Cá háit a gcónódh scríbhneoir? Fan go fóill…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: tá ár gcolúnaí ag tóraíocht tí  

Cá háit a gcónódh scríbhneoir? Fan go fóill…

Táim ag cuardach árasáin.

Anois agus an teach ina raibh mé i mo chónaí le bliain agus trí ráithe anuas ar díol tá orm áit chónaithe nua a aimsiú dom féin, do mo chuid leabhar, agus do mo cheird – an scríbhneoireacht.

Cá háit a gcónódh scríbhneoir?

Íorónta go leor, i dteach den chineál a bheidh á fhágáil i mo dhiaidh agam i gceann cúpla mí. Cumadóir ceoil – scríbhneoir de chineál eile – a bhí i m’athair agus is maith a thuigim cén fáth ar roghnaigh mo mhuintir an teach inar fhás mé aníos breis agus leathchéad ó shin: dóthain spáis chun clann a thógáil, ach dóthain spáis freisin chun teitheadh ón gclann chéanna má bhí siansa le cumadh.

Ach tá an teach rómhór domsa, agus róshean lena chois (fiú dá n-éireodh liom sciar mo dhearthár óig a cheannach, agus sin ceist eile.)

Ní hionann agus m’athair, níl aon mhaith liom leis an gcasúr agus leis an sábh. Tá go leor oibre le déanamh ar an teach agus chosnódh sé oiread ama agus airgid orm caoi a chur ar an áit gur ar mhaithe leis an teach a bheinn beo; is ar éigean a bheadh fuinneamh fágtha agam chun a bheith i mbun pinn.

Árasán nach mbíonn mórán oibre le déanamh air, a d’fhéadfainn a ghlanadh maidin Dé Sathairn agus a bheith réidh leis don tseachtain, sin é atá uaim. Ach cá háit?

An botún a rinne mé ar dtús ná dul ag tóraíocht tí le teann faitís; bhí mo ghéarchéim thithíochta phearsanta féin ag teacht idir mé agus codladh na hoíche. Bhreathnaigh mé ar roinnt árasán i mbruachbhailte dearóile ach inacmhainne.

Mo chara, fear bhun an bhóthair, a chuir stop liom.

‘Rachfása glan as do mheabhair le teann leadráin in áit mar sin. Scríbhneoir thú. Ní mór duit soláthar rialta d’íomhánna, fuaimeanna agus bolaithe spreagúla a bheith agat.’

Bhí dearmad glan déanta agam ar an méid sin, d’ainneoin gur thug mé féin an chomhairle chéanna ar na leathanaigh seo níos mó ná uair nó dhó.

Rith sé liom, leis, gurbh fhéidir go bhfuil an chomharsanacht chodlatach ina bhfuil cónaí orm faoi láthair ar cheann de na cúiseanna nár scríobh mé oiread agus gearrscéal nua ó bhog mé isteach i dteach mo mhuintire go sealadach anuraidh.

An ciúnas ar an gcúlráid a shantaigh m’athair agus a chuid nótaí ceoil á mbreacadh ar pháipéar aige, ní hé a shantaímse.

Ní ‘cá háit a gcónódh scríbhneoir?’ an cheist ba chóir dom a chur, ach ‘cá háit a gcónódh an scríbhneoir áirithe seo?’

Cé hiad na híomhánna, na fuaimeanna agus na bolaithe a spreagfadh i mbun pinn in athuair mé?

Shocraigh mé céim siar a thógáil ón gcuardach le go bhfaighidh mé léargas níos leithne agus tuiscint níos doimhne ar an gceist sin. Rith sé liom go bhfuil a leithéid de rud ann agus réiteach sealadach: mo chuid stuif a shacadh isteach in ionad stórais agus dul ag fánaíocht tamall, féachaint cá dtabharfaidh gaotha an tsaoil mé.

Fág freagra ar 'Cá háit a gcónódh scríbhneoir? Fan go fóill…'

  • Peter Groarke

    Tá súil agam go bhfaighidh tú áit éigin oiriúnach a dhuine – agus go leanfar an scríbhneoireacht!

  • Pádraig

    Scrígh Pádraig Ó Conaire ‘M’Asal Beag Dubh’ agus é ag fálróid ar na bóithre. Fear a thug fairsinge slí dó féin i gcónaí.
    Fiaire feá digiteach…?