MIONLÉIRMHEASANNA: Ba bhreá liom leabhair den sórt seo a bheith againn i nGaeilge…

Léirmheasanna beaga ar roinnt leabhar nach ‘tuilleadh den saghas céanna arís is arís eile’ iad

MIONLÉIRMHEASANNA: Ba bhreá liom leabhair den sórt seo a bheith againn i nGaeilge…

Gadhar ag Rith i nDiaidh Cairr

Dá mba ghrianghrafadóir a bhí ionat agus tú ag tiomáint timpeall, is dócha go stopfá an gluaisteán chun grianghraf a ghlacadh de radharc éigin a thaitin leat.

Bhí smaoineamh eile ag Simon Baker, smaoineamh le haghaidh taispeántais – agus leabhair. Thabharfadh sé triúr grianghrafadóirí le chéile, Joel Meyerowitz, Daido Moriyama agus John Divola agus an treoir a thabharfadh sé dóibh gan stopadh ach grianghraif a ghlacadh agus an carr ag gluaiseacht, fuinneog an chairr a bheith ina fráma ar an ngrianghraf, más maith leat.

Gadhar ag rith i ndiaidh cairr le Divola atá mar chlúdach an leabhair Pictures from Moving Cars (Adad Books, £30, 78 leathanach, bog). Níor cuireadh ach trí chéad cóip i gcló, iad go léir uimhrithe. Deirtear faoin gclúdach nach bhfuil seans ag an ngadhar breith ar an gcarr agus cén seans atá ag an ngrianghrafadóir breith ar an rud atá ann más ag scinneadh thairis atá an domhan.

Smaoineamh simplí atá laistiar den leabhar. Is minic gurb iad na smaointe simplí na smaointe is fearr ar fad. ‘Simpligh, simpligh,’ an mana a bhí ag Thoreau.

Ba bhreá liom leabhair den sórt seo a bheith againn i nGaeilge, leabhar atá ag smaoineamh ‘lasmuigh den bhosca’, leabhar is fiú breathnú tríd ó am go chéile, leabhar le cur le bailiúchán leabhar. Níl aon rud níos measa ná ‘tuilleadh den saghas céanna arís is arís eile’.

 

 

Tá Cairéid go Maith Duit

Cé a smaoineodh air! Leabhar grianghraf a fhoilsiú is gan faic ann ach cairéid, sa chás seo meacain dhearga mhíchumtha, na cairéid sin nach bhfeictear ar na seilfeanna, cairéid a caitheadh amach gan trua gan taise, cairéid ar an imeall, ina ndílleachtaí bochta. Defective Carrots is ainm don leabhar. Tim Smyth an grianghrafadóir agus Bemojake na foilsitheoirí. Níl a fhios agamsa cén praghas a íocann tusa ar chairéid ach tríocha punt Sasanach atá ar na cairéid seo. Is fiú gach pingin iad.

An íosfása é seo?

Meaisíní a roghnaíonn na cairéid agus a aithníonn na cairéid scanrúla ar an gcrios iompair, na cairéid sin atá le caitheamh amach – tabhair do na hainmhithe iad, is masla don chine daonna iad.

Chuirfeadh an leabhar seo ag machnamh thú. Más cairéid fhoirfe atá inniu uainn agus cairéid fhoirfe amháin, an daoine foirfe a bheidh uainn amárach?

Seans nach bhfuil muintir na tuaithe chomh pointeáilte is atá lucht na mbruachbhailte faoin gcruth atá ar a gcuid glasraí. Feictear fós, in áiteanna, cairéid aisteacha ar nós an tsampla seo:

Agus níl aon locht air, an bhfuil?

 

UIGEACHTAÍ, BEARNAÍ AGUS CUIMHNE

Mionléirmheas le Gabriel Rosenstock

Is eol dúinn go léir go dtéann nithe áirithe i bhfeidhm ar an gcuimhne. Boladh, cuir i gcás, mar a léirigh Marcel Proust sa mhórshaothar ficsin leis À la recherche du temps perdu. B’fhéidir gur tharla sé duitse, leis, gur chuir boladh nó cumhracht éigin ag smaoineamh siar thú. D’fhéadfadh céadfa ar bith é sin a dhéanamh, tadhall san áireamh.

Mionleabhar é Mute Rituals, níl ann ach 28 leathanach. Céad cóip a cuireadh i gcló. Bheadh an t-ádh leat, is dócha, teacht ar chóip mar is é Bloom Publishing san Astráil a d’fhoilsigh. Níl sé díolta amach fós, áfach, má tá deich ndollar Astrálach le spáráil agat:

Cad tá ann mar sin? Crainn agus mná, iad neas-suite, mar a déarfá; iarracht déanta ag an ngrianghrafadóir, Morgan Crowcroft-Brown, ar uigeacht chraiceann duine agus uigeacht choirt crainn a chur i gcomórtas le chéile.

D’éirigh léi, measaim. Agus cad a spreag í chun a leithéid a dhéanamh sa chéad áit?  Bhí léite aici faoin gcoincheap sin a bhí ag an ealaíontóir conspóideach Marcel Duchamp, is é sin ‘infrathanaí’.

Ba sa bhliain 1957 a thug Duchamp an léacht uaidh ‘An Gníomh Cruthaitheach’ agus táthar ag iarraidh a dhéanamh amach cad is ‘infrathanaí’ ann ó shin!

Ní féidir ‘infrathanaí; a mhíniú de réir dealraimh, ní féidir ach samplaí a thabhairt. ‘An rud a fheiceann tú, ní ealaín é sin in aon chor,’ arsa Duchamp, ‘is í an bhearna an ealaín’. Sin é anois agat é.

~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEASANNA: Ba bhreá liom leabhair den sórt seo a bheith againn i nGaeilge…'

  • Deas!

    Seo é an sórt ailt ar dheas tuilleadh acu a fheiceáil i nGaeilge!