Ceapann seisear as gach deichniúr gur cheart gur aire sinsearach a bheadh freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
I bpobalbhreith a rinne an comhlacht taighde margaíochta Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, dúirt 59% gur chóir go mbeadh aire sinsearach le Gaeilge freagrach go díreach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta in ionad aire sóisearach nach mbíonn ag Bord an Rialtais.
Tarmligthe le haire stáit a bhí cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ó 2011.
Tá Gaeilge ag an mbeirt airí sa roinn ar a bhfuil cúram na Gaeltachta faoi láthair, an tAire Catherine Martin agus Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne.
Bhain conspóid le ceapachán airí Gaeltachta le roinnt blianta anuas.
In 2014, cheap Enda Kenny Joe McHugh ina aire stáit i Roinn na Gaeltachta cé nach raibh aon Ghaeilge aige.
Léiríodh amhras freisin faoi chumas teanga Jack Chambers, réamhtheachtaí Thomas Byrne, nuair a ceapadh san aireacht sin é.
Beidh príomhthorthaí phobalbhreith Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú ag Tuairisc mar shraith scéalta an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Runaí Chonradh na Gaeilge:
“Nuair a bunaíodh Roinn na Gaeltachta don chéad uair in 1956, bhí Aire Sinsearach don Ghaeltacht ar a raibh príomhchúram na Gaeltachta air. Ní go dtí 1993 a athraíodh teideal na Roinne seo le Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta a dhéanamh de, agus ó shin ar aghaidh tá cúraimí breise curtha leis an gclár oibre de réir a chéile agus creimeadh déanta ar stádás na Gaeltachta laistigh den roinn.
“Táimid ag pointe anois, ní hamháin go bhfuil cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta tar éis cúlú mar thosaíocht, ach freisin go dtarmligtear na cúraimí seo chuig aire sóisearach agus gan aon chumhacht aige maidir le buiséad a dheimhniú is gan aon suíochán acu ag bord an rialtais ná na cumhachtaí céanna le haire sinsearach.”
Léirigh an phobalbhreith chomh maith go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na ndaoine a chreideann gur chóir don stát níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge.
Dúirt 71% gur chóir don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge, i gcomparáid le 65% in 2021.
47% de dhaoine sa Tuaisceart a dúirt gur cheart níos mó tacaíocht stáit a thabhairt don Ghaeilge, i gcomparáid le 40% in 2021.
Rinneadh na hagallaimh ar líne don phobalbhreith i mí an Mheithimh.
Rinneadh 1,759 agallamh ó dheas den teorainn agus is é +/- 2.4% an corrlach earráide.
Proinsias
Cén dearcadh atá ag Simon Harris, Mary Lou Mac Donald agus Mícheál Martin faoi seo?
An bhuil polasaithe oifigiúla ag SF,FF,FG srl faoi seo?
PS.
Bhí Gaeilge réasúnta ag Jack Chambers roimh a bronnadh an aireacht agus ní raibh bunús ar bith leis an amhras a leiríodh ag an am.