Tá Foras na Gaeilge ag éileamh go mbunófaí “mol náisiúnta” chun dul i ngleic le cuid de na heasnaimh atá i múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta lasmuigh den chóras oideachais.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, go mbítear ag plé le foghlaim na Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais “ar bhealach ad hoc” i láthair na huaire ach go bhfuil deis ann dul i ngleic leis an scéal agus tabhairt faoi chúrsaí ar bhealach níos córasaí.
Tuairiscítear go bhfuil an t-éileamh ar ranganna Gaeilge ag méadú i measc an phobail le tamall anuas ach tá amhras léirithe faoin teagasc a chuirtear ar fáil agus gan cáilíochtaí ar bith ag teastáil chun cúrsa Gaeilge a mhúineadh i gcásanna áirithe.
“Faoi láthair, pléitear in Éirinn le foghlaim na Gaeilge taobh amuigh de chomhthéacs na scoile agus céimeanna tríú leibhéal, ar bhealach ad hoc,” a dúirt Seán Ó Coinn ag cruinniú coiste i dTeach Laighean le déanaí.
“Níl eagraíocht ar bith freagrach as. Níl dearbhú caighdeáin ann. Níl comhordú ná siollabais ar fáil agus tá soláthar ranganna fágtha go hiomlán faoi eagraíochtaí pobail agus deonacha, macasamhail Chumann Lúthchleas Gael, craobhacha éagsúla de Chonradh na Gaeilge agus cúrsaí a chuireann eagraíochtaí eile mar sin ar fáil.”
Dúirt Ó Coinn gur chóir an múnla atá ann sa Bhreatain Bheag a leanúint agus lárionad náisiúnta a bhunú a bheadh freagrach as caighdeán na gcúrsaí a thabhairt le chéile agus a chomhordú.
“Is i an Institiúid Náisiúnta um Fhoghlaim na Breatnaise (NIWL) an tiománaí lárnach d’fhoghlaim na Breatnaise do dhaoine fásta agus don daonra i gcoitinne. Cuireann sí tacaíocht ar fáil d’fhoghlaimeoirí Breatnaise de gach aois, daoine fásta san áireamh,” a mhínigh sé.
“Go bunúsach ciallaíonn sé seo gurb é an NIWL an mol náisiúnta d’fhoghlaim Breatnaise do dhaoine fásta. Tá a leathbhreac de dhíth in Éirinn.”
Tá bunú lárionaid mar atá déanta sa Bhreatain Bheag molta freisin ag an tOllamh Pádraig Ó Duibhir a bhunaigh Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge.
Dúirt sé gurb é bunú an lárionaid an réiteach is fearr ar an éagsúlacht sa chaighdeán múinteoireachta atá ann i gcúrsaí Gaeilge a bhíonn á dteagasc do dhaoine fásta ó cheann ceann na tíre.
Agus é ag labhairt leis an gcoiste Oireachtais an tseachtain seo caite, dúirt Seán Ó Coinn gur chreid sé go raibh an Rialtas ag iarraidh “tosaíocht a dhéanamh den Ghaeilge” ach go raibh siad “ag streachailt” leis an cheist faoi láthair.
Mhol sé gur chóir don Rialtas straitéis deich mbliana don Ghaeilge ag an tríú leibhéal a fhorbairt “láithreach” chun tacú cur le líon na gcúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge in institiúidí ardoideachais agus breisoideachais.
Mhol Ó Coinn go leanfaí an cur chuige a bhí ann don Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, sin é go mbunófaí coiste comhairleach le hionadaithe ó ranna stáit agus eagraíochtaí eile, go ndéanfaí iniúchadh ar na riachtanais agus go bhfoilseofaí plean gnímh ceithre bliana bunaithe ar an obair sin.
Dúirt Ó Coinn nach gcaithfeá a bheith ag brath ar mhaoiniú breise amháin chun rudaí a athrú agus gur cheart don Rialtas béim níos mó a chur ar an nGaeilge, mar atá déanta le cúrsaí timpeallachta agus aeráide le roinnt blianta anuas, dar leis.
Dúirt Ó Coinn go raibh sé tábhachtach go mbeadh institiúidí ó thuaidh san áireamh in aon straitéis nua don tríú leibhéal agus moladh tugtha aige don obair a bhí ar bun.
Thagair sé do chruinniú a bhí aige le hOllscoil na Banríona an tseachtain seo caite agus tugtha le fios go raibh méadú 300% tagtha ar an éileamh a bhí ar ranganna Gaeilge san ollscoil.
“Más féidir le hOllscoil na Banríona cúrsaí trí mheán na Gaeilge a sholáthar gan riachtanas ó thaobh an rialtais ó thuaidh sin a dhéanamh, sílim go bhfuil teachtaireacht an-an-láidir dár n-institiúidí tríú leibhéal ó dheas den teorainn,” a dúirt Ó Coinn.
Fág freagra ar 'Mol náisiúnta d’fhoghlaimeoirí fásta agus straitéis deich mbliana don Ghaeilge ag an tríú leibhéal á lorg ag Foras na Gaeilge'