Faoin am a bheas Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ag dul chun páirce amárach i mbabhtaí ceathrú ceannais URC an tséasúir seo, beidh a fhios acu cé a bheas mar fhreasúra acu sa gcluiche leathcheannais an tseachtain seo chugainn, sin má éiríonn leo ina gcuid cluichí féin. Go deimhin, beidh an t-eolas sin ag Cúige Laighean anocht mar gur i gcoinne pé foireann a bhuafaidh an choimhlint in Albain anocht idir Glaschú agus Stormers na hAfraice Theas a bheas siad faoi cheann seachtaine, sin má éiríonn leo féin amárach.
Ní haon iontas gurb iad Glaschú rogha na n-údar sa choimhlint seo. Is iadsan curaidh reatha an URC, agus is acu atá buntáiste an bhaile. Cuimhnigh freisin gur cháiligh siad do na cluichí ceathrú ceannais agus iad áit amháin chun cinn ar na Stormers. Is deacair dul i gcoinne na hargóna sin.
Amárach a imreofar na trí chluiche ceathrú ceannais eile, péire acu san Afraic Theas agus an ceann eile i mBaile Átha Cliath.
Is idir na Bulls, agus iad sa mbaile i Pretoria, i gcoinne Dhún Éideann a bheas an chéad choimhlint. Seans go mbeidh Cúige Mumhan ag súil go mbainfidh Dún Éideann preab as na Bulls, mar sa gcás go mbíonn bua ag Cúige Mumhan iad féin is i Luimneach a bheas an cluiche leathcheannais sin. Ach caithfidh mise a bheith ciallmhar agus réalaíoch faoi na cluichí seo. Is deacair tada eile seachas bua réasúnta éasca a thuar do na Bulls, faraor!
Chun go mbeadh seans ag aon cheann de na féidearthachtaí sin tarlú caithfidh Cúige Laighean agus Cúige Mumhan an beart a dhéanamh ina gcuid cluichí ceathrú ceannais féin.
Seans gur ag na Laighnigh atá an dúshlán is fusa, iad sa mbaile agus i gcoinne Scarlets na Breataine Bige, an fhoireann is laige de na hocht bhfoireann a bhain na babhtaí ceathrú ceannais amach. Mar sin féin is fiú a lua gur bhuail na Scarlets Cúige Laighean (35-22) i mBabhta 16 den chomórtas seo. Níor éirigh ach le foireann amháin eile, na Bulls, é sin a dhéanamh san URC go dtí seo. Fós féin, is fiú a mheabhrú freisin gur sa mBreatain Bheag a imríodh an cluiche sin agus níl comparáid ar bith idir na himreoirí a chuir Leo Cullen chun páirce sa gcoimhlint sin agus an triúr fichead a bheas ag imirt amárach. Cuimhnigh freisin go bhfuil brú an-mhór ar Chúige Laighean agus ar Leo Cullen féin. Dá bhrí sin, tá mise ag tuar bua d’fhoireann an bhaile, fiú agus gan fáil acu ar Robbie Henshaw ná Tadhg Furlong..
Má tá bealach réasúnta éasca roimh Chúige Laighean amárach, tá dris chosán dhamanta roimh na Muimhnigh agus iad i Durban i gcoinne na Sharks. Is beag is féidir a rá faoin dúshlán atá roimh na Muimhnigh amárach. Ní féidir do mhéar a leagan ach ar aon bhuntáiste amháin atá acu, sin sprid agus stair troda an chúige agus iad i sáinn mar atá siad anois.
Meabhraíonn an stair dúinn go mbíonn contúirt ag baint le Cúige Mumhan aon uair a mbíonn siad sa mbád sin. Mar sin féin, is míorúilt ollmhór a bheas ann má bhíonn an bua ag Cúige Mumhan.
Tarlaíonn míorúilt scaití!
Fág freagra ar 'Míorúilt a bheadh ann dá mbuafadh Cúige Mumhan san Afraic Theas, ach tarlaíonn siad scaití'