Mick Jagger – go maire sé an céad is bliain chun aithrí

Lena sciúch óna phutóga aníos, a phocléimneach ar stáitse ar chuma an bhromaigh agus a libhré ildaite, níl aon oidhre ar Mick Jagger ach ár bPáidín Ó Raifeartaigh féin

Mick Jagger – go maire sé an céad is bliain chun aithrí

Mick Jagger na ceithre fichid!

Bail ó Dhia ar a spága lúfara ag pramsáil ar stáitsí an domhain gan trácht ar a ghnúis neamhbhreá a raibh mealladh na mban ann ón chéad lá a bhuail sé ‘cois air’.

Deinimis comhghairdeas ó chroí leis.

Ní gá faid saoil a ghuí air. Tá sé sin slánaithe aige ach ná deinimis é a chiorrú ach chomh beag.

Go maire sé an céad is bliain chun aithrí…

Ní baol go mbeidh aon ocras air an chuid eile dá shaol, nach bhfuil suas le cúig chéad is a fiche milliún punt ina phóca tóna aige leis, as a chuid ‘saothair’, bail air.

Is maith é an rock ’n roll.

Chun a cheart a thabhairt do Jagger d’aithin sé fhéin is an grúpa ceoil na Rolling Stones tábhacht agus áilleacht cheol an chine ghoirm siar na caogaidí, ceol na nGormachaí i Meiriceá Thuaidh.

Meas thar na bearta aige ar Muddy Waters, laoch an cheoil san.

Go deimhin is ó amhrán a chum Waters, Rollin’ Stone a thóg an grúpa a n-ainm.

Duine a saolaíodh ar ‘plantation’ i Mississippi ab ea Muddy, áit a bhí bunaithe ar sclábhaíocht an chine ghoirm, agus thug sé leis an ceol a chuala sé ina thimpeall.

Thóg an bailitheoir cáiliúil Alan Lomax an-chuid saibhris uaidh, duine a dhein amhlaidh in Éirinn.

Ní bréag a rá nach ar chumas ceoil is ‘gabháil fhoinn’ Jagger is mó a bhíonn a ainm i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann.

Ní ar a bhreáthacht fhisiciúil ach oiread, an créatúr, a bhíonn an chaint ach a chumas na girseacha a bhréagadh ina nduine is na nduine.

Ní foláir nó bhain sé feidhm as ball seirce, coaxalorum, nó potions suaithinseacha éigin chun mná breátha na cruinne a chur fé dhraíocht.

Thug cúigear acu ochtar clainne ar an saol dó. Bhí sé pósta le beirt acu, ach féach nuair a tháinig sé go dtí na pinginí, thug sé Jerry Hall chun cúirte ar an údar ná rabhadar pósta i gceart in ao’ chor agus mar sin ná raibh sí i dteideal mórán. Ceathrar clainne a thug sí sin ar an saol dó.

Anois nach lách rómánsúil an buachaill é Jagger. Is liomsa a bhfuil agam…

Níor fhoghlaim Jerry Hall ceacht, an chleiteog, nár chuaigh sí ceangailte i líonta Mhurdoch ní chomh fada san ó shin é.

Is léir ná bíonn eagla ar an gcat a dóitear uaireanta, cuma cad a deir an seanrá…

Caoga a dó atá an ‘leanbh’ is sine ag Mick Jagger agus seacht mbliana d’aois an té is óige.

Lena sciúch óna phutóga aníos, gan trácht ar a phocléimneach ar stáitse ar chuma an bhromaigh, a libhré ildaite ..níl aon oidhre air ach ár bPáidín Ó Raifeartaigh féin.…

Bríste gan básta a bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh

Hata buí ard a bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh

Cosa caola arda a bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh

Is d’éalaigh mo ghrá-sa le Páidín Ó Raifeartaigh

Éirigh i do shuí a Pháidín Uí Raifeartaigh

Faraor ní fhéadaim, tá ioscadaí laga ionam

Tá mé san aois, ach níl trí troithe ar fad ionam.

Féach mar sin fhéin go raibh mealladh na mban ionam…

Pé cumas a bhí ann na mná a mhealladh is beag duine dá aos a bheadh chomh haclaí súpláilte…agus na ceithre fichid ag Mick Jagger.

Ach is ar éigean a chaith sé a shaol a’ cnuchairt mhóna ná a’ briseadh cloch.

Go maire sé….

Fág freagra ar 'Mick Jagger – go maire sé an céad is bliain chun aithrí'

  • jpmorley0@gmail.com

    Dá mbeadh Mick Jagger nó Rupert ag iarraidh déirce ar thaobh na sráide an mbeadh tóir orthu…ag éinne?

  • Adelphi 64

    ‘…bliain chun aithrí…’ N’fheadar an leor bliain? Más buan mo chuimhne is é an Jaggerock céanna nár chuir fiacail ann leath-chéad bliain a dúirt sé: ‘Let he who is amongst you without sin jail the first Stone.’