Muintir Theach Lóistín Ard na Gaoithe ar Oileán Chléire mórtasach as a ngradam All-Star

Bhuaigh Ard na Gaoithe, atá ar an oileán Gaeltachta amach ó chósta iarthar Chorcaí, gradam sa chomórtas náisiúnta bliantúil, na Business All-Stars

Muintir Theach Lóistín Ard na Gaoithe ar Oileán Chléire mórtasach as a ngradam All-Star

Eibhlín Uí Lionáin agus Tríona Ní Lionáin leis an Dr Bruiga Hynes on Kemmy Buisness School. Pictiúr: Keith Wiseman

Tá Gradam All-Star gnó buaite ag an teach lóistín Ard na Gaoithe ar Oileán Chléire as scoth na seirbhíse turasóireachta a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Tháinig Ard na Gaoithe, atá ar an oileán Gaeltachta amach ó chósta iarthar Chorcaí, sa chéad áit sa rannóg ‘Eispéireas Turasóireachta Gaeltachta’ sa chomórtas náisiúnta bliantúil Business All-Stars, a thugann aitheantas do ghnóthaí a bhaineann barr feabhais amach san earnáil ghnó.

Agus na buaiteoirí á bhfógairt aige ag ócáid bhronnta i bPáirc an Chrócaigh le déanaí, dúirt Leas-Chathaoirleach na moltóirí Kieran Ring gur roghnaíodh Ard na Gaoithe tar éis ceithre bhabhta dianiomaíochta.

“D’fhág an t-iarratas láidir, na teistiméireachtaí, an t-agallamh agus rátaí sástachta an ‘mystery shopper’ nach raibh aon amhras ar an bpainéal moltóireachta ach go raibh an chreidiúint seo tuillte ag teach lóistín Ard na Gaoithe.”

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Eibhlín Uí Lionáin, úinéir Ard na Gaoithe, go raibh sí “thar a bheith bródúil” gur éirigh lena teach lóistín Gaeltachta an t-aitheantas seo a fháil.

“Táimid thar a bheith bródúil gur éirigh linn sa chomórtas seo. Mothaímid go bhfuil tacaíocht ann do ghnóthaí beaga cosúil linne agus go bhfuil sé ar ár gcumas dul san iomaíocht leis na gnóthaí is mó in Éirinn.

“Mothaímid go bhfuil sé d’acmhainn againn freisin eispéireas cultúrtha níos doimhne a sholáthar do thurasóirí toisc go labhraímid Gaeilge leo ar an gcéad dul síos. Labhraímid Gaeilge sa bhaile, is fearr linn é sin agus is breá linne gnó a dhéanamh trí Ghaeilge,” ar sí.

Dúirt Uí Lionáin go bhfuil sé “an-tábhachtach” go mbeadh faill ag daoine an Ghaeilge a úsáid sa ghnáthshaol “lasmuigh den chóras oideachais” agus go dtugann Ard na Gaoithe a leithéid de dheis d’Éireannaigh agus d’eachtrannaigh araon.

“Is deis iontach é seo an scéal a scaipeadh go forleathan go bhfuil fáilte roimh Ghaeilge anseo, agus is deis é do thurasóirí iad féin a thumadh ina gcultúr féin agus iad ar saoire ar an oileán Gaeltachta is áille agus is faide ó dheas in Éirinn.”

Deir Uí Lionáin gurb iad na rudaí is mó a mheallann turasóirí chun seal a chaitheamh in Ard na Gaoithe, an tírdhreach álainn, an bia, na huibheacha feirme agus na ranganna Gaeilge a chuireann muintir Uí Lionáin ar fáil.

Dúirt sí go bhfuil forbairtí beartaithe eile sna míonna amach romhainn chun níos mó deiseanna a thabhairt don chuairteoir Gaeilge a úsáid.

“Beidh rianta as Gaeilge ar fáil ar ár suíomh idirlín go luath, ar féidir leis an turasóir éisteacht leo, agus iad a chleachtadh sula dtagann siad chugainn.”

Fág freagra ar 'Muintir Theach Lóistín Ard na Gaoithe ar Oileán Chléire mórtasach as a ngradam All-Star'

  • Stilla

    Tréaslaím le Muintir Theach Lóistín Ard na Gaoithe ar Oileán Chléire a ngradam. Guím rath orthu.