GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht
Gníomhaíocht 1
Ag obair le do pháirtí scríobh 10 bpointe faoin bpictiúr thuas.
Ábhar machnaimh:
Cá bhfuil an fear?
Cén fáth go bhfuil sé leis féin?
Cén chaoi a mothaíonn sé?
Ar tharla eachtra éigin roimhe seo?
An bhfuil tada ina sheilbh aige?
An bhfuil sé le bualadh le duine éigin?
Céard atá sé ag beartú a dhéanamh?
Gníomhaíocht 2
Nuair atá 10 bpointe scríofa agat bog ar aghaidh chuig páirtí nua agus déan na pointí atá agat a roinnt leis/léi. Is féidir sin a dhéanamh cúpla uair.
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Rólghlacadh!'