Tá Micheál Martin tofa ina Thaoiseach den dara huair.
95 Teachta Dála a vótáil ar son a ainmniúcháin agus 76 a vótáil ina choinne.
Agus na vótaí caite ar deireadh inniu, cuirfear ar athló an Dáil le deis a thabhairt do Martin séala a oifige nua a fháil ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin.
Bhí Martin, a toghadh chun na Dála den chéad uair i 1989, in oifig an Taoisigh cheana, ó Mheitheamh 2020 go dtí mí na Nollag 2022 nuair a tháinig Leo Varadkar i gcomharbacht air mar chuid de shocrú babhtála an chomhrialtais dheireanaigh.
Beidh Martin ina Thaoiseach go dtí mí na Samhna 2027 nuair a thiocfaidh ceannaire Fhine Gael agus an Tánaiste nua Simon Harris i gcomharbacht air.
Dúirt sé gur “onóir an-mhór” a bhí ann dó féin a bheith ainmnithe “le bheith ina cheannaire ar an Rialtas i bpoblacht a bhí saor, daonlathach agus ilghnéitheach”.
Agus é ag caint tar éis don Dáil glacadh lena ainmniúchán dúirt Micheál Martin go raibh “parlaimintí ag éirí níos cantalaí agus níos deighilte”
“Is mór an trua é go bhfuil parlaimintí go leor ar fud na cruinne ag éirí níos cantalaí agus níos deighilte. Is éard atá iontu anois ná ardáin atá tugtha níos mó do bhladhmann áibhéalach an léirsithe seachas áit inar féidir le grúpaí éagsúla díospóireacht a dhéanamh le dea-thoil agus easaontú lena chéile go measúil.”
“An lá seo agus an dualgas bunreachta is tábhachtaí atá curtha orainn á chomhlíonadh againn mar ionadaithe an phobail, ba chóir dúinn nóiméad a chaitheamh ag cuimhneamh ar a bhfuil i bpáirt againn agus meas a léiriú ar na rudaí sin.”
Dúirt sé gur maith gur léir dó inniu traidisiún an daonlathais atá forbartha ag an stát le breis is céad bliain.
“Ní ceart dúinn go deo a bheag a dhéanamh de na cearta agus na deiseanna a shaothraigh na glúine a shuigh romhainne sa teach seo dúinne, ná de na fir agus na mná a throid agus a d’oibrigh le Dáil Éireann a bhunú.”
D’ainmnigh Sinn Féin ceannaire an pháirtí, Mary Lou McDonald, d’oifig an Taoisigh.
Léiriú eile an dara tréimhse mar Thaoiseach a bheith faighte aige ar an teacht aniar atá i Martin mar pholaiteoir. Toghadh ina cheannaire ar Fhianna Fáil é roimh olltoghchán 2011 nuair ba dhóbair gur scriosadh an páirtí ar fad.
Toghadh Martin ina Thaoiseach breis is lá níos déanaí ná mar a bhí beartaithe mar gheall gur imigh cúrsaí ó smacht faoi aighneas maidir le cead cainte ar bhinsí an fhreasúra a bheith ag Teachtaí Dála neamhspleácha atá ag tacú leis an rialtas nua.
Agus séala a oifige faighte in Áras an Uachtaráin aige, tabharfaidh Micheál Martin aghaidh ar a oifig nua i dTithe an Rialtais agus ceapfaidh sé a chuid airí.
Níos déanaí tráthnóna tiocfaidh an Dáil i gceann a chéile arís chun beannacht na Dála a fháil do na hairí nua.
Beidh ceannaire Fhine Gael Simon Harris ina Thánaiste agus ina aire gnóthaí eachtracha agus cosanta sa Dáil nua. Paschal Donohoe, Fine Gael, a bheidh ina aire airgeadais agus leascheannaire Fhianna Fáil, Jack Chambers, a bheidh ina aire caiteachais phoiblí.
Tuairiscítear go mbeidh Jennifer Carroll MacNeill (FG) ina haire sláinte, go mbeidh Jim O’Callaghan (FF) ina aire dlí agus cirt agus go mbeidh Helen McEntee (FG) ina haire oideachais.
De réir tuairiscí fanfaidh Darragh O’Brien (FF) ina aire tithíochta agus tabharfar ardú céime do Peter Burke mar aire fiontraíochta.
Deirtear gurb í Norma Foley a bheidh ina haire coimirce sóisialaí agus is cosúil go mbeidh Martin Heydon (FG) ina aire talmhaíochta agus go mbeidh Mary Butler (FF) ina haire leanaí agus daoine faoi mhíchumas. An aireacht chumarsáide, ealaíon agus meán a bhí á tuar do Patrick O’Donovan (FG), iar-aire stáit Gaeltachta, agus d’fhéadfadh gurb í an Roinn Breisoideachais atá i ndán do Dara Calleary (FF), fear eile a chaith tamall gearr ina aire stáit Gaeltachta. James Lawless Fianna Fáil is mó atá á lua le cúrsaí iompair agus timpeallachta.
Nuair a fhillfidh an Dáil tráthnóna beidh 10o nóiméad ann le deis chainte a thabhairt maidir leis na hainmniúcháin.
10 nóiméad an duine a bheidh ag an Taoiseach agus na ceannairí eile lena gcuid cainte a dhéanamh.
Cuireadh toghadh an Taoisigh siar inné mar gheall ar raic sa Dáil a bhain le haighneas faoi ghrúpa Teachtaí neamhspleácha atá ag tacú leis an rialtas nua ach atá ag iarraidh cuid d’am cainte an fhreasúra a bheith acu.
Cuireadh imeachtaí an lae inniu siar trí uair a chloig eile fad is a bhí Simon Harris agus Micheál Martin i mbun cainteanna le ceannairí an fhreasúra d’fhonn teacht ar réiteach ar an achrann a d’fhág go raibh an Dáil ina cíor thuathail inné.
D’fhógair an Ceann Comhairle Verona Murphy ar maidin nach mbeadh cead cainte ó bhinsí an fhreasúra inniu ag an ngrúpa nua teicniúil ar bhain an chonspóid leis. Dhéanfaí an cheist a scagadh as seo go dtí an 5 Feabhra nuair a fhillfidh an Dáil i ndiaidh sosa.
Chuir ceannaire Shinn Féin Mar Lou McDonald fáilte roimh an scéala go raibh “glactha ag an rialtas ar deireadh leis go gcaitear idirdhealú a dhéanamh idir an Rialtas agus an freasúra agus nach féidir le haon TD a bheith sa rialtas agus sa bhfreasúra”.
Dúirt sí, áfach, nárbh leor “socrú sealadach don lá inniu”.
Fág freagra ar 'Micheál Martin tofa ina Thaoiseach den dara huair'