MIONLÉIRMHEAS: Glúin réabhlóideach Ginsberg agus a chulaith bhréidín ó Dhún na nGall

Bhuaileas le Ginsberg nuair a tháinig sé go hÉirinn. Is ag ceiliúradh 50 bliain ó foilsíodh an dán réabhlóideach aige, Howl, a bhíomar. Thug sé an-léamh uaidh i Halla na Saoirse. An táille a ghearr sé ar lucht eagraithe an léimh? Culaith bhréidín ó Dhún na nGall! Mura bhfuil spéis agat in Ginsberg, seans nach bhfuil a […]

MIONLÉIRMHEAS: Glúin réabhlóideach Ginsberg agus a chulaith bhréidín ó Dhún na nGall
Allen Ginsberg, ina shuí mar iógaí san Ionad Filíochta i San Francisco

Bhuaileas le Ginsberg nuair a tháinig sé go hÉirinn. Is ag ceiliúradh 50 bliain ó foilsíodh an dán réabhlóideach aige, Howl, a bhíomar. Thug sé an-léamh uaidh i Halla na Saoirse. An táille a ghearr sé ar lucht eagraithe an léimh? Culaith bhréidín ó Dhún na nGall!

Mura bhfuil spéis agat in Ginsberg, seans nach bhfuil a fhios agat go mba fhile haiku é chomh maith agus bhí lámh agam féin i bhfíseán a dhírigh ar an ngné sin dá thallann. Cailleadh an Búda an teideal atá air:

https://www.youtube.com/watch?v=NSbEgGtmXW0&list=PL-grxZIX7gMhdl_L8X4S6ZlrEkqssAz83&index=2

Duine eile den ghlúin réabhlóideach Beat ab ea Kenneth Rexroth.

Seo thíos dán cosmach de chuid Rexroth ina bhfuil súil na cruinne in ann í féin a fheiceáil!

Croí Herakles

I mo luí dhom fé na réaltaí,
oíche shamhraidh,
déanach, agus réaltbhuíonta
an fhómhair ag dreapadh na spéire,
fad is atá Braisle Earcail
ag titim siar
cuirimse an teileascóp i leataobh
agus breathnaím ar Dheneb
is é ag gluaiseacht i dtreo an fhorair.
Fá shuan atá mo cholainn. Níl
ina ndúiseacht ach mo shúile is m’inchinn.
Seasann na réaltaí im’ thimpeall
gona súile órga, ní heol dom a thuilleadh
an tús ná an chríoch.
Leoithne lag sna giúiseanna dorcha,
agus an féar nach bhfeictear,
An domhan crochta, na réaltaí ina saithe
agus súil acu a chíonn í féinig.

Deirtear faoin nglúin Beat go mba thábhachtaí leo daoine ná cúrsaí eacnamaíochta agus ba thábhachtaí leo an éiceolaíocht ná an tionsclaíocht. An aon ionadh go mbítí ag caitheamh anuas orthu! Gealta, gan amhras.

(Íomhánna as an leabhar Beatitude: The Beat Attitude, grianghraif le Joey Tranchina, foilsithe ag Steidl Verlag)

https://www.youtube.com/watch?v=NSbEgGtmXW0&ab_channel=INNERSOULFILMS

 

Meiriceá – thíos seal, thuas seal

Joel Sternfeld : American Prospects
Téacs le Andy Grundberg
Steidl a d’fhoilsigh
Dearadh: Joel Sternfeld & Holger Feroudj / Steidl Design
108 lch
52 íomhá
Toisí: 12 x 9.9 in. / 30.5 x 25.3 cm
Clúdach crua.
Luach:  € 50.00
ISBN 978-3-96999-229-6

Is minic as cló é American Prospects ach tá eagrán nua ar fáil de anois, spléachadh ar Mheiriceá i gcaitheamh na séasúr, dóchas agus éadóchas na ndaoine ann. Féachtar ar Mheiriceá anseo mar ‘dhéagóir’ nach dtuigeann a neart féin, agus nach bhfuil a fhios aige i gceart cad atá roimhe.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Glúin réabhlóideach Ginsberg agus a chulaith bhréidín ó Dhún na nGall'