Pléifear go ‘mionchúiseach’ moladh NPHET go rachfaí go dtí Leibhéal 5 ar feadh sé seachtaine – An Taoiseach

Tá amhras áirithe léirithe cheana féin ag an Tánaiste Leo Varadkar faoi mholadh NPHET an dara tréimhse dianghlasála a thabhairt isteach

Pléifear go ‘mionchúiseach’ moladh NPHET go rachfaí go dtí Leibhéal 5 ar feadh sé seachtaine – An Taoiseach

Tá molta ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go gcuirfí srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm sa stát go léir ar feadh sé seachtaine.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go ndéanfaí comhairle NPHET “a phlé go mionchúiseach”. Ag labhairt dó sa Bhruiséil, dúirt Micheál Martin go raibh cúrsaí “an-tromchúiseach” agus go mbeadh gá le gníomh eile a dhéanamh.

Chinn NPHET a moladh a dhéanamh i ndiaidh an chruinnithe a bhí inné acu agus cuireadh an chomhairle i litir a seoladh chuig an Aire Sláinte, Stephen Donnelly.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald tráthnóna gur chóir don Rialtas cinneadh a dhéanamh faoin moladh go pras toisc nach bhféadfadh an pobal a bheith ag fanacht go dtí tús na seachtaine seo chugainn le fáil amach céard atá i ndán dóibh.

Tá amhras áirithe léirithe cheana féin ag an Tánaiste Leo Varadkar faoi phlean NPHET. Dúirt sé nárbh amhlaidh go raibh sé ag rá nach bhféadfadh a leithéid tarlú ach go mbeadh an dara tréimhse  dianghlasála “an-dian” ar dhaoine. Chaithfí a bheith “ an-soiléir” faoi cén aidhm a bheadh lena leithéid agus faoi conas go dtiocfaí as arís, arsa an Tánaiste.

Dúirt sé go bhféadfadh go mbeadh gnóthaí gan aon teacht isteach ar feadh trí nó ceithre mhí dá dtabharfaí an dianghlasáil isteach athuair. D’fhéadfadh go mairfeadh a leithéid níos faide ná mar a shílfeá, ar sé. Dúirt Varadkar nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de ach oiread go gciallódh tréimhse dianghlasála anois go bhféadfaí srianta a mhaolú aimsir na Nollag.

An Tánaiste Leo Varadkar

Dhiúltaigh an Rialtas níos túisce an mhí seo do mholadh dá leithéid agus mhaígh an Tánaiste Leo Varadkar gurb amhlaidh nach raibh smaoineamh ceart déanta ag NPHET ar a bplean srianta dianghlasála a thabhairt isteach.

Deir NPHET gur in olcas atá cúrsaí imithe ó shin agus dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, aréir go raibh an víreas “imithe ó smacht”.

Bhí comhairle NPHET le plé ag an Dr Holohan le hoifigigh rialtais ar maidin.

Tuairiscítear nach bhfuiltear ag moladh go ndúnfaí na scoileanna mar chuid den phlean filleadh ar an dianghlasáil.

Faoi Leibhéal 5 bheadh ar dhaoine fanacht ag baile agus gan dul níos faide ná 5 ciliméadar ó bhaile chun aclaíocht a dhéanamh. Dhúnfaí arís na siopaí neamhriachtanacha go léir.

Tá srianta Leibhéal 4 i bhfeidhm i dtrí chontae faoi láthair – Dún na nGall, an Cabhán agus Muineachán. Leibhéal 3 atá i bhfeidhm i gcontaetha eile cé go bhfuil cosc náisiúnta ar chuairteanna teaghlaigh i bhfeidhm chomh maith, cosc a bhaineann le Leibhéal 4 agus 5.

1,205 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte inné, an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá ó thús na paindéime.

Deir an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, go bhfuil cúrsaí “ag dul in olcas go mór” le seachtain agus líon na gcásanna den ghalar ag dúbailt gach coicís.

“Tá gach gné den Covid-19 níos measa anois agus tá ráta scaipthe an ghalair níos airde ná a bhí sé nuair a bhí an cruinniú deiridh ag NPHET.
“Tá ardú 82% ar líon na gcásanna a fógraíodh le seachtain thar mar a bhí ann sna seacht lá roimhe sin – ardú ó 3,514 go dtí 6,382 cás.

“Bhí an Covid-19 ar 6.2% de na daoine a tástáladh le 7 lá agus tá an ráta sin fós ag ardú.

“Tá an ráta coicíse den ghalar ar dhaoine atá 65 nó os a chionn ardaithe ó 92.9 in aghaidh gach 100,000 ar an 7 Deireadh Fómhair go dtí 125 as gach 100,000 seacht lá ina dhiaidh sin,” a dúirt an Dr Tony Holohan.

Fág freagra ar 'Pléifear go ‘mionchúiseach’ moladh NPHET go rachfaí go dtí Leibhéal 5 ar feadh sé seachtaine – An Taoiseach'