Muintir Thoraí le vótáil amárach faoi mholtaí thuairisc Uí Ghallchóir maidir le haighneas an ‘Queen of Aran’

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta fáilte tráthnóna roimh thuairisc Phóil Uí Ghallchóir maidir leis an gconspóid faoi sheirbhís farantóireachta Thoraí agus dúirt an tAire go raibh súil aige gur 'bunchloch do réiteach' a bheadh inti

Muintir Thoraí le vótáil amárach faoi mholtaí thuairisc Uí Ghallchóir maidir le haighneas an ‘Queen of Aran’

Tá muintir Thoraí le vótáil amárach faoi na moltaí atá i dtuairisc nua a réitíodh mar iarracht leigheas a fháil ar an gconspóid faoi sheirbhís farantóireachta an oileáin.

Ní fios fós cé mhéid duine a bheas i dteideal vóta a chaitheamh amárach ná cé acu an mbeidh an vótáil teoranta do dhaoine atá ina gcónaí ar an oileán nó an mbeidh cead vótála freisin ag daoine de bhunadh an oileáin nach bhfuil ina gcónaí ann.

Eagraíodh cruinniú faoin ábhar anocht ar oileán Thoraí chun deis a thabhairt do mhuintir an oileáin moltaí na tuairisce a réitigh Pól Ó Gallchóir, iarcheannasaí TG4, i dtaobh na conspóide a phlé.

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh fáilte tráthnóna roimh thuairisc Uí Ghallchóir agus dúirt an tAire go raibh súil aige gur “bunchloch faoi réiteach” a bheadh inti.

Dúirt sé nach mbeadh aon ráiteas eile á dhéanamh aige faoin scéal nó go mbeadh “mionscrúdú” déanta aige ar an tuarascáil.

Ceapadh iarcheannasaí TG4, atá ina Chathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge, mar idirghabhálaí idir an Roinn agus Comharchumann Thoraí an tseachtain seo caite agus leagadh mar chúram air tuairisc a chur le chéile chun iarracht a dhéanamh leigheas a fháil ar an aighneas maidir leis an tseirbhís farantóireachta.

Tá seachtain caite ag Ó Gallchóir i mbun cruinnithe leis na grúpaí éagsúla atá sáite san aighneas: Seámus Boyle ar leis an comhlacht ‘Réalt na Maidne’ ar bronnadh an conradh air an tseirbhís a chur ar fáil; Comharchumann Thoraí; agus Roinn na Gaeltachta.

Dhearbhaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le déanaí nach raibh aon dul siar ar an gcinneadh go rachaidh an ‘Queen of Aran’ i mbun seirbhís farantóireachta oileán Thoraí ón 1 Aibreán.

Tá ráite ag muintir Thoraí go gcuirfidh siad bac ar ché an oileáin an lá sin má dhéanann an bád farantóireachta iarracht teacht go dtí an t-oileán agus iad den tuairim go bhfuil an bád  róshean agus nach bhfuil sí sábháilte dá bharr.

Tá muintir an oileáin ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an conradh seirbhíse farantóireachta cúig bliana a bronnadh ar an gcomhlacht Réalt na Maidne, ar leo an ‘Queen of Aran’. Agus an chosúlacht ar an scéal nach raibh aon fhuascailt i ndán don aighneas cheap Roinn na Gaeltachta Ó Gallchóir mar idirghabhálaí agus chuaigh sé i mbun oibre an tseachtain seo caite.

Tuairiscíodh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna go raibh deich gcinn de mholtaí i dtuairisc Uí Ghallchóir, ina measc go nglacfaí leis an ‘Queen of Aran’ don tseirbhís farantóireachta. Moltar freisin go ndéanfaí seirbhís farantóireachta sciobtha a sholáthar do Thoraigh freisin, go mbeadh seoltaí níos minice ar fáil go dtí an t-oileán agus go gcuirfí seirbhís ingearáin rialta ar fáil do mhuintir an oileáin.

Tuairiscítear go bhfuil moladh sa tuairisc chomh maith go gcuirfí san áireamh tuairimí na n-oileánach féin agus aon  bhád úr á dhearadh don oileán. Moladh chomh maith go luafaí spriocdháta cinnte le tógáil agus le seoladh an bháid nua.  Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh sa Dáil an tseachtain seo go raibh súil aige go mbeadh a leithéid de bhád tógtha taobh istigh de 2-3 bliana.

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, an mhí seo gur faoi Oifig an tSuirbhéara Mhuirí atá sé a rá an bhfuil an ‘Queen of Aran’ sábháilte nó nach bhfuil agus go raibh an Roinn “muiníneach” go bhfaighidh an bád teastas sábháilteachta ó Oifig an tSuirbhéara.

 

 

Fág freagra ar 'Muintir Thoraí le vótáil amárach faoi mholtaí thuairisc Uí Ghallchóir maidir le haighneas an ‘Queen of Aran’'