Michelle O’Neill ceaptha ina ceannaire ar Shinn Féin ó thuaidh

Tagann O’Neill i gcomharbacht ar Martin McGuinness a d’éirigh as ag tús na míosa seo. Bhí sí ina hAire Sláinte san Fheidhmeannas deiridh

Michelle O’Neill ceaptha ina ceannaire ar Shinn Féin ó thuaidh

Michelle O'Neill, ceannaire Shinn Féin ó thuaidh

Is í Michelle O’Neill ceannaire nua Shinn Féin ó thuaidh. Tá O’Neill, atá ina Comhalta den Tionól Reachtúil do thoghcheantar ‘Lár-Uladh’ agus bhí sí ina hAire Sláinte san Fheidhmeannas deiridh.

Tagann sí i gcomharbacht ar Martin McGuinness, a d’éirigh as ag tús na bliana seo i bhfianaise na conspóide a bhain leis an scéim teasa inathnuaite, RHI.

Is as Cluain Eo i gContae Thír Eoghain í O’Neill ó dhúchas. Bhí baint aici le cúrsaí polaitíochta ó bhí sí ina déagóir agus bhí sí i róil shinsearacha éagsúla i Sinn Féin ó shin. D’oibrigh sí i dTionól Stormont ó 1998 go 2005 mar chomhairleoir polaitíochta ag an iar-CTR, Francie Molloy, sular sheas sí féin don rialtas áitiúil in 2005.

Bhí sí ina comhairleoir ar Chomhairle Dhún Geanainn agus Thír Eoghain Theas ó 2005 go 2010 agus ba í an chéad bhean a bhí ina Méara ar Dhún Geanainn.

Ceapadh ina hAire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe í i ndiaidh thoghchán 2011. Atoghadh í i dtoghchán na bliana seo caite agus ceapadh ina hAire Sláinte í.