Moill le plean Údarás na Gaeltachta do Pháirc na Mara agus achomharc déanta leis an mBord Pleanála

Tá achomharc déanta leis an mBord Pleanála i gcoinne an chinnidh cead pleanála a thabhairt do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara ------------------------------------------------------------------------------------------

Moill le plean Údarás na Gaeltachta do Pháirc na Mara agus achomharc déanta leis an mBord Pleanála

Chargé d’affaires Ambasáid Stiát Aontaithe Mheiriceá in Éirinn, Reece Smyth ag suíomh na páirce nua i gCill Chiaráin níos túisce i mbliana. Sa phictiúr leis tá Máire Éinniú, Feidhmeannach Togra agus Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta agus Seán Ó Coisdealbha, Príomhfheidhmeannach Muintearas, ar dheis

Tá ceann de na pleananna is mó atá ag Údarás na Gaeltachta le dul i ngleic leis an ngéarchéim dífhostaíochta in iarthar Chonamara gafa go mór in aimhréidh anois. Cé gur thug Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála le tús a chur ar an obair fhorbartha ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, beidh moill bhreise ar an obair sin anois de bharr achomhairc atá curtha chuig an mBord Pleanála. Is í an eagraíocht Cumann Chuan na Gaillimhe in aghaidh Feirmeacha Bradán a chuir an t-achomharc faoi bhráid an Bhoird.

Tá 18 seachtain ag an mBord Pleanála anois le staidéar a dhéanamh ar an achomharc seo ach is minic go dtógann sé scaitheamh níos faide ná sin sula mbíonn toradh ar fáil, go háirithe nuair a bhíonn go leor oibre ar bun ag an mBord, mar atá faoi láthair.

Tuigtear go bhfuil an-díomá ar bhainisteoirí sinsearacha in Údarás na Gaeltachta faoin gcor is déanaí seo i scéal Pháirc na Mara.

Chuir an tÚdarás go leor béime ar Pháirc na Mara mar bhunchloch na hiarrachta atá ar siúl acu borradh a chur faoin eacnamaíocht áitiúil agus faoin bhfostaíocht in iarthar Chonamara. Roghnaigh an tÚdarás Páirc na Mara mar cheann de na príomhthionscnaimh a bheadh acu nuair a d’iarr an Rialtas anuraidh go dtriailfí chuile dheis fostaíocht nua a bhunú sna réigiúin ar fud na tíre. Cuireadh feidhmeannach ag obair go sonrach ar an tionscnamh agus cúnamh ag an duine sin ó shaineolaithe eile.

Fuarthas scéala ó bhreis agus scór dream anuraidh nuair a d’iarr an tÚdarás ‘léirithe spéise’ i bPáirc na Mara. Bhí idir obair chladaigh, feamainne, taighde agus tionscal na mbradán i gceist. Ansin chuir Údarás na Gaeltachta iarratas chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe ar chead pleanála le haghaidh oifigí agus roinnt seirbhísí eile, taisceadán uisce, mar shampla, ar an suíomh.  Chuir an grúpa Cumann Chuan na Gaillimhe in aghaidh Feirmeacha Bradán achomharc isteach ina aghaidh sin.

Tharraing an t-achomharc sin go leor conspóide agus shínigh go leor daoine in iarthar Chonamara cáipéis ag achainí go ligfí ar aghaidh leis an tionscnamh. Shocraigh Comhairle Chontae na Gaillimhe an mhí seo caite go dtabharfaí cead pleanála d’Údarás na Gaeltachta ach tá an grúpa céanna a rinne achomharc cheana tar éis a gcás a thabhairt anois chomh fada leis an mBord Pleanála.

Ina chuid aighneachtaí go dtí seo, dúirt Billy Smyth, cathaoirleach na heagraíochta sin, nach bhfuil sna hoifigí atá i gceist san iarratas pleanála ach cuid de phlean i bhfad níos iomláine do Pháirc na Mara. Dúirt sé go bhféadfaí dochar a dhéanamh dá bharr seo don Cheantar Speisialta Caomhnaithe atá i gCuan Chill Chiaráin. Dúirt sé freisin go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta ag feabhsú in iarthar Chonamara, go háirithe i bhfianaise na forbartha atá á déanamh ar thionscnamh Bhealach an Atlantaigh Fhiáin.

Go binbeach a chuir go leor daoine in in iarthar Chonamara in aghaidh sheasamh an ghrúpa agus tarraingíodh aird ar na staitisticí dífhostaíochta sa cheantar athuair.

Níl ach dhá cheantar i gcontae na Gaillimhe atá i measc na ‘spotaí dubha’ dífhostaíochta sa stát, de réir an an Daonáirimh is deireanaí.

Is iad Scainnimh (ceantar Charna agus Chill Chiaráin) agus Garmna an dá áit atá i gceist.  Istigh i gcroílár na Gaeltachta atá an dá cheantar sin in iardheisceart Chonamara. Is é 34.3%; an ráta dífhostaíochta i Scannimh agus an ráta i nGarmna ná 31.5%. Tá rátaí an-ard dífhostaíochta freisin i dtoghranna atá in aice leis na ceantair seo.

Shocraigh Údarás na Gaeltachta roinnt blianta ó shin go ndíreofaí go láidir ar na hacmhainní nádúrtha in iarthar Chonamara chun fostaíocht a chur ar fáil. Ní raibh ag éirí leo na seanchineálacha monarchana a thabhairt isteach sa Ghaeltacht níos mó agus ní raibh fonn ar thionscail nua-aimseartha a dhul mórán achair siar as cathair na Gaillimhe. Dar leis an Údarás, tá acmhainní na mara ar cheann de na bealaí a bhféadfaí fostaíocht mhaith a chur ar fáil ar chósta thiar Chonamara. Is chuige sin a díríodh aird mhór ar Pháirc na Mara.

Bhí meastacháin ann i dtosach go gcosnódh an chéad chuid den obair ar Pháirc na Mara idir €3 milliún agus €5 milliún.   Ag labhairt dó san am sin, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go raibh muinín láidir aige as gach a raibh i ndán do Pháirc na Mara agus go gcuirfeadh an fhorbairt borradh faoin bhfostaíocht in áit a raibh sé ag teastáil go géar. Cuireadh coiste stiúrtha le chéile ar a bhfuil ionadaithe ó áisíneachtaí Stáit agus ón earnáil phríobháideach gnó.

Is cosúil go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag coinneáil orthu leis an iarracht seo ach beidh sé ina imní go gcaillfidh lucht gnó suim i bPáirc na Mara má cheapann siad go bhfuil an scéal ag dul in ainseal. Idir an dá linn, tá cinneadh tromchúiseach eile a bhaineann le tionscal na mbradán i gConamara faoi bhráid an Bhoird Pleanála i gcónaí – sin iarratas ar sholáthar fíoruisce as Loch an Mhuilinn i gceantar na nOileán don chomhlacht Bradán Beo Teoranta.   Ceaptar go bhfógrófar toradh an achomhairc sin an mhí seo chugainn.

 

 

 

Fág freagra ar 'Moill le plean Údarás na Gaeltachta do Pháirc na Mara agus achomharc déanta leis an mBord Pleanála'