Beidh comórtas nua don ‘Fhicsean Liteartha’ ar chlár Chomórtais Liteartha Oireachtais na Gaeilge in 2027. Fógraíodh an comórtas nua, a bhfuil duais €3,000 luaite leis, sa leabhrán eolais atá ar fáil faoi chomórtais na bliana seo.
Bronnfar €1,000 ar an té a thiocfaidh sa dara háit sa chomórtas nua do “úrscéal dúshlánach corraitheach taitneamhach”. Deir lucht an Oireachtais go mbeidh an comórtas dírithe ar ábhar a sholáthar do léitheoirí a bhfuil suim acu san fhicsean liteartha agus “sa nuascríbhneoireacht phróis go háirithe”.
Beifear ag lorg úrscéal sa stíl “ficsean liteartha nó stairiúil” ina leagfar an bhéim ar “théamaí agus ar thopaicí suimiúla tráthúla”.
“Ní mór go mbeadh stíl nádúrtha bheomhar sholéite chun tosaigh sna hiarrachtaí mar aon le ceardaíocht shnasta oilte chríochnúil,” a deirtear sa chur síos ar an gcomórtas.
Fógraíodh freisin go mbeidh an comórtas d’ábhar léitheoireachta do dhaoine fásta ar chlár na gcomórtas arís an bhliain seo chugainn, comórtas nach raibh ar chlár na bliana seo.
Tá duaischiste €2,750 luaite leis an gcomórtas áirithe seo – €750 don té a thiocfaidh sa dara háit agus €2,000 don té a bhuafaidh an comórtas. Glacfar le hábhar nuachumtha don chomórtas, ach beidh fáilte roimh aistriúchán ó “theanga ar bith seachas an Béarla” nó le hathinsintí ar “sheanscéal nó ar scéal béaloidis”.
Beidh an comórtas seo ag iarraidh scríbhneoirí a spreagadh le hábhar do dhaoine fásta “a bhfuil bunlíofacht bainte amach acu” a scríobh. Beidh na moltóirí sa tóir ar “ábhar inspéise ag duine fásta ach úsáid bainte as reacaireacht a d’fheilfeadh d’aois litearthachta an déagóra óig.
“Ní mór don scríbhneoir aghaidh a thabhairt ar ábhar a gcuirfeadh léitheoir fásta suim ann. Ní mór gluais a bheith ar bun nó ar imeall na leathanach agus na nótaí gluaise ar fad a bheith tugtha le chéile mar fhoclóirín ag deireadh an leabhair,” an treoir atá tugtha dóibh siúd a chuirfeadh isteach ar an gcomórtas.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo níos luaithe an mhí seo, baineadh an comórtas ‘Saothair do Dhaoine Fásta’ de chlár na gcomórtas i mbliana. Thugtaí ‘ábhar léitheoireachta don fhoghlaimeoir fásta’ ar an rannóg roimh 2022.
I measc na saothar a bhuaigh an duais sin i gcaitheamh na mblianta bhí Osnaí Troma Faoisimh le Seán Ó Dubhchon (2025), Stáblaí Stiofáin le hÉamonn Ó Loingsigh (2024), Faoiseamh Ón gCiúnas le Seán Ó Dubhchon (2023), Anna Bhán le Míne Mhic Cóil (2022).
Chuir Oireachtas na Gaeilge tús le hathbhreithniú ar na Comórtais Liteartha an samhradh seo caite agus iarradh ar iar-rannpháirtithe na gcomórtas a dtuairim a thabhairt faoin bhfreastal a dhéantar ar scríbhneoirí an lae inniu iontu.
Dúirt urlabhraí de chuid an Oireachtais le Tuairisc nach raibh aon ráiteas le déanamh acu faoi láthair faoin athbhreithniú. Ní léir ó liosta na gcomórtas a fógraíodh an tseachtain seo, áfach, go bhfuil mórán athruithe tagtha go fóill ar leagan amach na gcomórtas i mbliana.
Fág freagra ar 'Comórtas nua don ‘Ficsean Liteartha’ le cur le Comórtais Liteartha an Oireachtais in 2027'