Mura bhfuil sé i mo leabhar agam, tá sé i mo mheabhair agam

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ní gá chuile shórt a bhreacadh síos i leabhar nótaí, a shíleann ár gcolúnaí agus slán á fhágáil aige de réir a chéile le teach a mhuintire 

Mura bhfuil sé i mo leabhar agam, tá sé i mo mheabhair agam

Céadghlao choileach na comharsan a chuir tús le mo lá maidin inniu.

Is minic cheana a chuir mé mo mhallacht ar an gcoileach céanna ach na laethanta seo bím buíoch as; is é an chaoi go mbím i mo shuí roimhe, ach ní thugaim cead dom féin éirí go dtí go gcloisim ag scréachaíl é.

Tá an coileach sin ann ó bhí mé óg. Bhuel, tá mé nach mór cinnte nach é an coileach céanna a thug cead dom éirí ar maidin agus an coileach a dhúisíodh mé nuair a bhí mé i mo dhéagóir codlatach, ach bhí coileach éigin ann i gcónaí. Agus colúir.

Coileach agus colúir, sin iad fuaimeanna an tí seo, agus rith sé liom ar maidin agus mé i mo luí sa leaba ag éisteacht leo go bhfuil an lá ag druidim nach gcloisfidh mé iad feasta. Tá teach mo mhuintire á dhíol agam féin agus ag mo dheartháir óg agus faoi cheann trí mhí beidh cónaí orm áit éigin nach fios go fóill, i bhfad ó choiligh agus ó cholúir, gach seans.

Ar chóir dom fardal a dhéanamh d’fhuaimeanna an tí seo, a shíl mé liom féin sa leaba, liosta fada ina mbeadh cur síos ar dhíoscán na rachtaí, ar thiceáil aisteach an teasa lárnaigh, ar bhogbhualadh bhosa an chait ar dhoras an ghairdín, agus mar sin de.

Tá fuaim (mar aon le boladh, blas agus tadhall) fíorthábhachtach sa scríbhneoireacht ach is minic a dhéantar dearmad orthu toisc go gcuirtear oiread béime ar an radharc; is deas cur síos físiúil gan dabht ach ní mór na céadfaí ar fad a mhealladh.

Bheadh liosta dá leithéid áisiúil, a shíl mé liom féin, dá dteastódh uaim, amach anseo, saothar ficsin a scríobh a bheadh lonnaithe sa teach seo.

Ach ansin chuimhnigh mé ar na cóipleabhair ar fad a líon mé roimhe seo le nótaí faoi áiteanna ina mbíodh cónaí orm, fardail fhada agus cur síos iontu ar imir áirithe a bhíodh ar an spéir ag a leithéid seo a chlog ar maidin, ar bholadh a bhíodh ón gcladach agus é ina lag trá agus an ghealach lán, ar bhlas cháitheadh na farraige ar bheola.

Níor bhain mé úsáid astu riamh, na cóipleabhair chéanna. Maireann siad i mo chuimhne, na radharcanna, na fuaimeanna, na bolaithe, na blasanna agus na mothúcháin sin. An iarraidh seo, ní bhacfaidh mé le cartlann ar pháipéar. Mura bhfuil sé i mo leabhar agam, beidh sé i mo mheabhair agam.

Fág freagra ar 'Mura bhfuil sé i mo leabhar agam, tá sé i mo mheabhair agam'

  • Marcas

    Tá tú i ndiaidh bualadh ar an amaidí mhór lárnach bainte le litríocht inár saol comhaimseartha, is é sin, mar a dúirt Beckett – ‘An gá le cur in iúl… rud ar bith le cur in iúl.’ Nó, i bhfocail charactair dá chuid Mercier – ‘Fiú taobh le taobh… mar anois, sciathán le sciathán, lámh ar lámh, na cosa ag bogadh in éineacht, tá muid trína chéile le níos mó imeachtaí ná a chuirfí i leabhar mór ramhar, dhá leabhar mhóra ramhar, do leabhar mór ramhar féin agus mo leabhar mór ramhar. Agus is mar gheall air sin, gan amhras, go mbíonn an mothú naofa úd againn de rud ar bith, rud ar bith le déanamh, rud ar bith le rá.’