpach i mbliana chun argóint a dhéanamh ar son dearbhú aitheantais do chuntais ar na meáin shóisialta agus ar son cosc a bheith ar pháistí cuntais meán sóisialta a bheith acu.

Arís, tá argóintí bailí agus tábhachtacha ar son agus i gcoinne an dá mholadh seo, agus tá sé sláintiúil go mbeadh cur agus cúiteamh mar gheall orthu. Is léir go bhfuil tacaíocht phoiblí láidir ann do na moltaí. De réir pobalbhreith de chuid Ireland Thinks a foilsíodh ar The Sunday Independent ag tús na bliana tá 73% den phobal i bhfabhar dearbhú éigeantach aitheantais do chuntais meán shóisialta agus 19% ina choinne.

De réir pobalbhreith de chuid Ireland Thinks do The Sunday Independent i mí Lúnasa anuraidh bhí 61% i bhfabhar cosc ar mheáin shóisialta do dhaoine faoi 16 agus 27% ina choinne. Ach tá a chumhacht eacnamaíoch agus polaitiúil á húsáid ag Meiriceá chun brú a chur ar an tír seo agus ar an Aontas Eorpach géilleadh dá mianta siúd faoi cheisteanna den chineál seo. Agus tá an duine is saibhre ar domhan, Elon Musk, ag baint úsáid as X, ceann de na hardáin chumarsáide (nó bolscaireachta) is cumhachtaí dá bhfuil ann, chun brú a chur ar an Eoraip an rud is mian leis siúd a dhéanamh, seachas toil dhaonlathach mhuintir na hEorpa a chur i bhfeidhm.

Cháin Meiriceá an Eoraip go géar maidir le saoirse cainte a chur faoi chois sa Straitéis Náisiúnta Slándála a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite. Ach tá sé soiléir nach argóint ionraic nó oibiachtúil ar son saoirse cainte é seo ar dhá chúis.

  1. Níor cáineadh cúrsaí saoirse cainte sa tSín nó sa Rúis sa cháipéis agus is léir don dall go bhfuil sin bunoscionn. Mar shampla, de réir innéacs saoirse preasa Thuairisceoirí Gan Teorainneacha is tíortha Eorpacha na deich dtír ag barr an liosta. Tá Éire sa seachtú háit. Tá an Rúis sa 171ú háit agus an tSín sa 178ú háit.
  2. Tá léirithe go soiléir arís agus arís ag rialtas Donald Trump go bhfuil siad breá sásta srian a chur ar shaoirse cainte daoine nach n-aontaíonn siad leo. Mar shampla tá cosc curtha ar thuairisceoirí nó meáin áirithe ó imeachtaí sa Teach Bán agus ó eitleán an Uachtaráin as ucht scéalta nach maith leis an uachtarán a fhoilsiú nó téarmaí ar nós Murascaill Mheicsiceo, nach maith leis an Uachtarán, a úsáid. Cuireadh beartais i bhfeidhm chun brú a chur ar ollscoileanna cosc a chur ar ghníomhachas ar son na Palaistíne. Cuireadh bacanna víosa i bhfeidhm ar shaineolaithe agus gníomhaithe atá cáinteach faoi pholasaithe rialtas Mheiriceá. Deineadh iarrachtaí áitritheoirí dleathacha ar nós Imran Ahmed a dhíbirt as an tír mar gheall ar a dtuairimí polaitiúla. Agus úsáideadh cumhacht an rialtais maidir le rialachán corparáideach chun brú a chur ar chomhlachtaí meán clúdach nuachta níos fabhraí a thabhairt do rialtas Donald Trump. Tá na Stáit Aontaithe anois tite go dtí an 57ú áit ar innéacs saoirse preasa Thuairisceoirí Gan Teorainneacha.

Mar sin is é atá i gceist le feachtas ‘saoirse cainte’ Mheiriceá i gcoinne na hEorpa ná iarracht le luachanna rialtas reatha Mheiriceá a chur chun cinn san Eoraip agus a chinntiú nach gcuirfear srianta ar bith ar ollchomhlachtaí meán sóisialta Meiriceánacha, ar nós X, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá gcumas brabús a dhéanamh, beag beann ar mhianta saoránach na hEorpa.

Tá sé íorónta go bhfuil ‘luachanna traidisiúnta Críostaí’ mar chuid de luachanna rialtas reatha Mheiriceá agus go gcosnaíonn na luachanna céanna ceart Elon Musk agus X iad féin a rialú maidir le cé na srianta a chuirfidh siad nó nach gcuirfidh siad i bhfeidhm maidir le dáileadh íomhánna gnéasúla de pháistí.

Mar sin bíodh díospóireacht oscailte agus dhaonlathach againn faoi cén cóimheá is mian linn a bhaint amach idir saoirse cainte agus luachanna Eorpacha eile ar nós cosaint do leanaí agus srianta ar fhuathchaint. Ach aontaímis ar fad, gur ceist do mhuintir na hEorpa a gcinntí féin a dhéanamh faoi na ceisteanna seo beag beann ar chur isteach seachtrach ón tír is cumhachtaí ar domhan, ó na comhlachtaí teicneolaíochta is mó ar domhan agus ón bhfear is saibhre ar domhan.

Fág freagra ar 'Ná bíodh SAM ná an fear is saibhre ar domhan ag socrú dúinn cad is saoirse cainte ann'