‘Míshástacht forleathan’ in RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi chiorruithe

Tá Rúnaí na hÉireann den NUJ, Séamus Dooley ag lorg cruinniú le bainistíocht RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir leis na ciorruithe atá le déanamh ar sceideal an stáisiúin

‘Míshástacht forleathan’ in RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi chiorruithe

Tá “míshástacht forleathan” in RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na ciorruithe atá á ndéanamh ar sceideal an stáisiúin, dar le Rúnaí na hÉireann den NUJ, Séamus Dooley.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo Dé Luain, tá ciorrú le déanamh ar sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta agus deireadh á chur leis an bplé agus an scagadh a dhéantar ar chúrsaí nuachta ar an gclár Nuacht a hAon am lóin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt ceannasaí cheardchumann na n-iriseoirí in Éirinn nach ndeachaigh lucht bainistíochta an stáisiúin i gcomhairle leo faoi na hathruithe sceidil ná faoi impleachtaí na n-athruithe sin.

Dúirt Séamus Dooley go raibh cruinniú á lorg aige le bainistíocht an stáisiúin chun na ciorruithe a phlé.

“Mar cheardchumann, creidimid go bhfuil  géarghá le seirbhís láidir nuachta as Gaeilge agus táimid in aghaidh aon uiscealú a dhéanfaí ar an tseirbhís sin.

“Mar nach raibh aon phroiséas comhairliúcháin linne roimh ré, ní raibh deis go dtí seo ag séipéal an NUJ na ceisteanna seo a phlé. Is féidir liom a rá, áfach, go bhfuil míshástacht forleathan ann mar gheall ar an gcinneadh seo agus mar nár chuathas i gcomhairle le ceardchumainn na foirne,” a dúirt Séamus Dooley.

Dúirt rúnaí an NUJ nach raibh sé sásta aon ní a rá faoin gcur chuige a bheadh á mholadh ag an gceardchumann chun cur in aghaidh na gciorruithe go dtí go mbeadh deis aige an scéal a phlé le lucht bainistíochta an stáisiúin Ghaeilge.

Bhí cruinniú níos túisce inniu ag baill cheardchumainn Raidió na Gaeltachta chun an scéal a phlé.

Tuigtear go bhfuil baill foirne de chuid an stáisiúin míshásta faoi na ciorruithe agus iad den tuairim nár tugadh dóthain sonraí dóibh ina dtaobh. Táthar míshásta go háirithe faoin gcinneadh maidir le Nuacht a hAon .

Braitheann baill foirne áirithe nár throid bainistíocht an stáisiúin sách láidir ar a son.

Tá gearradh siar á dhéanamh Nuacht a hAon, atá á chraoladh le 25 bliain, mar chuid de na hathruithe atá á ndéanamh ar sceideal an stáisiúin toisc seachtar a bheith ag fágáil na heagraíochta ar luathscor.

Mar chuid de na hathruithe céanna, beifear ag cur leathuair an chloig breise leis an gclár cúrsaí reatha tráthnóna Cormac ag a Cúig, a bheidh ag tosú ag leathuair tar éis a ceathair  feasta.

Tá ráite ag Ceannaire gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta Gearóid Mac Donncha gur oth le bainistíocht an stáisiúin gur gá athruithe a dhéanamh ar an stáisiún ach nach bhfuil aon dul as ann mar gheall go mbeidh níos lú foirne ann nuair a imeoidh daoine ar luathscor an mhí seo chugainn faoin scéim iomarcaíochta deonaí a tugadh isteach ar fud RTÉ.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, gur “sceideal sealadach” atá i gceist leis an sceideal ciorruithe, a bhaineann leis an dá mhí amach romhainn, Aibreán agus Bealtaine. Bheadh sceideal ciorruithe an tsamhraidh ag teacht i bhfeidhm an uair sin, a dúirt sé.

Dúirt Mac Con Iomaire go bhfuil “infheistíocht shuntasach” déanta ag RTÉ i gcóras leanúnach taighde maidir le lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta.

“Seo an chéad uair riamh i stair na seirbhíse go mbeidh sé seo ar fáil agus bunaithe air sin, agus ar ábhair eile, tá sé i gceist sceideal suntasach nua a chur ar fáil san fhómhar,” a dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ.

Fág freagra ar '‘Míshástacht forleathan’ in RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi chiorruithe'

  • Des O Murchu

    Dfheafhach RTE €3.00m a chaitemh nios follaine da gcuiridis deire le rameis sacar Champions League zzzz tv. Des O Murchu. Ni ga muid a chra le Craobh Sacar Ruis 2018!Aon leisceal gan breathnu ar RTE Samhradh 2018