File domhanda ina dhearcadh ab ea Liam Ó Muirthile, duine ilchultúrtha

Duine ilchumasach ab ea é Liam Ó Muirthile, mar fhile, mar iriseoir, mar úrscéalaí, mar dhrámadóir, mar chraoltóir agus mar chriticeoir, a deir a chara is a chomhfhile Gabriel Rosenstock

File domhanda ina dhearcadh ab ea Liam Ó Muirthile, duine ilchultúrtha

An chéad uair a bhuaileas le Liam Ó Muirthile (1950 -2018) ba i mbialann Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh é. Bhí roinnt dánta aige ina ghlac, aistriúcháin a dhein sé ar an bhfile Francach Jacques Prévert. Ag lorg mo thuairime mar gheall orthu a bhí sé. Thugas uchtach dó.‘Tá siad ar fheabhas, a bhuachaill!,’ arsa mise leis. Agus bhí. I ndeireadh a oilithreachta ar an saol seo, thosnaigh sé ag cur suime arís, mar aistritheoir, i bhfilíocht na Fraincise, go háirithe filíocht ‘Négritude’ choilíneachtaí is iarchoilíneachtaí na Fraince.

Is gá é seo a rá – file domhanda ina dhearcadh ab ea an Muirthileach, duine ilchultúrtha – duine ar gheal leis gach paróiste in Éirinn ach nach dtaobhódh leis an bparóisteachas go deo.

Aithne file ar fhile eile a bhí agamsa ar Liam agus nuair a d’iarr sé orm Béarla a chur ar a chuid dánta, thoilíos láithreach – agus le paisean! – mar gur theastaigh uaim go gcloisfí a ghlór suaithinseach i bhfad is i gcéin. Chuamar chun na hIndia le chéile agus roinneas na haistriúcháin a dheineas ar dhánta Liam le haos dána na tíre sin. Scríobh duine acu chugam, Anand Thakore: ”Been enjoying your translations of Liam’s poems immensely – they’re utterly direct, lyrical and convincing . . .” Ar iarratas uaimse d’aistrigh Liam dánta leis an bhfile Sitanshu Yashaschandra don díolaim Briathar á Dhéanamh as Anáil agus bhuaileadar lena chéile nuair a bhí Liam thall san India.

Bhí an-áthas orm nuair a d’iarr Liam Carson, stiúrthóir IMRAM, ar an Muirthileach a bheith mar aistritheoir ar an iliomad togra i gcaitheamh na mblianta, amhráin Jacques Brel cuir i gcás, á gcanadh le gus ag Hilary Bow agus Doimnic Mac Giolla Bhríde. Theastaigh uainn ligint orainn go raibh cónaí orainn i dtír a mbeadh seónna den sórt sin mar ghnáthlón cultúrtha ag daoine. Níl aon rud cearr leis an aisling sin, an bhfuil?

Thugas duine ilchultúrtha ar Liam: duine ilchumasach ab ea é dá réir, mar fhile, mar iriseoir, mar úrscéalaí, mar dhrámadóir, mar chraoltóir agus mar chriticeoir. Is trua, ar go leor bealaí, nár iarradh air i bhfad níos mó aistí critice a scríobh. Féach ar an abairt seo, mar shampla, as A New View of the Irish Language (Cois Life 2008):

“In the world of poetry in Irish – a compass without co-ordinates – each poet marks out an individual point without making the compass whole.”

Tá éirim neamhchoitianta san abairt sin agus san aiste sin uaidh ar an nuafhilíocht trí chéile. Sa leabhar deireanach a tháinig óna pheann, Camino de Santiago, (Cois Life 2018) dánta beaga glé i nGaeilge, Béarla, Spáinnis agus Gailísis, dánta a neartóidh a cháil a thuilleadh mar fhile agus mar fhear ilchultúrtha, tá dán ceithre líne dar teideal Slí Eile:

Slí eile a ghabhas riamh

a chruthaigh a comharthaíocht féin;

slí nár léir i gcónaí a brí,

slí filí.

Teistiméireacht ó fhíorfhile is ea é sin, teanntás agus féinamhras fite fuaite ina chéile. Seáp a thugamar faoin dtír roinnt blianta ó shin chun freastal ar léiriú ar dhráma de chuid Chathail Uí Shearcaigh, chuir sé ionadh an domhain orm an cur amach a bhí ag Liam ar an mbóthar agus ar stair na gceantar a ngabhamar tríothu. Ar ndóigh, ba chuid de thraenáil na bhfilí fadó é eolas domhain a chur ar an dinnseanchas.

Bhí fiosracht iontach ag baint le Liam, mar is dual d’iriseoir agus mar is dual d’ealaíontóir araon. Bhí dánta as a mhórchnuasach Fuíoll Feá á dtaifeadadh againn i stiúideo Iarla Uí Lionáird agus lá dúinn ar an mbóthar baineadh stangadh asainn beirt: an boc seo ar thaobh an bhóthair agus sionnach beo ar a ghualainn aige. B’éigean dúinn stopadh láithreach agus forrán a chur ar an neach aisteach sin. B’in scéal Liam: bhí scéal éigin an-suimiúil ann i gcónaí, pé áit a mbeifeá, ach stopadh agus fios fátha an scéil a lorg.

Bhí sé lán de scéalta, lán de phleananna. Sa bhliain 2013 scríobh sé chugam mar a leanas:

“Cad déarfá le léamh poiblí a dhéanamh ar An Choiméide Dhiaga – Gaeilge, Iodáilis, Béarla – mar mhír ar chlár Imram 2014?”

Bhuel, níor tharla an ócáid sin. Ná a lán ócáidí eile. Ach tharla méid áirithe, bí cinnte de – agus beidh Éire buíoch díot, a Liam! Shiúil tú an tslí a bhí romhat, mar a scríobhais sa leabhar deireanach uait, an féirín gleoite deireanach a fuaireas uait, Camino de Santiago:

 

Tá sé ar fad romhainn

Ar an tslí.

 

Guím

Go n-éireod gach lá le fonn

Tabhairt faoi,

 

Is mura bhfuil fonn féin orm

Nach ngéillfead aon lá

Don lagbhrí.

 

Turas na slí.

La amháin sa turas

Iomlán mo ghuí.

 

Áiméan!

 

Fág freagra ar 'File domhanda ina dhearcadh ab ea Liam Ó Muirthile, duine ilchultúrtha'

  • Eoghan Harris

    Maith thu Gabriel: thug tu an omos a bhi tuillte ag Liam mar fhile, gan dearmhad a dheanamh ar an gra agus an greann.

  • Liam Ó Cathail

    Brón ar an mbás is é dhubh mo chroíse… Comhleacaí, iriseoir, scríbhneoir – ach thar aon ní eile- file den scoth.

  • Micheal

    Ar dheis Dé go raibh Liam (RIP)
    Mícheál Ó hAodha

  • Ciarán

    Ráite go hálainn agat Gabriel.

  • Micheál Ó Máirtín

    Tá Liam ar oilithreacht eile anois. Crothnóidh muidinne atá fágtha a éirim agus a plean nach raibh coitianta.

  • Liam P Ó Murchú

    Blúire breá scríbhneoireachta ag Rosenstock ar Liam – neamhmhaoithneach, díreach, macánta. Is deas mar scríobh Eoghan Harris air chomh maith Dé Domhnaigh seo ‘migh tharainn.

  • Íte Ní Chionnaith

    Píosa álainn. Maith thú a Ghabriel.