Móramh mór ag Boris Johnson agus an bealach réitithe don Bhreatimeacht

Agus na Tóraithe ar tí an móramh is mó a bhí acu ó aimsir Margret Thatcher a fháil in olltoghchán Westminster, dúirt Boris Johnson gurb amhlaidh go raibh 'mandáid fhíorláidir' tugtha ag an bpobal dá pháirtí an Breatimeacht a chur i gcrích. I dtoghchán an Tuaiscirt ba é an scéal mór ná go bhfuair John Finucane ó Shinn Féin an ceann is fearr ar leascheannaire an DUP Nigel Dodds

Móramh mór ag Boris Johnson agus an bealach réitithe don Bhreatimeacht

Tá móramh mór faighte ag Boris Johnson in olltoghchán Westminster, toradh a réiteoidh an bealach don Bhreatimeacht roimh dheireadh mhí Eanáir.

Toghchán tubaisteach a bhí ann do pháirtí an Lucht Oibre agus Jeremy Corbyn a dúirt nach mbeadh sé ina cheannaire ar an bpáirtí don chéad olltoghchán eile. Chaill ceannaire eile, Jo Swinson na nDaonlathach Liobrálach, a suíochán.

Dúirt Boris Johnson gurb amhlaidh go raibh “mandáid fhíorláidir” tugtha ag an bpobal dá pháirtí an Breatimeacht a chur i gcrích.

I dtoghchán an Tuaiscirt ba é an scéal mór ná go bhfuair John Finucane ó Shinn Féin an ceann is fearr ar leascheannaire an DUP Nigel Dodds i mBéal Feirste Thuaidh. Buille tubaisteach ab ea é seo don DUP agus suíochán parlaiminte nach raibh i seilbh éinne riamh ach aontachtach caillte ag a gceannaire in Westminster. Ar an láimh eile, údar mór caithréime a bhí ann do Shinn Féin.

Tháinig laghdú áfach ar vóta Shinn Féin agus an DUP ar an iomlán agus mhéadaigh an céatadán den vóta a fuair Alliance agus an SDLP, ar éirigh leo dhá shuíochán a fháil ar ais, ceann ag a gceannaire Colum Eastwood sa bhFeabhal agus ceann ag Claire Hanna i mBéal Feirste Theas.

Ba é an chéad duine a toghadh ó thuaidh ná Stephen Farry a thug leis an suíochán sa Dún Thuaidh d’Alliance, páirtí ar tháinig borradh suntasach faoina vóta i gceantair éagsúla.

Cuirfidh a mhóramh ar chumas Boris Johnson fuascailt a fháil ar an tsáinn Breatimeachta in Westminster agus a margadh imeachta a chur tríd an bparlaimint.

Ní bheadh ansin ach tús aistir ar bhóthar casta crosta, áfach.

Tá geallta ag Johnson nach mairfidh an tréimhse eatramhach idirbheartaíochta níos faide ná deireadh na bliana 2020, ach measann mórán gur ar éigean go n-éireoidh leis an dá thaobh teacht ar mhargadh faoi chúrsaí trádála faoin am sin.

Nuair a fógraíodh toradh na pobalbhreithe iarvótála aréir ba léir gur bua mór a bhí i ndán do na Tóraithe agus go raibh drochlá amach is amach ag páirtí an Lucht Oibre. De réir na pobalbhreithe, bheadh an móramh is mó ag na Tóraithe ó bhuaigh Margaret Thatcher a tríú holltoghchán i 1987 agus bheadh níos lú suíochán ag páirtí an Lucht Oibre ná mar a bhí i ndiaidh aon toghchán ó 1935.

Nuair a tháinig na torthaí féin isteach ba léir go raibh smidiríní déanta ag na Tóraithe de ‘bhalla dearg’ pháirtí an Lucht Oibre i dtuaisceart Shasana agus go raibh ag éirí leo daoine ar béas leo vótáil do pháirtí an Lucht Oibre a mhealladh i gceantair sa Bhreatain Bheag agus i lár Shasana a bhí ar son an Bhreatimeachta.

Ba é an chéad bhua mór a bhí ag na Tóraithe aréir ná suíochán Blyth Valley, baile in Northumberland a bhí ina bhaile mianadóireachta tráth agus ina raibh an suíochán parlaiminte ag páirtí an Lucht Oibre ó 1950.

In Albain bhí ollbhua ag an SNP a bhuaigh formhór na suíochán, toradh a fhágann go dtreiseoidh ar an gcaint faoin dara reifreann faoi neamhspleáchas na tíre sin.

Ba iontach an bua é do Boris Johnson a mbíodh daoine ina pháirtí féin fiú ag déanamh beag is fiú dó tamall de bhlianta ó shin agus mórán den tuairim gur ghaige ábhairín gamalach a bhí ann nach raibh aon ní cóir i ndán dó.

 

Fág freagra ar 'Móramh mór ag Boris Johnson agus an bealach réitithe don Bhreatimeacht'