MIONLÉIRMHEAS: An seó spéire is fearr ar domhan agus mná feasa Mheicsiceo

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, grianghrafadóir spraíúil agus sárscríbhneoir as Meicsiceo

MIONLÉIRMHEAS: An seó spéire is fearr ar domhan agus mná feasa Mheicsiceo

Is ag díriú ar roinnt láithreán gréasán a bheidh mé an babhta seo seachas ar leabhair.

Grianghrafadóir spraíúil é Eric Kogan agus tugann sráideanna Nua-Eabhrac an-inspioráid dó:

https://www.erickogan.com/

Baineann sé an-leas as codarsnachtaí agus comparáidí laistigh d’aon ghrianghraf amháin. Mar shampla:

Cumhacht agus grástúlacht na mban atá á cheiliúradh ar láithreán gréasáin Celia D. Luna, mar shampla mná dúchasacha

na Bolaive agus an grá atá acu don chlár scátála:

https://www.celiadluna.com/

 

Ba bhreá liom radharc a fháil ar na Saighneáin uair éigin, caithfidh mé a rá, go háirithe tar éis dom breathnú ar láithreán gréasáin Mikko Lagerstedt.

https://mikkolagerstedt.com/gallery/recent

Spreagadh mé chun haiku a scríobh tar éis dom tamaillín a chaitheamh ag breathnú ar ghrianghraf a ghlac sé den seó spéire is fearr ar domhan!

oilithreacht shíoraí

trí chríocha geala

an anama

Mná Feasa Mheicsiceo

Hoja Santa

le Maciejka Art

£38.00 Clúdach crua
80 grianghraf, dubh is bán agus daite
144 lch
Toisí: 195mmm x 255mm
ISBN:978-1-911306-94-8

Duine de na scríbhneoirí is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ab ea Carlos Casteneda:

https://terebess.hu/english/castaneda.html

Mura bhfuil sé léite agat, agus má tá tú chun blaiseadh dá shaothar den chéad uair, táim go mór in éad leat.

Gheobhaidh tú amach óna chuid leabhar go bhfuil Meicsiceo ag cur thar maoil le draíocht agus le fórsaí osnádúrtha.

Sampla eile den draíocht chéanna is ea an leabhar seo, Hoja Santa, atá suite i gceantar Afracach de Mheicsiceo ar a dtugtar Costa Chica. Ainm ar phlanda beannaithe is ea hoja santa. D’éalaigh an-chuid sclábhaithe Afracacha go dtí ceantar Costa agus tá a sliocht ann go rábach inniu.

Chaith Maciejka Art, ar Polannach í, bliain ina dteannta agus casadh mná na háite uirthi, mná feasa. Meascán de chreidimh éagsúla atá ag

na mná sin – nach gcónaíonn de ghnáth i dteannta na bhfear – an Caitliceachas, credimh Afracacha agus Mheicsiceacha.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An seó spéire is fearr ar domhan agus mná feasa Mheicsiceo'

  • WTF

    Míle buíochas.