Dé Máirt an 11 Iúil, d’éag Milan Kundera, duine de mhórscríbhneoirí na Seicise, na Fraincise agus an domhain, in aois a cheithre bliana is nócha. Rugadh Milan Kundera ar an 1 Aibreáin 1929 (an dáta céanna ar bhásaigh Brian Ó Nualláin i 1966), dáta an-tráthúil do scríbhneoir a raibh an gáire agus nádúr an ghrinn ar cheann dá phríomhthéamaí aige.
Ba cheoleolaí agus pianódóir a athair, Ludvík Kundera, agus rinne a mhac Milan staidéar ar an gceol, chomh maith le léann na litríochta agus an stiúrthóireacht scannán.
D’fhás Kundera aníos i gcathair Brno sa tSeicslóvaic agus bhí a stair phearsanta nasctha go dlúth le stair na tíre sin. Mar fhear óg, chreid sé go láidir sa chóras Cumannach a fuair forlámhas ar an tSeicslóvaic i 1948. D’aithin sé nádúr ollsmachtach an chórais go luath, ámh, agus bhí sé i dtosach an tslua le linn Earrach Phrág faoi dheireadh na seascaidí, ag iarraidh saoirse na n-ealaíon agus leasuithe eile sa chóras.
Tá an taithí sin – taithí an duine a thug a dhílseacht d’idé-eolaíocht tráth ina shaol ach ar tháinig díomá orthu fúithi ina dhiaidh sin – lárnach ina chuid saothar, an t-úrscéal is cáiliúla dá chuid, Nesnesitelná lehkost bytí san áireamh [a aistríodh go Béarla mar, The Unbearable Lightness of Being, 1984].
Sna blianta tar éis do thancanna an Aontais Shóivéadaigh an ghluaiseacht sa tSeicslóvaic a chur faoi chois i 1968, d’éirigh cúrsaí níos measa do Kundera agus bhog sé go dtí Páras, áit ar mhair sé go dtí lá a bháis. Níor fhill sé rómhinic ar a thír dhúchais fiú tar éis thurnamh an Chumannachais in 1989 – bhí caidreamh achrannach aige leis na heasaontóirí timpeall ar Václav Havel (drámadóir agus uachtarán na tíre tar éis na réabhlóide) a bhí taobh thiar den mhórathrú sin.
Agus é i bPáras, thosaigh sé ag scríobh as Fraincis de réir a chéile – scríbhneoir dátheangach a bhí ann, mar sin, a bhí in ann tairbhe a bhaint as an dá dhúchas chomh maith le traidisiún liteartha na hEorpa trí chéile.
Is mar úrscéalaí a bhain sé cáil dhomhanda amach. Is breá liom i gcónaí a chéad úrscéal, Žert (An Jóc, 1965) a nascann a thaithí phearsanta leis an gCumannachas agus stair na Seicslóvaice le téamaí ginearálta ar nós an ghrinn, na hidé-eolaíochta agus an díoltais. Dála an scéil, rinne Jaromil Jireš scannán iontach bunaithe ar an úrscéal i 1968.
Úrscéal eile a chuaigh go mór i bhfeidhm orm ná Kniha smíchu a zapomnění (Leabhar an Gháire agus na Díchuimhne, 1979) ina gcleachtann Kundera a stíl shainiúil scríbhneoireachta a cheanglaíonn plotaí neamhspleácha agus stíleanna éagsúla le chéile go healaíonta.
Ba nuálaí a bhí i Kundera chomh maith le bheith ina thraidisiúnaí agus é ag treabhadh seánra an úrscéil. Fuair sé inspioráid ó úrscéalaithe móra – Cervantes, Rabelais, Sterne, Diderot agus eile – a chuir béim ar an éagsúlacht stíle agus ábhair agus a d’fhéach leis an fhoirm liteartha a leathnú amach.
Thar aon rud eile, bhí sé ina mháistir ar an aiste liteartha – sleachta ar an bhfealsúnacht, ar an stair nó ar an gceol laistigh de na húrscéalta, atá ceangailte go scaoilte leis na plotaí. Chun sampla amháin a lua, tá an cur síos is fearr a scríobhadh riamh ar cheol na Moráive, i mo thuairim féin, ar fáil ar leathanaigh Žert. In ainneoin na nuála ar fad, tá a chuid úrscéalta breá soléite i gcónaí agus tá siad in ann aird an léitheora a choinneáil.
Ba chabhair mhór dom féin tuiscintí Kundera agus mé ag déanamh taighde ar údar mór na Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain. Faightear go leor de na tuiscintí siúd sa leabhar aistí L’art du Roman (Ealaín an Úrscéil) a foilsíodh i bPáras i 1986.
Sna haistí sin míníonn Kundera an bealach ar nasc sé an ceol leis an litríocht, rud a d’éirigh le hÓ Cadhain a dhéanamh go seoigh freisin, dar liom, in Cré na Cille. Is ríshuimiúil freisin dearcadh Kundera ar Franz Kafka mar scríbhneoir a raibh bunús daingean réalaíoch taobh thiar dá shaothar, rud a thugann léargas ar leith ar scéalta Kafkacha Uí Chadhain, ‘An Eochair’ go háirithe.
Ag tráth seo a bháis, tá saothar Kundera chomh tábhachtach agus a bhí sé riamh. Sampla amháin ná a aiste pholaitiúil Un Occident kidnappé: Ou la tragédie de l’Europe centrale (An tIarthar Fuadaithe: Tragóid Lár na hEorpa, 1983) ar scríobh mé alt faoi do Tuairisc le déanaí. Athfhoilsíodh aistriúchán Béarla den aiste i mbliana mar gheall ar an gcur síos a dhéanann sé ar an gcoimhlint idir féiniúlacht lár na hEorpa agus mianta impiriúla na Rúise, coimhlint ar tarraingíodh aird an domhain uirthi arís ó thosaigh an cogadh uafásach san Úcráin. Fuair mé amach ó shin gur foilsíodh aistriúchán Gaeilge den aiste i 1990, faoin teideal Croí na hEorpa (ba í Áine Ní Chonghaile an t-aistritheoir).
Dar liom, tá neart ábhar eile i measc scríbhinní Kundera a gcuirfeadh léitheoirí Gaeilge suim iontu. Tá laoch mór litríochta ar lár – ar dheis Dé go raibh a anam uasal.
Indrek Ois
Suaimhneas síoraí ar a anam.Dá mbeadh ort scríbhneoir a roghnú le meon Lár agus Oirthear na hEorpa a thuiscint, ba dheacair Kundera a shárú.
Éamonn Ó Dónaill
Léargas breá ar Kundera. Go raibh maith agat, a Radvan!
Seán Mag Leannáin
Léargas breá ar an scríbhneoir tábhachtach seo agus díol spéise é na cosúlachtaí idir é agus an Cadhnach a ndíríonn an t-údar ár n-aird orthu. Áiféis nó amaidí an tsaoil mar théama ag an mbeirt acu, dar liom féin. Agus é ag glacadh le Duais Iarúsailéim sa mbliain 1985 rinne Kundera tagairt do sheanfhocal Giúdach: smaoiníonn daoine, déanann Dia gáire.
jpmorley0@gmail.com
An-spéisiúil. Rinne mé iarracht ‘An Jóc’ a léamh na blianta ó shin ach d’éirigh mé as. Tabharfad fé an athuair anois.