Moladh tuillte ag an rialtas i dtaobh cheist an chearrbhachais

D’fhéadfadh reachtaíocht chearrbhachais nua na mílte teaghlach a shábháil ó uafás na handúile

Moladh tuillte ag an rialtas i dtaobh cheist an chearrbhachais

Ní minic a mholaim an rialtas – i bhfianaise mhífheidhmiúlacht an stáit agus an iliomad fadhbanna gan réiteach. Ach cuirim fáilte mhór roimh an reachtaíocht atá beartaithe acu le dul i ngleic le fadhb an chearrbhachais.

Más maith, mar sin féin, nach mithid?

Gan dabht, tá a lán daoine ann a bhaineann sult as cearrbhachas, as an aidréanailín a bhaineann le geall a chur síos.  Ach tá an lán daoine ann ar andúiligh chearrbhachais iad. A lán daoine a thiteann i mbochtanas mar gheall air, is a tharraingíonn a gcuid teaghlach síos leo.

Deirtear, i gcás an andúiligh alcóil go dtagann an pointe agus é ag ól go dtiteann sé nó sí as a sheasamh agus nach féidir níos mó a ól.  Ach níl aon teorainn nádúrtha ann i gcás an andúiligh chearrbhachais.  Go háirithe más féidir cárta creidmheasa a úsáid agus airgead nach bhfuil agat a chaitheamh, bille a bheidh le híoc ina dhiaidh sin.

Le tamall maith thug mé féin faoi deara go dtagann fógraí – gan choinne, gan iarraidh– ar an bhfón nó ar an idirlíon, ag iarraidh mé a ghríosú le cuntas cearrbhachais a chruthú le dream éigin.

Feicim na físeáin bhreátha, na daoine lán le sceitimíní.  Tá na físeáin seo an-mhealltach do dhaoine nach bhfuil aon taithí ar an saol acu. Ach mar a mhíneodh Oisín McConville, laoch spóirt Ard Mhacha, duit scriosann sé saol daoine.

Tá an reachtaíocht reatha a bhaineann le cearrbhachas go mór as dáta agus téann sí siar chomh fada le 1931.

Ní raibh aon mheáin shóisialta ann an tráth úd, ach tá anois, agus fáil anois freisin ar chreidmheas nach riabh fáil air roimhe.

Léirítear sa dlí le fada an lá gur rud frithshóisialta é an cearrbhachas, agus sin é an fáth nach féidir cás cúirte a dhéanamh le fiacha cearrbhachais a fháil.  Ar ndóigh, go minic fágann sé sin an cearrbhachas i lámha na gcoirpeach.

Is tionscal mór é ar ndóigh freisin. Idir sé bhilliún agus ocht mbilliún sa mbliain.  Ni nach ionadh go mbíonn na comhlachtaí cearrbhachais in ann íoc as fógraíocht den scoth, agus íoc as stocaireacht chun a gcuid brabúis a chosaint.

Tá caint ann le blianta freisin faoi athrú a dhéanamh ar an dlí le smacht éigin a chur ar an ainriail atá ann faoi láthair, ach cuireadh ar an méar fhada i gcónaí é.

Go dtí anois, ar aon chuma.

Mar is gnách beidh an diabhal sna mionsonraí, ach is éard atá i gceist ná stop a chur le fógraíocht a bhféadfadh daoine óga teacht uirthi.  Bheadh sé níos fearr ar ndóigh cosc iomlán a chur ar a leithéid ach is céim thábhachtach an cosc teoranta mar sin féin.

Tá cosc beartaithe ar gheallta saora, creidmheas saor, fáilteachas saor agus mar sin de.  Beidh ar dhaoine fásta rogha dhearfach a dhéanamh le fógraí cearrbhachais a fháil.  Ní thiocfaidh siad aniar aduaidh ar dhaoine feasta. Beidh pionós trom ag baint le fógraí a sheoladh chuig daoine nach daoine fásta iad.

Beidh reachtaire le ceapadh le súil a choinneáil ar gach gné den tionscal, is murar féidir leis an reachtaire déileáil le comhlacht atá lonnaithe thar lear beifear in ann dul go dtí na cúirteanna agus bac a chur ar sheirbhísí idirlín anseo in Éirinn.

Beidh tobhach á ghearradh ar an tionscal agus Ciste um Tionchar Sóisialta á thabhairt isteach le heolas, oideachas agus leigheas a chur ar fáil.  Ní bheidh cead ag comhlachtaí geallta a chur ar fáil a chuirfeá ar do chárta creidmheasa.

Beidh cead ag daoine iad féin a chlárú chun diúltú do sheirbhísí cearrbhachais is beidh sé ina choir neamhaird a dhéanamh de sin.  Cinnte, tá níos mó sonraí ag teastáil faoi cén chaoi a n-oibreoidh sé, ach is céim sa treo ceart é mar sin féin.

Tá moladh mór tuillte ag an aire sóisearach James Browne a thug an reachtaíocht isteach mar d’fhéadfadh an reachtaíocht seo na mílte teaghlach a shábháil ó uafás na handúile.

Ach níl anseo ach an chéad chéim.  Feicfimid cén bac a chuirfear roimhe agus é ag dul tríd an Dáil, agus cén tosaíocht a thabharfaidh an rialtas dó ansin freisin.

Tuairiscítear go forleathan go bhfuil fáilte á cur roimh an reachtaíocht, ach ní féidir brath air sin.

Ní bheidh sé ina dhlí go dtí go mbeidh sé ina dhlí, is tá tacaíocht an phobail ag teastáil le go gcinnteofar é sin.

Fág freagra ar 'Moladh tuillte ag an rialtas i dtaobh cheist an chearrbhachais'