Na 10 albam agus na 10 rian is fearr ó 2015…

Sa tuairisc speisialta seo ón dTaobh Tuathail’, roghnaíonn Cian Ó Cíobháin na saothair is mó a chuaigh i bhfeidhm air i 2015

Cian image

carrie and lowellAlbam na bliana – Sufjan Stevens – Carrie & Lowell

Níor chuala rogha amhrán níos fearr i mbliana ná an an rogha atá le clos ar an seachtú albam ó Sufjan Stevens. Tá cuimhní a óige agus a mhachnamh ar an mbás go tréan mar théamaí sna hamhráin áille seo. D’éag a mháthair sa bhliain 2012 agus is i gcuimhne uirthi sin agus ar a páirtí Lowell (a chabhraigh le Sufjan a lipéad, Asthmatic Kitty, a bhunú) a chum sé an saothar seo. D’éistíos leis an gceann seo níos minice ná aon albam eile i gcaitheamh na bliana agus chuala rud éigin nua ná raibh ceann tógtha agam cheana dó, gach uair a d’fhilleas air. Albam na bliana im’ thighse gan stró.

kingmidasKing Midas Sound & Fennesz – Edition One

Bhí idir amhras is sceitimíní áthais orm nuair a chuala go raibh beirt léiritheoirí/ceoltóirí go bhfuil meas mór agam orthu (Kevin Martin, fear dub King Midas Sound) agus an t-ealaíontóir fuaime ón Ostair, Christian Fennez, ag réiteach albaim in éineacht. Bhí amhras orm, mar bhí an baol ann nach n-éireodh leo, agus bhí sceitimíní orm mar bhí seans ann leis go mbeadh an lá leo. Bhuel, tá ríméad anois orm gur éirigh thar barr leo. Seo albam déanta do na cluasáin siar amach san oíche agus tabharfaidh sé sásamh d’éinne a thit i ngrá le halbaim mhóra le rá na nóchaidí ó Bhristol, go mórmhór saothair leithéidí Portishead is Tricky. Ní hé sin le rá nach bhfuil fuaim chomhaimseartha ar an albam, mar tá: fuaim dhoimhin dhána dub mar a bheadh ‘mil do na cluasa’ ann.

Layout_11_A_FINAL_CorrPanda Bear – Panda Bear Meets The Grim Reaper

Chomh luath is a chuala den chéad uair an cúigiú halbam aonair ó Noah Lennox, AKA Panda Bear ón ngrúpa Animal Collective, ag tús na bliana, bhíos lánchinnte go raibh ceann d’ardalbaim na bliana cloiste agam. Don té nár chuala a chuid amhrán cheana, samhlaigh amhráin Brian Wilson is na Beach Boys, éifeachtaí dub King Tubby nó Augustus Pablo buailte anuas orthu, is drumaí hip-hop na nóchaidí mar bhonn leo (Pete Rock, J Dilla, A Tribe Called Quest). Nach leor an méid sin mar mholadh tabhairt faoin saothar sícideileach iontach seo?

augustusandjohnAugustus & John – Above Water Hull

Tá Mike Smalle, ó chathair na dTreabh, ag cumadh ceoil le fada an lá is albaim á n-eisiúint aige leis an mbanna Cane 141, gan trácht ar a albam aonair faoin ainm B-Movie Lightning. Tá dúil mharbh aige i gceolta na cruinne agus cloisim macallaí óna bhailiúchán saibhir, pearsanta ceoil ina chuid amhrán. Breis is bliain ó shin, d’fhiafraigh Matteo Grassi, Iodálach atá ag cur faoi san iarthar, ar Mhike an gcabhródh sé leis snas a chur ar a chuid ceoil ach in áit é sin a dhéanamh, bheartaíodar ar thosnú ag cumadh ceoil nua le chéile. Seo toradh a saothar: albam de cheol leictrónach thar a bheith tarraingteach nach mbeadh as áit ar lipéid mar Kompakt nó Dial nó Border Community.

Holly_Herndon_Platform_Album_Cover_ArtHolly Herndon – Platform

Ó d’eisigh sí a céad albam Movement sa bhliain 2012, bhí dúil i gcónaí ag an gcumadóir seo i bhfuaimeanna garbha, géara. Ach murab ionann agus na saothair eile sin ar an albam is déanaí seo, tá boige, nó milseacht ann a léiríonn a meas ar fhoinn pop. Cad as a dtagann na fuaimeanna seo? Ón idirlíon don chuid is mó – ón port a sheinneann a ríomhaire nuair a sheoltar teachtaireacht nua ina treo, ó na foinn ar fhógraí a osclaíonn ar a ríomhaire gan chead na coinne, ó ghlaochanna Skype is ó shamplaí ó YouTube (‘Be the first of your friends to like Greek yoghurt this summer’, a deir sí ar amhrán amháin). Seo saothar gur fiú go mór am a chaitheamh leis is aithne cheart a chur air.

