Mic léinn ó Stáit Aontaithe Mheiriceá sa Ghaeltacht chun blaiseadh a fháil de na meáin Ghaeilge

Tá grúpa mac léinn as Ollscoil Rutgers i New Jersey ar cuairt ar Chonamara an tseachtain seo le staidéar a dhéanamh ar na meáin chumarsáide atá ag freastal ar phobal na Gaeilge

Mic léinn ó Stáit Aontaithe Mheiriceá sa Ghaeltacht chun blaiseadh a fháil de na meáin Ghaeilge

Tá an tseachtain seo caite i gConamara ag rang mic léinn iriseoireachta agus cumarsáide ó Ollscoil Rutgers i New Jersey Mheiriceá a tháinig anall le staidéar a dhéanamh ar na seirbhísí meáin chumarsáide atá ag freastal ar phobal na Gaeilge agus ar chúlra stairiúil na teanga is an chultúir Ghaelaigh.

Deichniúr atá sa rang faoi cheannas an Ollaimh Regina Marchi a leag amach an cúrsa mar chuid dá clár teagaisc i Roinn na hIriseoireachta agus Staidéar Meáin i nOllscoil Rutgers, an Ollscoil Stáit i New Jersey.

Bhí lámh ag an gcolúnaí seo freisin i réiteach an chúrsa mar chomhairleoir agus mar comhordaitheoir ar na himeachtaí éagsúla le linn na cuairte.

Ar an gCeathrú Rua a chuir na mic léinn fúthu agus chuir siad tús le hobair na seachtaine in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge áit ar fhreastail siad ar cheardlann faoi stair na teanga. Fiú d’fhoghlaim siad roinnt leaganacha bunúsacha Gaeilge.

Thugadar cuairt ar maidin inniu ar oifigí Tuairisc i mBearna áit a bhfaca siad an obair atá ar siúl leis an tseirbhís nuachta Gaeilge a chur ar fáil ar líne in Éirinn agus thar lear.

I rith na seachtaine thug na mic léinn cuairt ar cheanncheathrú RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, ar TG4 i mBaile na hAbhann agus ar seit an tsobaldráma Rós na Rún sa Spidéal. Le linn seisiún in oifigí Údarás na Gaeltachta sna Forbacha fuair siad léargas ar obair na heagraíochta. Mar chuid eile den chlár imeachtaí bhíodar in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc; chuala siad scéalta ón seanchaí cónaithe i nOllscoil Na Gaillimhe, Máirín Mhic Lochlainn agus chaith siad lá ar Inis Mór.

An deireadh seachtaine seo beidh na mic léinn ag freastal ar cheardlann in Ollscoil na Gaillimhe le staidéar a dhéanamh ar na foinsí a bhaineann le nuachtáin, irisí agus foilseacháin Ghaeilge. Ansin gheobhaidh siad deis tamall beag a chaitheamh ag fámaireacht i gCathair na dTreabh. Ar maidin Dé Domhnaigh tabharfaidh siad aghaidh ar Bhleá Cliath agus cuairt ar Raidió na Life, ar Ard-Oifig an Phoist agus ar Cheanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh i measc áiteacha eile.

Fillfidh siad ar Mheiriceá Dé Máirt.

Cé gur ar na seirbhísí meáin chumarsáide comhaimseartha is mó a dhírigh na mic léinn chuir siad spéis freisin sa mbealach ar tháinig meath ar an nGaeilge go stairiúil agus mar a tháinig borradh faoina hathbheochan sa tréimhse roimh bhunú an stáit. In Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc fuair siad deis ar ndóigh tuiscint ar leith a fháil ar thréimhse sin na réabhlóide.

Labhair Seosamh Ó Cuaig agus Máire Áine Ní Fhlathartaigh ansin leo freisin faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus bunú Saor Raidió Chonamara i 1970. Ba dhíol suntais an spéis a chuir na Meiriceánaigh óga sa méid a bhí le rá ag an mbeirt agus ba mhaith uathu ceisteanna meáite a chur faoin tréimhse úd os cionn leathchéad bliain ó shin.

Cúis iontais b’fhéidir go dtiocfadh mic léinn mar seo go hÉirinn, dream nach bhfuil aon cheangal gur fiú trácht air ag an gcuid is mó acu leis an tír seo.

Ní ar thóir craobhacha ginealaigh a tháinig siad seo. Bhíodar sásta costas a chur orthu féin le staidéar a dhéanamh ar an riocht ina bhfuil seirbhísí meáin chumarsáide na Gaeilge mar gur mheas siad gur ábhar thar a bheith spéisiúil atá ann. Is léir go bhfeictear go bhfuil rud luachmhar againn anseo, i ngan fhios dhúinn fhéin, b’fhéidir is tógann sé an tsúil eile ón taobh amuigh sin a fheiceáil uaireanta.

Seo an dara bliain as a chéile gur tharla an cúrsa seo agus tá focal buíochais ag dul do na dreamanna ar fad a labhair leis na mic léinn. Socraíodh an cúrsa an chéad lá riamh trí thimpiste nuair a thug an tOllamh Regina Marchi cuairt ar an gCeathrú Rua scaitheamh de bhlianta ó shin agus ó tharla a spéis acadúil i gcultúir mhionlaigh mheas sí gur ábhar a bheadh ann a thiocfadh go maith leis na cúrsaí a bhí á dteagasc aici.

Is léir óna bhfuil le rá ag na mic léinn go bhfeictear dóibhsean go bhfuil go leor le foghlaim óna bhfuil tugtha chun críche sa nGaeltacht le leathchéad bliain anuas i réimse na meán cumarsáide. Is minic a bhíonn éadóchas is míshástacht, údar clamhsáin is soiniciúlachta ag go leor dá mbíonn ag saothrú i ngort na Gaeilge sa tír seo agus is cinnte gur minic a bhíonn údar ag daoine.

Ach ón oscailt súl a fuair an colúnaí seo le roinnt laethanta ó dhream ón taobh amuigh, b’fhéidir go bhfuil níos mó ábhar mórtais againn ná mar a cheaptar. ‘Wow!’ an ráiteas is mó a chuala mé, ‘féach a bhfuil déanta!’.

Fág freagra ar 'Mic léinn ó Stáit Aontaithe Mheiriceá sa Ghaeltacht chun blaiseadh a fháil de na meáin Ghaeilge'