Ná bac conas tánn tú, nó cén chaoi a bhfuil tú nó caidé mar tá tú, ar ith tú fós?

Beannacht ón tSeapáin a chuir ár gcolúnaí ag smaoineamh ar na tairiscintí bia ar cheart diúltú i gcónaí dóibh

Ná bac conas tánn tú, nó cén chaoi a bhfuil tú nó caidé mar tá tú, ar ith tú fós?

‘An bhfuil a fhios agat céard a deireann siad lena chéile sa tSeapáin in áit ‘heileo’?’ a d’fhiafraigh Fear an Tí dom an tráthnóna cheana.

‘Konichiwa?’ a d’fhiafraigh mé agus mé ag tarraingt ar an t-aon fhocal sa tSeapáinis atá ar eolas agam. Bhí beagáinín drogaill orm é á rá mar nach raibh mé cinnte an focal ceart é nó an sórt leathabairt Sheapánach é a chuirfeadh olc ar dhuine ar bith ón tSeapáin a chloisfeadh é.

An raibh sé i ngar do leithéidí ‘top o’ the mornin’ nó ‘begorrah’ a chuimhnigh mé. B’fhéidir gur cheart dom ruainnín Duolingo a dhéanamh ar an tSeapáinis.

 ’Ní hea,’ a deir sé. ‘Chuala mé ar an raidió inniu go bhfiafraíonn siad dá chéile ‘ar ith tú fós?’.

‘In áit heileo?’ a deir mé agus siar bainte asam.

‘Ceapaimse gur an-smaoineamh atá ann, in áit a bheith ag caint i gcónaí ar an aimsir mar a bhíonn muide,’ a deir sé.

Níor cheap mé go mbíonn muid ag déanamh an oiread sin cainte ar an aimsir, ach is dóigh go bhfuil an ceart aige. 

Níl aon locht ar dhream a mbeadh an oiread sin suime sa mbia acu is gurb í an chéad cheist í a chuirfeá ar dhuine a chasfaí ort. 

Is í an fhadhb ná, céard a dhéanfá dá ndéarfadh duine leat nár itheadar fós. Nach gcaithfeá bia éigin a thairiscint dóibh? Ní bheinnse ag fiafraí d’aon duine ar ith siad fós mura raibh plean docht leagtha amach agam i gcás freagra diúltach.

Chaithfeá rud éigin a bheith ag imeacht agat i do phóca i gcónaí ar fhaitíos go ndéarfadh duine leat nach raibh tada ite acu. Níl a fhios agam cén fháilte a bheadh roimh choirnéal de cháca baile a bhí ag imeacht i dtóin do phóca agat, ach cén rogha eile a bheadh agat ach é a ofráil don té a déarfadh leat nach raibh tada ite aici fós?

Is cosúil gur fíor go mbíodh an bheannacht sin in úsáid sa tSeapáin agus sa tSín go coitianta, ach go bhfuil sí ag imeacht as an gcaint anois. Ceaptar gur beannacht í a tháinig chun cinn nuair a bhí bia gann.

Dá gcuirfí an cheist ort ‘ar ith tú fós?’ ba é an rud atá tú ceaptha a rá ná nach bhfuil aon ocras ort. Is é an t-aon fhreagra ceart múinte é le tabhairt ar an gceist. Fiú dá mbeadh do bholg thiar ag do dhroim leis an ocras, abair go bhfuil rud éigin ite agat cheana féin.

Tá sé amhlaidh in Éirinn, nuair a chuimhním air. 

Ní fhéadfaidh tú siúl isteach i dteach gan duine a bheith ag ofráil greim éigin duit. Ach tuigeann chuile dhuine go bhfuil tú in ainm is a rá go raibh tú lán go fiacail is nach bhféadfá oiread agus greim amháin eile a ithe.

Is é an t-aon uair go dtiteann an plean as a chéile ná nuair a thagann duine ar cuairt agus gan a fhios acu faoin socrú neamhráite.

Ach ar an oiread le muintir na hÁise, nuair a bhí an bia gann ba mhinic go bhfágadh daoine iad féin ar an ngannchuid le teann flaithiúlachta leis an gcuairteoir.

Fág freagra ar 'Ná bac conas tánn tú, nó cén chaoi a bhfuil tú nó caidé mar tá tú, ar ith tú fós?'

  • Ceartúchán

    Bhí dul amú ar pé duine a bhí ag caint ar an raidió, faraor. Ní hiad na Seapánaigh ach na Sínigh a deireann é sin chun beannú dá chéile: “你吃了吗?” [= Nǐ chī le ma?]