Mórsheoladh ‘File ar Fhile’ ar siúl i mBaile Átha Cliath anocht

Tá an tsraith leabhar ‘File ar Fhile’ ar cheann de na tograí aistrithe filíochta is mó riamh sa Ghaeilge

Mórsheoladh ‘File ar Fhile’ ar siúl i mBaile Átha Cliath anocht

Seolfar i mBaile Átha Cliath anocht File ar Fhile ó Chois Life, ceann de na tograí aistrithe filíochta is mó riamh sa Ghaeilge. 

Is iad na leabhair sa tsraith speisialta ná Dánta Arthur Rimbaud le Liam Ó Muirthile, Dánta Andréé Chedid le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, Dánta Antonio Machado le Tomás Mac Síomóin, Dánta Antonell Anedda le hEiléan Ní Chuilleanáin agus Dánta Erich Fried le Gabriel Rosenstock.

Is é Dánta Arthur Rimbaud an leabhar deireanach ó pheann Liam Uí Mhuirthile, an file aitheanta a bhásaigh anuraidh.

Beidh an ceathrar filí eile a rinne na haistriúcháin don tsraith ag plé a saothair ag seoladh na hoíche anocht atá á heagrú ag Cois Life i gcomhar le hIMRAM, ILFD agus Éigse Éireann. I gceannáras Éigse Éireann ar Chearnóg Pharnell a bheidh an ócáid ar siúl.

Léifidh Doireann Ní Bhriain dánta as na cnuasaigh nua agus beidh tionlacan ceoil leo ó Cholm Ó Snodaigh chomh maith le híomhánna le Margaret Lonergan.

Beidh an scoláire Caoimhín Mac Giolla Léith sa chathaoir agus na haistritheoirí ag plé a gceirde.

Níl ach 300 cóip de gach leabhar foilsithe agus uimhir ar gach ceann acu. Clúdach éadaigh ar ardchaighdeán atá ar na leabhair.

– Is féidir ticéad a fháil do mhórsheoladh File ar Fhile anseo.

Fág freagra ar 'Mórsheoladh ‘File ar Fhile’ ar siúl i mBaile Átha Cliath anocht'