MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord
  • Thíos tá cuid d’alt nuachta ó Tuairisc.ie. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtnéir déan iarracht teacht ar an ord ceart.
  • Is féidir an freagra a fháil thíos mar aon le nasc chuig an leagan bunaidh.

LÉIRMHEAS: Is ag Diego agus ag Maradona is fearr atá fios…

  1. agus mhaífeadh mórán gurb é an t-imreoir talmhaí, sciliúil, meabhrach seo an té is cumasaí riamh. 
  2. Tugann an saothar seo le fios go minic gur beirt éagsúil atá i gceist aon uair go ndéantar trácht ar Diego Maradona. Tá Diego ann, an duine lách, geanúil a thug aire na huibhe dá mhuintir;
  3. cúl amháin eile faighte aige bheadh sé ar chomhtharrac le Gary Lineker don Golden Boot. Bhí na cúil ar fad (fiú ceann láimhe Dé go pointe) ar fheabhas.
  4. Maítear go dtugann an dá chúl i gcoinne Shasana léargas ar mheon an duine a scóráil iad. An cúblálaí a fuair an chéad cheann, an draoi a fuair an dara ceann. 
  5. agus tá Maradona ann, an laoch sacair mórchúiseach, mustrach a tharraing achrann air féin de shíor. Fé mar a deir Fernando Signorini, a iarthraenálaí agus a dhlúthchara, linn
  6. i rith an chláir; rachadh sé go deireadh an domhain do Diego ach ní thógfadh sé coiscéim do Maradona. 
  7. Bhí sé i mbarr a mhaitheasa sna blianta beaga ina dhiaidh sin le Napoli agus díríonn cuid mhaith den saothar ar a thréimhse ansiúd.
  8. Ba ar an 5 Iúil 1984 a chuir tuairim is 85,000 duine den lucht leanta fáilte roimhe i Stadio San Paolo sa gcathair.
  9. Déanann an saothar machnamhach, slachtmhar seo iarracht scéal na beirte seo a chniotáil le chéile; an scéal spóirt agus an scéal pearsanta. Tá Diego sa Táin ó thaobh an tsacair
  10. Rug sé greim scrogaill ar chorn an domhain i 1986 agus dhein é a mhúnlú chun a shástachta. Ba é a chroch leis an Golden Ball agus dá mbeadh

Is féidir an leagan ceart a léamh anseo:

Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord'