Muintir na Gaeltachta ‘á ligean síos go dona’ ag an Rialtas agus bainistíocht na nGardaí – GRA

Deir Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána go bhfuil an Garda Síochána ag loic ar mhuintir Chonamara ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh líon na nGardaí atá ar dualgas ann

Muintir na Gaeltachta ‘á ligean síos go dona’ ag an Rialtas agus bainistíocht na nGardaí – GRA

Deir an GRA go bhfuil go bhfuil ag teip ar an nGarda Síochána seirbhís cheart a chur ar fáil do mhuintir Chonamara ina dteanga féin. 

Deir Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána go bhfuil ag teip ar an gcóras atá in ainm is a chinntiú go bhfuil dóthain Gardaí a bhfuil Gaeilge acu ar dualgas i gceantair Ghaeltachta. 

Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt Dermot O’Brien, Ionadaí an GRA do Rannóg na Gaillimhe, nár oibrigh ‘an sruth Gaeilge’ a bhíonn ag an nGarda Síochána ina bhfeachtais earcaíochta “ar chor ar bith”.  

Anuas air sin, tá fadhb eile ann faoi láthair le Gardaí atá ag iarraidh bogadh ar ais go Conamara agus chuig na Gaeltachtaí eile, a deir O’Brien. Deir na Gardaí nach bhfeileann sé go gcuirfí Gardaí óga chuig stáisiúin bheaga tuaithe.   

“Deirtear go bhfuil siad róshóisearach,” arsa Dermot O’Brien. “Cén fáth, mar sin, ar earcaíodh iad sa chéad áit? Is gimic eile ón rialtas atá ann. Níl sé de rún acu iad a bhogadh ar ais chuig na Gaeltachtaí ar chor ar bith.” 

“Níl seirbhís cheart póilíneachta ag muintir Chonamara mar a sheasann sé, mar gheall ar easpa acmhainní agus easpa pearsanra. Anois níl aon Ghaeilgeoirí ann, agus is fadhb eile ar fad é sin.” 

“Tá an Rialtas agus bainistíocht na nGardaí tar éis muintir Chonamara a ligean síos go dona,” ar sé. 

Idir 2013-2020 55 Garda ar fad a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge, an córas a bunaíodh seacht mbliana ó shin chun cur le líon na nGardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht. 

Triúr a earcaíodh trí “sruth Gaeilge” an Gharda Síochána a cuireadh ar dualgas i stáisiúin Ghaeltachta le linn na tréimhse sin. 

“Tá bainistíocht na nGardaí ag rá nach bhfuil siad ag fáil a ndóthain daoine le Gaeilge, ach dar liom, níl siad ag déanamh a ndóthain earcaíochta,” a deir Dermot O’Brien.  

Dúirt O’Brien go mbíonn Ard-Cheannfort Rannóg an Gharda Síochána i nGaillimh ‘i gcónaí ag lorg acmhainní’. 

Deir an GRA nach bhfuil ach naonúr Gardaí lonnaithe i gConamara, idir Charna, Ros Muc, Leitir Móir, An Cheathrú Rua, Indreabhán agus an Spidéal. 

Tá laghdú 50% tagtha ar an bhfoireann ar an gCeathrú Rua agus níl aon sáirsint lonnaithe ann ar chor ar bith anois.  

Laghdú 33% atá tagtha ar líon na Gardaí i gConamara, a deir O’Brien. 

Maidir leis na hOileáin Árainn, cuireadh plean gnó le chéile chun iarracht a dhéanamh an dara Garda a fháil ar na hoileáin, rud atá “ag teastáil go géar”, dar le Dermot O’Brien. 

Diúltaíodh don phlean seo cé go bhfuil easpa acmhainní ar Oileáin Árainn ó thaobh na seirbhíse póilíneachta de, a deir O’Brien. 

Bhí easpa acmhainní Gardaí i gceantair thuaithe agus i gceantair Ghaeltachta ar nós Chonamara á phlé ag Comhdháil Bhliantúil Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána (GRA) a bhí ar siúl i gCathair na Mart an tseachtain seo caite. 

Fadhb mhór eile, a deir an GRA, an Múnla Oibriúcháin Póilíneachta (Operating Policing Model) nua atá le teacht i bhfeidhm i nGaillimh i mí Mheán Fómhair. Is “ábhar mór imní” é seo, dar le Dermot O’Brien, Ionadaí an GRA do Ghaillimh. 

