Tá 83% de mhuintir na Breataine Bige bródúil as an Bhreatnais agus 67% díobh den tuairim gur cheart níos mó tacaíochta a thabhairt don teanga.
De réir mórshuirbhé náisiúnta a rinne rialtas na Breataine Bige i measc 11,000 duine, dúirt 67% den phobal gur chóir tacaíocht níos láidre a thabhairt don teanga.
Nuair a cuireadh an cheist chéanna i dtaobh na Gaeilge i bpobalbhreith abhus a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge níos túisce i mbliana, 66% den phobal ó dheas agus 47% den phobal ó thuaidh a bhí den tuairim gur cheart don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge.
Cé go bhfuil móramh suntasach mar sin, ar son na Breatnaise a chur chun cinn, tá líon na ndaoine a chreideann gur i neart a rachaidh an teanga sna blianta amach romhainn ina mionlach.
Níor aontaigh ach 40% (49% de chainteoirí Breatnaise agus 38% de dhaoine nach gcainteoirí Breatnaise iad) leis an ráiteas go mbeadh an Bhreatnais ‘níos láidre i gceann 10 mbliana’.
Dúirt 86% de chainteoirí Breatnaise gur chóir don Rialtas tacú níos láidre leis an teanga.
19% de dhaoine, os cionn 16 bliain, a dúirt go bhfuil labhairt na Breatnaise acu agus 11% a dúirt go bhfuil sí go líofa acu.
Dúirt 62% de na daoine a dúirt nach bhfuil Breatnais acu gur mhian leo í a labhairt agus dúirt 85% de dhaoine a raibh ‘cumas éigin’ acu sa teanga gur mhaith leo a bheith níos líofa.
Cuireadh ceisteanna ar 11,000 duine fásta sa suirbhé seo de chuid Rialtas na Breataine.
Cuireadh ceisteanna faoi ábhair éagsúla sa suirbhé náisiúnta, ina measc cúrsaí oideachais, sláinte, bochtaineachta, úsáid an idirlín chomh maith leis na ceisteanna faoin Bhreatnais.
Dúirt Tasmin Davis, urlabhraí ón eagraíocht Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumann na Breatnaise), go léiríonn na figiúirí go bhfuil “tacaíocht mhór” don Bhreatnais.
“Tá teachtaireacht shoiléir sna torthaí seo don rialtas – gur cheart dóibh a bheith cróga agus diongbháilte i gcur chun cinn na Breatnaise,” ar sí.
Dúirt Davis go bhfuil éileamh déanta ag gluaiseacht na Breatnaise ar oideachas trí mheán na Breatnaise a bheith ar fáil do gach páiste ar mian leo é, ar chearta daoine Breatnais a úsáid leis an earnáil phríobháideach agus ar dhílárú an BBC rud “a rachadh i dtreo normalú agus fás na craoltóireachta Breatnaise”.
“Tá sé in am go dtuigfeadh polaiteoirí go bhfuil tacaíocht an phobail ann dá leithéid,” a dúirt sí.
Dúirt Davis gur léirigh an scéala gur easaontaigh 60% leis an ráiteas go mbeadh an Bhreatnais níos láidre i gceann deich mbliana go gcreideann an móramh nach n-éireoidh le polasaithe teanga an rialtais.
Tá sé mar sprioc ag rialtas na Breataine Bige go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise ann faoin mbliain 2050. Anuraidh, sheol Céad-Aire na Breataine Bige Carwyn Jones agus an tAire Breatnaise Alun Davies Cymraeg 2050, cáipéis ina leagtar amach deich mbeart atá curtha rompu ag an rialtas leis an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach.
Baineann formhór na mbeart sa cháipéis le cúrsaí oideachais.
Fág freagra ar 'Móramh mór de mhuintir na Breataine Bige ar son na Breatnaise ach gan ach 40% dóchasach faoina bhfuil i ndán di'