Muintir na hAlban ag dul chun na botháin vótála ar lá cinniúnach don ‘neamhspleáchas’ 

Má éiríonn leis an SNP agus na páirtithe eile atá i bhfách leis an neamhspleáchas tromlach a bhaint amach, beidh cinneadh crua le déanamh ag Boris Johnson

Muintir na hAlban ag dul chun na botháin vótála ar lá cinniúnach don ‘neamhspleáchas’ 

D’fhéadfadh gur cor cinniúna a bheas i dtoghchán an lae inniu in Albain dóibh siúd a bhfuil dúil gan sásamh acu i neamhspleáchas na tíre sin.

Is dócha ná a mhalairt go mbeidh Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba

(an SNP) ar an bpáirtí is mó sa Pharlaimint i ndiaidh an chomhairimh, mar atá faoi láthair.

Tá geallta níos airde á n-imirt an geábh seo, áfach, mar go mbeidh an páirtí ag éileamh reifrinn eile ar neamhspleáchas na tíre má éiríonn leo tromlach iomlán a bhaint amach. Rialtas mionlaigh, le tacaíocht ó na Glasaigh, atá ann faoi láthair.

Cé gur glacadh leis gur deis aon uaire a bhí i reifreann neamhspleáchais na bliana 2014, maíonn an SNP go bhfuil an Ríocht Aontaithe athraithe ó bhonn anois de bharr an Bhreatimeachta.

Vótáil 62% de phobal na hAlban in éadan an Bhreatimeachta agus táthar ag maíomh anois go mb’éigean dóibh an tAontas Eorpach a fhágáil in éadan a dtola.

Tá uirlis chatha eile ag an SNP an iarraidh seo freisin – an dea-láimhseáil a mheastar a rinne siad ar an bpaindéim. De réir socruithe na déabhlóide, thit sé ar Rialtas na hAlban dul i ngleic le géarchéim an Covid-19 agus glactar leis gur éirigh i bhfad Éireann níos fearr leo ná mar a d’éirigh le rialtas Bhoris Johnson sa chúram.

Cé go bhfuil moladh mór á fháil ag Príomh-Aire na Breataine as straitéis vacsaínithe a rialtais, is persona non grata é taobh thuaidh de Ghretna Green agus ní raibh sé le feiceáil in Albain le linn an fheachtais go fiú.

Ba é sin an chéad uair ó bunaíodh an Pharlaimint i 1999 nár ghlac Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe páirt sa bhfeachtas. Maíonn Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon, nach mbeifear ábalta an tír a atógáil mar ba mhaith leo tar éis na paindéime –  is é sin mar chuid den Aontas Eorpach.

De réir na bpobalbhreitheanna is deireanaí, ba mhaith le tromlach na vótóirí go gcuirfí ceist an neamhspleáchais ar leataobh go dtí go mbeidh deireadh tagtha leis an bpaindéim. Ceist eile ar ndóigh ná cé a shocróidh cén uair a bheas deireadh leis an ngéarchéim agus is léir go mbeidh turas fada ann sula mbainfear ceann scríbe amach.

Toghfar 129 feisire chun na Parlaiminte, ach de bharr na paindéime ní thosófar an cuntas go dtí maidin amárach, Dé hAoine. Ba é an gnás roimhe seo go dtosófaí ag comhaireamh a luaithe is a dhruid na botháin vótála ag 10pm.

Seans nach mbeidh na torthaí iomlána ar fáil go dtí Dé Satharn nó Dé Domhnaigh seo chugainn. Bíonn dhá pháipéir ballóide le líonadh ag vótóirí na hAlban – ceann le haghaidh feisirí toghcheantair agus ceann eile le haghaidh toghchán réigiúnda. Toghfar 73 feisire sa chéad vóta ach roghnaítear páirtithe seachas daoine sna toghcháin réigiúnda. Roinntear an 56 suíochán réigiúnda de réir an rath a bhíonn ar na páirtithe éagsúla sa bhallóid sin.