Faoin múnla nua eagraíochta seo, beidh Stáisiún na nGardaí i mBóthar na Trá faoin sainchúram céanna le cathair na Gaillimhe, agus beidh ceantar Chonamara ar fad faoin sainchúram céanna le hÓrán Mór, Baile Chláir na Gaillimhe, Baile Átha an Rí agus go leor ceantar eile. 

“Níl aon dabht ach go ndéanfar dearmad glan ar Chonamara má tharlaíonn sé seo,” a deir O’Brien. “Ní bheidh an Ceannfort in Órán Mór buartha faoin méid a bheidh ag tarlú i gConamara. Beidh áiteanna ina bhfuil daonra mór, ar nós Dabhach Uisce in oirthear na cathrach, faoina gceannas, agus táim ag rá leat nach dtabharfar aon aird ar Chonamara má tharlaíonn an múnla nua seo.  

“Ba cheart go mbeadh Bóthar na Trá agus Conamara faoin sainchúram céanna, ní dhéanann sé ciall ar bith é a dhéanamh ar an mbealach seo,” a deir Ionadaí an GRA do Ghaillimh. 

Deir an Garda Síochána go bhfuil iarracht ar siúl acu cás na Gaeilge ina seirbhís a fheabhsú. Bunaíodh anuraidh Coiste nua Gaeilge a bhfuil an Coimisinéir Drew Harris ina chathaoirleach air agus foilsíodh staritéis nua don teanga. 

Deir Harris go bhfuil an fórsa “lántiomanta” do chomhlíonadh a ndualgais reachtúla teanga “dírithe ar sholáthar seirbhísí dátheangacha a fheabhsú dár bpobail Ghaeltachta”.  

Shocraigh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais anuraidh mar nár chuir an Garda Síochána i bhfeidhm riamh moltaí i leith na Gaeilge a bhí in imscrúdú a rinneadh deich mbliana roimhe sin, in 2011.  

Tá ardú breis is 250% tagtha ar líon na n-iarratas a rinneadh ar phost sna Gardaí faoin sruth Gaeilge. 

De réir eolas nua a thug an tAire Dlí agus Cirt i dTeach Laighean inniu, 10,000 iarratas ar fad a fuarthas sa bhabhta earcaíochta is déanaí ag an nGarda Síochána agus 466 iarratas a fuarthas faoin sruth Gaeilge. B’ionann líon na n-iarratas a rinneadh ar an sruth Gaeilge agus 4.7% de líon iomlán na n-iarratas. 

Tháinig ardú breis is 250% ar líon na n-iarratas a rinneadh ar phost sna Gardaí faoin sruth Gaeilge as bhabhta deireanach earcaíochta a bhí ag na bhfórsa. 

10,000 iarratas ar fad a fuarthas sa bhabhta earcaíochta ag an nGarda Síochána i mbliana agus 466 iarratas a fuarthas faoin sruth Gaeilge. B’ionann líon na n-iarratas a rinneadh ar an sruth Gaeilge agus 4.7% de líon iomlán na n-iarratas. 

132 iarratas a rinneadh faoin sruth Gaeilge le linn an chomórtais earcaíochta dheireanaigh in 2019. 5,000 iarratas ar fad a rinneadh an uair sin. Fágann sin gurb ionann líon na n-iarratas a rinneadh ar an sruth Gaeilge in 2019 agus 2.6% de líon iomlán na n-iarratas. 

Den 132 iarratasóir a chuir isteach ar an Sruth Gaeilge in 2019, níor earcaíodh ach triúr acu faoi dheireadh. 

Faoin Sruth Gaeilge, cuireann an Garda Síochána 10% de na háiteanna ar leataobh d’iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa acu. 

Ghéill Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris anuraidh, áfach, nach raibh an córas sin ag obair. Tugadh le fios ag an am nár earcaíodh ach 55 Garda tríd an Sruth Gaeilge ó cuireadh tús leis in 2013 agus nach raibh ach triúr acusan ar dualgas sa Ghaeltacht.  

Sular sheol na Gardaí an feachtas earcaíochta is déanaí dá gcuid níos túisce i mbliana dúradh go raibh sé ar cheann de na feachtais is cuimsithí ar thug an eagraíocht faoi riamh agus go mbeadh béim ar leith ar dhaoine ón nGaeltacht agus cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh. 

Fág freagra ar 'Muintir na Gaeltachta ‘á ligean síos go dona’ ag an Rialtas agus bainistíocht na nGardaí – GRA'