Mol an óige! Oifigeach Forbartha Óige á lorg ag Ógras i mBaile Átha Cliath

Beidh an té a roghnófar ag obair in oifig Ógras i mBaile Átha Cliath agus beidh sé/sí freagrach as ceantar Chúige Laighean agus deisceart Chúige Uladh

Mol an óige! Oifigeach Forbartha Óige á lorg ag Ógras i mBaile Átha Cliath

An Eagraíocht

Bhunaigh Conradh na Gaeilge Ógras i 1969 chun deis a thabhairt do dhaoine óga teacht le chéile i gclubanna óige Gaeilge ar fud na tíre. Tá sé mar phríomhchuspóir ag Ógras an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn le go n-úsáidfidh daoine óga mar theanga phobail í agus san am céanna tacú le forbairt phearsanta agus shóisialta na ndaoine óga, trína rannpháirtíocht dheonach i gclár oibre na heagraíochta. 

Tá dhá aoisghrúpa i gceist le clubanna Ógras. Tá Óg-Ógras ann do pháistí idir 8 -12 bliain d’aois agus tá Ógras ann do dhéagóirí idir 13 – 19 bliain d’aois. Le cabhair agus tacaíocht ón phobal agus ceannairí deonacha is féidir club d’Ógras a bhunú in aon áit sa tír, má bhíonn grúpa daoine óga ann a bhfuil spéis acu a bheith páirteach i gclub Gaeilge.

Tá Ógras dírithe ar chlár oibre don aos óg a sholáthar trí mheán na Gaeilge atá beo, ilchineálach agus pleanáilte agus a spreagann smaointeoireacht chruthaitheach chomh maith féinmhuinín, forbairt shóisialta agus forbairt teanga trí ghníomhaíochtaí spraoi, spóirt, cultúrtha agus caitheamh aimsire.

Bíonn imeachtaí réigiúnda, náisiúnta agus fiú idirnáisiúnta ar siúl ag Ógras i rith na bliana agus le linn an tsamhraidh bíonn campaí lae ar siúl do pháistí ó 6-13 bliain d’aois.   

An Post

Tá post don Oifigeach Forbartha Óige maoinithe ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige tríd an Scéim Deontas do Sheirbhísí Óige.

Beidh an tOifigeach Forbartha Óige freagrach as clubanna óige a bhunú agus a láidriú chun deis a thabhairt do dhaoine páirt iomlán a ghlacadh i ngníomhaíochtaí óige trí mheán na Gaeilge. 

Beidh an té a roghnófar ag obair in oifig Ógras i mBaile Átha Cliath agus beidh sé/sí freagrach as ceantar Chúige Laighean agus deisceart Chúige Uladh.

Beidh na dualgais seo a leanas ina gcuid lárnach den phost:

  • Clubanna óige pobail a bhunú
  • Tacaíocht agus traenáil a chur ar fáil do cheannairí chun cláracha oibre don óige a sholáthar sna clubanna
  • Cabhair agus tacaíocht a thabhairt do chlubanna maoiniú agus deontais a aimsiú
  • Cabhrú leis na clubanna cloí le polasaithe agus spriocanna na heagraíochta
  • Imeachtaí réigiúnda agus náisiúnta a eagrú mar chuid d’fhoireann Ógras
  • Traenáil agus oiliúint a chur ar cheannairí chomh maith le ceannairí nua a earcú

Is í an Aoine 2 Samhain 2018 ag 5.30i.n. an spriocdháta le cur isteach ar an phost seo.

Fág freagra ar 'Mol an óige! Oifigeach Forbartha Óige á lorg ag Ógras i mBaile Átha Cliath'