Tá sé beagnach deich lá anois ó díbríodh Kevin McCarthy as a ról mar cheannasaí ar Theach na nIonadaithe in Washington. Sa tréimhse sin tá margaíocht agus idirbheartaíocht ar bun le duine nua a cheapadh sa ról. Tá Steve Scalise ó Louisiana ainmnithe ach chinn seisean tarraingt siar nuair ba léir nach bhfaigheadh sé tacaíocht an tí agus dá réir tá Tithe na Comhdhála fós i liombó agus níl aon bhealach le próiseas reachtúil na Stát Aontaithe a fheidhmiú.
Ar McCarthy féin a bhí go leor den mhilleán gur díbríodh é. Le linn an tsorcais i mí Eanáir seo caite, nuair ab éigean cúig vóta dhéag a reáchtáil sula bhfuair sé tacaíocht an tí, ghéill sé do na hantoiscigh sa bpáirtí Poblachtach le go bhféadfadh duine amháin rún a mholadh leis an gCeann Comhairle a chur as oifig. Rinne Matt Gaetz amhlaidh agus mhol sé an rún. Chuir sé an deighilt sa bpáirtí i láthair an phobail. Léirigh sé freisin a laghad tacaíochta a bhí ag McCarthy an chéad lá ach go raibh an ball Comhdhála as California diongbháilte go mbeadh an casúr cáiliúil ina lámh aige.
Tá iarracht déanta an phraiseach a bhain le ceapadh agus díbirt McCarthy a sheachaint. Tá iarracht eile ar siúl anois ach is léir an páirtí a bheith iomlán deighilte. Tá leathshúil ag go leor acu ar cén tuairim a bheidh á nochtadh ag Donald Trump. Dúirt sé nach raibh aon locht aige ar Scalise agus tá sé sásta tacú le Jim Jordan as Ohio, an fear eile a bhfuil a ainm dá lua.
Idir an dá linn, ní féidir leis an bpróiseas reachtúil sna Stáit Aontaithe feidhmiú. Tá moill le roinnt seachtainí ar chúnamh fóirithinte breise a chur ar fáil don Úcráin. Le seachtain anuas, tá sé dearbhaithe arís agus arís eile ag an Uachtarán Biden go seasann Meiriceá le hIosrael agus go gcuirfidh sí aon chúnamh nó tacaíocht is féidir ar fáil. Ach ní féidir, mar ní féidir aon rún a chur tríd an gComhdháil.
Mar bharr air sin ar fad tá tubaiste eacnamaíochta ar an mbealach mura ndéantar réiteach faoi ghnóthaí airgeadais na tíre faoin 17 Samhain. Bhí an socrú eatramhach a rinne McCarthy an mhí seo caite lena chinntiú go bhfanfadh oifigí rialtais ar oscailt ar cheann de na cúiseanna gur ghlac a chomhghleacaithe Poblachtacha tuilleadh gráin air.
Cén seans a bheidh ag a chomharba réiteach a dhéanamh in imeacht míosa? Go gceaptar duine nua sa gcathaoir agus an próiseas reachtúil a chur ag obair arís, is cosúil nach bhfuil i ndán don daonlathas is mó ar domhan ach mífheidhm agus géarú arís eile ar an naimhdeas idir polaiteoirí, rud a chothaíonn dúil an phobail sna hathruithe ar an gcóras a gheallann leithéidí Trump.
Fág freagra ar 'Mífheidhm agus naimhdeas na comharthaí sóirt ar chóras polaitiúil SAM'