Ná bac ‘El Clasico’ ná dearbaí Ghlaschú, seo chugainn ‘El Cois Fharraigó’!

An chinniúint is dócha a shocraigh go mba iad peileadóirí an Spidéil agus Mhicheál Breathnach ba thúisce a tháinig as an hata nuair a tarraingíodh na foirne in aghaidh a chéile sa gcéad bhabhta eile de Chraobh Idirmheánach na Gaillimhe 2018

Ná bac ‘El Clasico’ ná dearbaí Ghlaschú, seo chugainn ‘El Cois Fharraigó’!

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí sé ráite riamh gur ‘aon mhuintir amháin iad muintir Ard Raithin, ach nach sa bpóca céanna a choinníonn siad an t-airgead’.

Is amhlaidh cás do mhuintir Chois Fharraige, ach sa gcás seo nach é a ndúil sa bpingin a dhealaíonn óna chéile iad ach a ndúil sa bpeil. Níl dream faoin spéir is muinteartha ná iad go dtaga coimhlint idir paróistí an Chnoic agus an Spidéil mar a tharlóidh ar an Satharn seo chugainn nuair a imreoidh Micheál Breathnach agus an Spidéal a chéile i gcluiche ceannais idirmheánach peile na Gaillimhe.

‘El Cois Fharraigó’ atá baiste agam ar an gcoimhlint – beidh na cearta gaisce chomh tábhachtach céanna agus a bhíonn san El Clasico nó i nDearbaí Ghlaschú – ná bac leis an luach saothair a bheidh ag na buaiteoirí agus iad ag filleadh ar an ngrád Sinsearach i bpeil na Gaillimhe.

I gceantar Gaeltachta an chontae sin sáróidh sé aon chluiche a imreofar sin i mbliana. Glac uaimse é agus ba chóir go mbeadh mo dhíol cur amach agam air – tógadh i bparóiste amháin acu mé agus d’imir mé leo. Tá an chuid eile de mo shaol caite agam sa gceann eile agus mé i mo chomhalta den chumann sin le fada.

Bhí imtheorannú déanta orm nuair a imríodh an chéad ‘El Cois Fharraigó’ i 1967. Ní raibh aon bhaint aige leis an mbeartas a tharla i dTuaisceart Éireann ceithre bliana dár gcionn, sáinnithe ag sagairt i scoil chónaithe a bhí mise agus cead diúltaithe dom a dhul go Carna, áit ar imir na foirne a chéile i gCraobh Shóisearach Iarthar na Gaillimhe, an chéad chluiche craoibhe ag Micheál Breathnach, bliain a n-athbhunaithe.

Bhuaigh siad de chúpla cúilín, cúpla mí dár gcionn bhí mo théarma istigh agus Scrúdú na hArdteistiméireachta déanta – is iomaí sin ‘El Cois Fharraigó’ ar chaith mé geansaí na mBreathnaigh ann ina dhiaidh sin.

Ba mhaith liom a cheapadh go mba bheag a bhí eadrainn formhór na ngeábhanna sin, ach gan amhras ba iad an Spidéal ab fhearr a chruthaigh i gcomórtais pheile an chontae. Thug siad Craobh Shóisearach Peile an Iarthair leo i 1968 agus i 1974 agus bhí ar an gcéad fhoireann i ndeisceart Chonamara a bhain stádas sinsearach amach.

Níl de bhoinn agamsa ach ceann a bhain le Sraith an Iarthair – 1969 déarfainn.

Tráthúil go leor ba ar fhoireann iomána ar a raibh imreoirí as an dá pharóiste ba mhó a bhí rath timpeall an ama sin – bhuaigh báireoirí an Spidéil Craobh Shóisearach an Iarthair trí huaire as a chéile i 1968, ’69 agus ’70, tráth arbh é an grád sin an ceann ba ghaire don cheann Sinsearach. Bhí dornán iománaithe as paróiste an Chnoic ar na foirne sin.

Choinnigh peileadóirí an Spidéil greim ar a stádas sinsearach gur tháinig 1980, ach faoin tráth sin bhí comharthaí ann go mb’fhéidir go raibh a gcomharsana ar thairseach na haibíochta – dhá chraobh Mionúir A de chuid na Gaillimhe buaite acu i 1976 agus ’77 agus cumainn mhóra Chora Fine agus Bhaile an Mhuilinn curtha de dhroim seoil acu sna babhtaí ceannais.

Tabharfaidh tú faoi deara gur dhúirt mé go mba ar pháirc an Plantation i gCarna a imríodh an chéad ‘El Cois Fharraigó’ i 1967. Ba í an chúis a bhí leis sin nach raibh páirc cheart in aon áit eile i nDeisceart Chonamara, ná go deimhin sa gcuid eile den cheantar. Ó shin tá Micheál Breathnach agus an Spidéal le n-áireamh ar na cumainn a chuir an scéal sin ina cheart.

Gur chailleadar a stádas sinsearach an t-am seo anuraidh, ba iad Micheál Breathnach ab fhaide a mhair sa ngrád sin. Bhí an Spidéal tite síos go grád na sóisear nó gur bhuaigh siad an Chraobh A ansin i 1991 agus chaith séasúr eile sna sinsir i mBliain na Mílaoise.

An chinniúint is dócha a shocraigh go mba iad peileadóir an Spidéil agus Mhicheál Breathnach ba thúisce a tháinig as an hata nuair a tarraingíodh na foirne in aghaidh a chéile sa gcéad bhabhta de Chraobh Idirmheánach na Gaillimhe 2018.

Bhí cuid mhaith de na himreoirí a chuaigh chun páirce ar an mBaile Dóite i Maigh Cuilinn sa gcluiche sin i dtús an tsamhraidh ar scoil in éineacht agus bíonn siad i gcomhluadar a chéile, mar a bhíodh an dream a chuaigh rompu, sna háiteanna ina mbíonn an gabhar á róstadh na laethanta seo.

An Spidéal a bhuaigh an ‘El Cois Fharraigó’  an lae sin agus bhí an-ríméad orm go mba choimhlint a bhí inti inarbh iad scileanna na himeartha a fuair tús áite – crua, géar, saothraithe, ach fós meas ag na hiomaitheoirí ar a chéile.

Sin mar a bhí, sin mar a bhíodh, sin mar ba chóir a bheith agus le cúnamh Dé, sin mar a bheidh.

Fág freagra ar 'Ná bac ‘El Clasico’ ná dearbaí Ghlaschú, seo chugainn ‘El Cois Fharraigó’!'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An phíosa. Déanfaidh sé lá speisialta do ‘Cois Fharraigó’ i Staid an Phiarsaigh ar an Satharn.

  • Farraigeach

    Nach iontach gur le coimhlintí an tsacair a shamhlaítear an pheil ghaelach sa nGaeltacht le blianta anuas. Fearacht na teanga níl aon éalú ón nGalldachas. Seans gur cuma cé acu cois a bheas fúthu gur ag titim taobh thiar den liathróid a bheas siad ar aon chaoi, na créatúir!

  • Máirín Charna

    Ag súil go mhór leis an lá. Ath mór oraibh a lads. ??????

  • Tommy

    An Spidéal abú….. buachaill a Mhártan!!???????