MIONLÉIRMHEAS: An buachaill bó a mheall an grianghrafadóir Sasanach

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, an buachaill bó a chuaigh i bhfeidhm ar an ngrianghrafadóir Sabine Rovers

MIONLÉIRMHEAS: An buachaill bó a mheall an grianghrafadóir Sasanach

Cowboy Kees
Grianghrafadóireacht, téacs agus coincheap le Sabine Rovers
Deartha i gcomhar le Studio Spikkel
Eagrán teoranta, 2020
Luach: €35

Tharla go raibh an grianghrafadóir Sabine Rovers in Kamerik, sráidbhaile faoin tuath san Ollainn, sa bhliain 2015 nuair a casadh buachaill bó uirthi. Buataisí. Crios. Hata. Buachaill bó a bhí ann ceart go leor.

Nach ait an rud é. Tá roinnt mhaith Éireannach craiceáilte faoin bhfochultúr céanna agus deinim amach go bhfuil lé speisialta ag TG4 le saghas áirithe ceoil nach féidir a sheinm i gceart gan hata Stetson a chaitheamh.

Kees april 2020 002

Trí bliana agus trí scór d’aois a bhí Kees, ainm an ‘bhuachalla’ úd, agus chuaigh sé i bhfeidhm uirthi. D’fhill sí bliain dár gcionn chun a thuilleadh a fháil amach mar gheall air.

Bhí cónaí ar an mbuachaill bó i dteach adhmaid, tearmann dúlra timpeall air. Bhí suaimhneas éigin ann nár bhraith Sabine sa Háig, an chathair is baile don ealaíontóir seo a rugadh in Ascot Shasana.

De réir a chéile chuir sí aithne níos fearr ar mo bhuachaill, fear a raibh an galar dubhach air, tráth; thréig a bhean is a pháistí é. Is é an saghas duine é, gan amhras, a mheallfadh an grianghrafadóir Sasanach, duine a théann as a slí chun fochultúir a aimsiú.

Is féidir an leabhar neamhghnách seo Cowboy Kees a ordú ó shuíomh gréasáin an ghrianghrafadóra.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An buachaill bó a mheall an grianghrafadóir Sasanach'