Bhain draíocht éigin nach ndearúdfaidh mé go deo le leabhar Flann O’Brien At Swim Two Birds agus chuimhníos arís inniu air, ar chúis éigin, nuair a leag mé súil ar an leabhar seo leis an ngrianghrafadóir Brasaíleach Salgado, duine de mhórmháistrí an domhain. Mheasas ag an am gur leabhar an-Ghaelach ab ea At Swim Two Birds agus rith sé liom nach raibh leabhar ar bith cosúil leis i nGaeilge, ón tréimhse sin ar aon nós (1939). Is dóigh le foilseacháin ar nós Time agus The Guardian go gcaithfear é a chur ar liosta den 100 úrscéal is fearr sa Bhéarla.
Níl aon leabhar againn i nGaeilge a mheabhródh leabhar Salgado duit ach oiread. Domhan nach bhfuil ann ach éin mhara agus éin eile nach iad a shamhlaíonn sé, gainéid, albatrais, fiolair, pearóidí etc as gach cearn den domhan, Amazonia, An Áise, Antartaice.
Duaisleabhar fíor-neamhghnách
Grianghraif le Taysir Batnii
Aiste le Taous R. Dahmani
Loose Joints a d’fhoilsigh, i mBéarla
128 lch
60 pláta daite
Toisí: 6×8½”
Bhuaigh an leabhar seo an 2024 Paris-Aperture PhotoBook of the Year Award.
Is é atá sa leabhar neamhchoitianta seo ná seatanna scáileáin ón tréimhse Aibreán 2015 go Meitheamh 2017 le linn don ghrianghrafadóir comhráite físeáin WhatsApp a bheith aige lena mháthair is lena mhuintir in Gaza:
Caithfear 100% de bhrabús an leabhair seo ar áiseanna míochaine a chur ar fáil do mhuintir Gaza. Chumas dán agóide le déanaí faoi infheistíocht de shórt eile atá á déanamh in Gaza:
Infheistigh Anois!
“D’fhéadfadh réadmhaoin ar imeall an uisce in Gaza a bheith an-luachmhar!” a dúirt Jared Kushner agus é faoi agallamh in Harvard.
Tá’s agat an boc a bhfuilimid ag caint air,
Chomhairligh sé athair a chéile, Donald J. Trump faoi chúrsaí síochána sa Mheánoirthear. Yiddisher Kop más fíor!
I measc na ngradam a bronnadh air:
Ord an Fhiolair Astacaigh. (Ar na dámhachtaithe céimiúla eile tá Rí Salman na hAraibe Sádaí agus an Prionsa Aindriú, Duke of York)
Réadmhaoin ar imeall an uisce in Gaza! Gaineamh órga gach áit. Ór bréige?
An ag magadh fúm atá tú? Is é seo an stuif ceart, a dhuine! Fíorór. Infheistigh anois!
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Níl aon leabhar againn i nGaeilge a mheabhródh an leabhar seo duit'