Helen-2015-The_Original_Faces-coverHelen – The Original Faces

Nuair a thiteas i ngrá le ceol ailtéarnach (is é sin le rá, ceol ná raibh le clos ar Top Of The Pops ná ar 2FM) is mé im’ dhéagóir, bhí an stíl ‘shoegaze’, stíl taibhsiúil, rac-cheoil a ainmníodh as an dúil a bhí ag giotáraithe stánadh anuas ar a gcuid troitheáin agus iad ag seinm. Ba iad na bannaí ‘shoegaze’ ba mhó a chuir faoi gheasa mé ná leithéidí Galaxie 500, Ride agus My Bloody Valentine. Bhuel, seo albam ‘shoegaze’ le Liz Harris (amhránaí an bhanna Grouper), agus i taobh le drumadóir an bhanna Eternal Tapestry agus an giotáraí Scott Simons. Saothar nótáltha ar fad.

jamcityJam City – Dream A Garden

Sa bhliain 2012 d’eisigh an cumadóir seo a chéad albam Classical Curves, saothar a bhí lán d’fhuaimeanna allúracha a chas diosc-mharcaigh ceannródaíocha sna clubanna. Mar sin, ba mhór an t-iontas a bhí ar a lucht leanúna nuair a chualadar an chéad cúpla amhrán óna albam úr, mar gur amhráin ón gcroí, seachas fuaimeanna déanta don gclub, atá mar bhonn leis. Sea, cloisimid Jack ag amhrán mar gheall ar théamaí a théann i bhfeidhm air; an míshásamh íomhánna aislinge na fógraíochta ar dhaoine, nó an bealach a chuireann pornagrafaíocht idirlín brú ar chaidrimh. Is, cé go bhfuil na rianta níos moille ná mar a bhí cheana, tá an drúcht shícideileach céanna a scaipeadh ar a chéad albam anseo leis.

corkgamelan-CorkCork Gamelan Ensemble – The Three Forges

N’fheadar aon duine ach na h-amhránaithe is na ceoltóirí atá le clos ar an albam seo faoi stiúr Mel Mercier, Ollamh Ceoil ó Choláiste na hOllscoile, Chorcaí. Cloisimid Iarla Ó Lionáird is Julia Feeney ag canadh, Kate Eliis ar an dordveidhil is an West Cork Ukulele Orchestra i mbun aicsin. Tá rithimí na n-amhrán seo á dtiomáint ag buillí ón ‘gamelan,’ uirlis ceoil ó Java, go bhfuil gean ar leith ag Mercier dó. As fís dhána, oscail-aigeantach an stiúrthóra, fáisctear ceann de na halbaim is suimiúla a chualamar i mbliana.

babayofNoa Babayof – Blue Bound

Murach muintir Deserted Village, atá ag tabhairt tacaíochta d’amhránaithe tíre (sa chiall ‘folk’) le blianta fada anois, ní dócha go mbeadh cloiste agam faoin amhránaí seo ón Iosrael. Chuas i dteagmháil leí thart ar an dtráth seo anuraidh le cead a lorg uaithi amhrán léi a chur ar mo bhailiúchán ceoil ATT Vol 7.

Bhí feachtas á rith aici ag an am ag bailiú airgid chun íoc as a halbam úr Blue Bound, agus sheolas cúpla pingin ina treo. D’éirigh leis an bhfeachtas, sheol sí a halbam úr ar ais chugam agus táim faoi gheasa ag na hamhráin bhreátha shaibhre atá air ó shin i leith.

colleen-captain-of-none-artwork-by-iker-spozioColleen – Captain Of None

Chuireas aithne ar cheol Cécile Schott na Fraince, nuair a d’eisigh sí a céad albam Everyone Alive Wants Answers sa bhliain 2003. Ar dtúis, chumadh sí a cuid ceoil as lúbanna ó fhoinsí eile ach de réir a chéile, thosnaigh sí ag úsáid uirlisí ceoil, cosúil leis an dordveidhil, nó an veidhlín. I gcás an albaim seo, an viola da gamba atá curtha ag obair aici, uirlis a d’úsáidtí i gceol Barócach fadó. Ar ndóigh, baineann Schott úsáid as ar bhealaí difriúla, ag fáisceadh rithimí agus dordfhuaimeanna as. Tá mórán albam atá faoi thionchar an dub-cheol luaite agam ar an liosta áirithe seo agus seo ceann eile acu. Ó thaobh an obair léirithe de, is ó dub-cheol Iamaicé na 70-dí a fuair Schott a hinspioráid don bhfuaim theolaí atá le clos ar an albam seo.

10 rian:

Sufjan Stevens – Fourth Of July

Kendrick Lamar – King Kunta

>

Kolomon Trax – Trig Mix

Four Tet – Morning Side

Moon Ate The Dark – Sleepy Vipers

Donnie Trumpet & The Social Experiment – Miracle

Prequel Tapes – Inner Systems

Midaircondo – Veins

https://www.youtube.com/watch?v=Hn5ebZjKu1s

Ekoplekz – A Caustic Romance

Dean Blunt – On Wine, Hashish & Molly

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar 'Na 10 albam agus na 10 rian is fearr ó 2015…'