MIONLÉIRMHEAS: Mairfidh cáil Chú Chulainn go deo ach cad faoi cheiliúráin ár linne féin?

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, ag ceiliúradh na gceiliúrán agus scéal cogaidh a bhainfeadh deoir as cloch

MIONLÉIRMHEAS: Mairfidh cáil Chú Chulainn go deo ach cad faoi cheiliúráin ár linne féin?

 

Face to Face
Le Manfred Baumann
Hatje Cantz a d’fhoilsigh
Príomh-Eagarthóir: Nadine Barth
216 leathanach, clúdach crua
Toisí: 25.00 x 31.00 cm
Meáchan: 1.8kg

Uaireanta deirim liom féin gurb é is treibh shibhialta ann ná an treibh sin nár chuala riamh trácht ar cheiliúrán ar bith, nach n-aithneodh ceiliúrán ar bith agus nach dtuigfeadh fiú amháin cad is ceiliúrán ann. Seachas, ar ndóigh, an duine úd atá ina cheiliúrán de bharr gaisce éigin. Is dócha gur cheiliúrán ab ea leithéidí Chú Chulainn lena linn féin, má bhí a leithéid de neach riamh ann.

Mairfidh cáil an Chú go deo ach cad faoi cheiliúráin ár linne féin? An gcuimhneofar go brách orthu? An cuid den mhiotaseolaíocht nua feasta iad nó an ndearúdfar iad gan mhoill?

Cé chomh minic is a dúramar, ‘Ó mo dhuine! Tá a (h)ainm ar bharr mo theanga agam!’ Ach níl tú in ann smaoineamh ar an ainm sin ach amháin go mbaineann sé le duine mór le rá éigin. Mo dhuine, sea. Cad is ainm dó? An-aisteoir.

An aithníonn tú an boc seo, mar shampla? Cén t-ainm atá air? Mheasas gur aithníos é ach ní rabhas cinnte. Is cinnte nach raibh a ainm ar eolas agam.

Is é Danny Trejo é. Cá bhfaca tú cheana é? Sa tsraith Breaking Bad, díreach é. Fáilte go dtí Club na gCeiliúrán. Líon na mball? Billiún + . . .

 

Scéal a bhainfeadh deoir as cloch

My Brother’s War
le Jessica Hines
foilsithe ag Dewi Lewis Publishing
£35.00, clúdach crua
184 leathanach, 90 grianghraf daite
40 litir
Toisí: 270mm x 206mm

Galar is ea Neamhord Strus Iarthrámatach a fhulaingíonn go leor saighdiúirí agus duine acu ab ea Gary Hines. Faraor, ní raibh sé in ann an strus a sheasamh a thuilleadh agus chuir sé lámh ina bhás féin.

Tháinig a dheirfiúr Jessica ar bhoiscín ina raibh litreacha agus grianghraif. Bhuail sí lena chomhshaighdiúirí nuair a tháinig na ‘laochra’ le chéile arís agus thug sí féin dhá chuairt ar Vítneam.

Cad a tharla dá deartháir Gary a chaith dhá bhliain ag troid ar son Uncail Sam? Bhí uirthi a fháil amach di féin.

I measc na litreacha sa bhoiscín sin bhí litreacha grá ó chailín Vítneamach a raibh focal is lámh idir í agus Gary.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Mairfidh cáil Chú Chulainn go deo ach cad faoi cheiliúráin ár linne féin?'