Ní gnáth-thoghchán é seo sa mhéid is go bhfuil cuid den toradh ar eolas againn roimh ré.

Tá sé níos deacra tuar cruinn a dhéanamh an éireoidh leis an SNP an tairseach a leag siad amach dóibh fhéin a bhaint amach de bharr nach raibh an ghnáthstocaireacht ar bun le linn an fheachtais de bharr srianta scaradh sóisialta.

Tá teachtaireachtaí contrártha ag teacht ó na pobalbhreitheanna, áfach, maidir le toradh an toghcháin. De réir pobalbhreith a foilsíodh i nuachtán The Scotsman Dé Céadaoin, bainfidh an SNP 59 suíochán Parlaiminte, ceithre cinn níos lú ná mar atá acu faoi láthair. Ní mór 65 suíochán a bhuachan le tromlach a bhaint amach ach meastar go bhfaighidh na Glasaigh naoi suíochán (tá 9% de thacaíocht acu ar an liosta réigiúnda). D’fhágfadh sé sin go mbeadh tromlach sa Pharlaimint ag na páirtithe atá ag éileamh reifrinn nua.

A mhalairt de thuar a rinne pobalbhreith a foilsíodh in The Times Dé Máirt, a mhaígh go mbuafadh an SNP ceithre shuíochán níos mó ná mar atá acu i láthair na huaire. Is beag údar dóchais a bhí i gceachtar den dá phobalbhreith do ghluaiseacht an neamhspleáchais, áfach, agus an dá cheann ag tuar go mbeadh an toradh céanna ann a bheag ná a mhór is a bhí ag Indyref a hAon dá mbeadh reifreann eile ann amárach – sé sin 55% ina éadan agus 45% ar a shon.

Is beag atá in ndán d’Alba, páirtí nua Alex Salmond, más fíor do na pobalbhreitheanna.

Tá sé ráite arís is arís eile ag Boris Johnson nach gceadóidh sé reifreann eile ar ór ná airgead.

Ach má éiríonn leis an SNP, nó go deimhin leis na páirtithe atá i bhfách leis an neamhspleáchas, tromlach a bhaint amach, beidh cinneadh crua le déanamh aige. Chuirfí ina leith go bhfuil sé ar aon dul le Donald Trump mar nach mbeadh sé sásta glacadh le toradh toghcháin.

Tá reifreann gan beannacht ó Westminster, nó gan údarás idirnáisiúnta, faoi mar a tharla sa Chatalóin, curtha as an áireamh ag Nicola Sturgeon.

Mar sin de is dócha gur sna cúirteanna a shocrófaí an cheist i ndeireadh ama. Rithfidh an SNP bille um reifreann i Holyrood [Taigh an Ròid] sna blianta beaga amach romhainn agus ina dhiaidh sin beidh orthu é a chosaint i ndúshláin chúirte.

D’fhéadfadh go mbeadh traidhfil blianta i gceist leis an bpróiseas, tréimhse ina mbeadh lucht an neamhspleáchais ag bailiú nirt.

Os a choinne sin, is fear é Boris Johnson a théann sa tseans, agus dar le daoine áirithe, d’fhéadfadh sé tarlú go gceadódh sé reifreann sciobtha, ag am a mbeadh seans maith aige é a bhuachan.

Fág freagra ar 'Muintir na hAlban ag dul chun na botháin vótála ar lá cinniúnach don ‘neamhspleáchas’ '

  • S. Mac Muirí

    Ní baol go bhfógróidh BJ daonbhreith ar an neamhspleáchas gan choinne. Nuair a d’fhág sé iad ar a n-ábhar féin le linn an fheachtais is cosúil go dtuigeann sé chomh dodach is atá siad in Albain cheana féin. Beidh 70-80 feisirí ar son na saoirse acu faoi cheann na seachtaine, tá súil as agam, 7 beidh ceacht nó dhó le foghlaim ag daoine abhus uathu sna blianta amach romhainn.