MIONLÉIRMHEAS: Fís gheal na bPantar Dubh

Bhíos im’ leaid óg nuair a chuala mé trácht ar na Pantair Dhubha agus mheasas gurbh iontach an t-ainm ar ghluaiseacht é. Bhraitheas chomh maith, áfach, go raibh an bholscaireacht ina gcoinne an-scanrúil agus ní cuimhin liom go raibh meáin na hÉireann róbháúil leo ag an am. Cheapfá go mbeadh daoine in Éirinn – an […]

MIONLÉIRMHEAS: Fís gheal na bPantar Dubh

Comrade Sisters: Women of the Black Panther Party
Grianghraif le Stephen Shames.
Téacs le Ericka Huggins
Foilsithe ag Acc Art Books, 2022
192 lch
Toisí: 9.45in x 11in”

Bhíos im’ leaid óg nuair a chuala mé trácht ar na Pantair Dhubha agus mheasas gurbh iontach an t-ainm ar ghluaiseacht é. Bhraitheas chomh maith, áfach, go raibh an bholscaireacht ina gcoinne an-scanrúil agus ní cuimhin liom go raibh meáin na hÉireann róbháúil leo ag an am.

Cheapfá go mbeadh daoine in Éirinn – an chléir, an earnáil oideachais, ealaíontóirí, gluaiseacht na Gaeilge etc. – cheapfá go mbeidís báúil le dream ar bith a bheadh ag iarraidh a gcearta a fháil agus athbheochan spioradálta, chultúrtha agus eacnamaíoch a lorg dóibh féin, slí éigin chun éalú as fáinne fí an fhoréigin; ach ní mar sin a bhí. Níor chuala mise na Pantair Dhubha á moladh ag mórán daoine, as a n-aisling, as a gcrógacht.

Bhí go leor le déanamh ag na mná chun nach mbeadh náire ar a gcuid páistí, chun

go mbeadh misneach acu agus neart chun troid ar son a gceart, ó thaobh cúrsaí sláinte de, cúrsaí tithíochta, oideachais agus bunriachtanais eile na beatha:


 

Ard (2017) le William Wegman

Flora Photographica

Flora Photographica : The Flower in Contemporary Photographyle William A. Ewing & Danaé Panchaud

Thames & Hudson a d’fhoilsigh
Clúdach crua
272 lch
200 léaráid

Bhí áit speisialta riamh ag bláthanna i stair na grianghrafadóireachta agus ‘fiche bliain faoi bhláth’ atá againn sa leabhar seo, scoth na n-íomhánna bláfara le scór bliain anuas.

Bláthanna do Lisa (2016) le Abelardo Morell

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Fís gheal na bPantar Dubh'