MIONLÉIRMHEAS: An chosmhuintir trí shúile duine acu féin

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, portráidí ón tSualainn agus traenálaí éan

MIONLÉIRMHEAS: An chosmhuintir trí shúile duine acu féin

Fear na nÉan

De réir mar atá “dul chun cinn” á dhéanamh ag an duine, tá buanna áirithe a bhí ag ár sinsir romhainn – i bhfad siar – á gcailliúint againn.

Ceann de na buanna sin is ea cumarsáid a dhéanamh lenár gcomhainmhithe ar an bpláinéad seo.

Traenálaí éan é Tristan Plot, fear a mbíonn tóir ar a bhuanna má tá páirt ag éan nó scata éan i ndráma, i ndamhsa nó i scannán.  Tá an dara cló anois ar an duaisleabhar A  Sensitive Education, grianghraif le Francesca Todde, Départ pour l’image, a d’fhoilsigh, 112 leathanach. Toisí: 5¾x8¼”.

Bíonn Tristan ag plé le héanteiripe chomh maith. Is cosúil go ndéanann sé maitheas do dhaoine áirithe, daoine faoi mhíchumas, mar shampla, seanóirí agus príosúnaigh má tá siad in ann cumarsáid a dhéanamh lenár gcairde cleiteacha.

Fear an tSíbín
£36.00 Clúdach crua, / 256 leathanach/ 126 pláta déthonach
Toisí:  285mm x 225mm
ISBN: 978-1-911306-80-1
Foilsithe i gcomhar le Upplandsmuseet agus Landskrona Foto,
An tSualainn

Mac feirmeora ab ea Alinder a rugadh sa bhliain 1878 in Sävasta, sráidbhaile sa tSualainn. Is ann a d’fhan sé ar feadh a shaoil. In áit dul ag obair ar fheirm a thuismitheoirí, d’fhoghlaim sé an ghrianghrafadóireacht.

Gobán ab ea é, ilcheardaí, siopa beag tuaithe aige agus – ar feadh tréimhse – síbín. Bhí an-spéis aige sa cheol agus bhí ceadúnas Sualannach aige chun an lipéad ceirníní His Master’s Voice a láimhseáil.

An chosmhuintir trí shúile duine acu féin atá san albam eisceachtúil seo.

Thángthas ar bhreis is 8,000 dá phlátaí gloine in íoslach leabharlainne sna 1980idí agus táthar ag cur an-spéis ina chuid portráidí ó shin.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An chosmhuintir trí shúile duine acu féin'