‘Míorúilt’ ab ea tarrtháil fear a thit i bhfarraige óna chadhc i gCorca Dhuibhne

Bhí Mick Dáibhéis ag céaslóireacht ina chadhc i gCuan Ard na Caithne nuair a chuaigh sé i bhfarraige an tseachtain seo caite

‘Míorúilt’ ab ea tarrtháil fear a thit i bhfarraige óna chadhc i gCorca Dhuibhne

“Míorúilt” ab ea sábháil Mick Dáibhéis a thit i bhfarraige óna chadhc i gCorca Dhuibhne le deireanas, dar lena dheirfiúr chéile.

Seachtain ó shin bhí Mick, ealaíontóir agus dealbhadóir, ag céaslóireacht ina chadhc, rud a dheineadh sé go minic, nuair a thit sé i bhfarraige i gCuan Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne.

Bhí bád nach raibh rófhada uaidh agus thug buachaill óg, Cathal de Mórdha, a bhí ag iascach lena athair Eddie, faoi ndeara go hobann nach raibh aon duine sa chadhc.

Chuadar gan mhoill faoina dhéin mar a bhfuaireadar Dáibhéis béal faoi san uisce. Ní raibh aon anam ann. Thugadar ar bord é agus chuir focal go dtí an Garda Cósta. Tá Eddie cáilithe i ngarchabhair agus sábháilteacht mara. Chuaigh sé i mbun oibre gan mhoill ar an othar, agus tar éis tamaill d’éirigh leis cuisle bheag a bhaint as.

Sheol an Garda Cósta héileacaptar go dtí an láthair, agus tar éis tuirlingt i nGort Caide Ghallaruis, thug an héileacaptar Dáibhéis go dtí an t-aonad dianchúraim in Ospidéal an Chontae i dTrá Lí.

Chaith sé laethanta gan aithne ná urlabhra ansiúd, ach Dé Sathairn d’oscail sé a shúile. Faoi thráthnóna inné bhí sé ábalta labhairt agus siúl.

‘Míorúilt,’ a dúirt Áine Ní Bhruic, deirfiúr chéile Dháibhéis.

‘Táimid an-bhuíoch do gach aon duine a thug cabhair go háirithe Cathal agus Eddie de Mórdha ós na Gorta Dubha agus Tomás Ó Cinnéide ón nGarda Cósta,” a dúirt sí.

Is Baile Átha Cliathach Dáibhéis atá pósta le hEibhlín Ní Bhruic ón Riasc i gCorca Dhuibhne mar a bhfuilid ag cur fúthu in aici na trá. 

Fág freagra ar '‘Míorúilt’ ab ea tarrtháil fear a thit i bhfarraige óna chadhc i gCorca Dhuibhne'

  • maitiu

    “ag ceasloireacht”…mmm…….focal nua.