LÉIRMHEAS: Is ag Diego agus ag Maradona is fearr atá fios…

Déanann saothar machnamhach, slachtmhar Asif Kapadia iarracht scéal ‘Diego’ agus scéal ‘Maradona’ a chniotáil le chéile, an scéal spóirt agus an scéal pearsanta

LÉIRMHEAS: Is ag Diego agus ag Maradona is fearr atá fios…

Pictiúr: Meazza Sambucetti

Diego Maradona
Stiúrthóir: Asif Kapadia

Tugann an saothar seo le fios go minic gur beirt éagsúil atá i gceist aon uair go ndéantar trácht ar Diego Maradona. Tá Diego ann, an duine lách, geanúil a thug aire na huibhe dá mhuintir; agus tá Maradona ann, an laoch sacair mórchúiseach, mustrach a tharraing achrann ar féin dé shíor. Fé mar a deir Fernando Signorini, a iar-thraenálaí agus a dhlúthchara, linn i rith an chláir; rachadh sé go deireadh an domhain do Diego ach ní thógfadh sé coiscéim do Maradona.

Déanann an saothar machnamhach, slachtmhar seo iarracht scéal na beirte seo a chniotáil le chéile; an scéal spóirt agus an scéal pearsanta. Tá Diego sa Táin ó thaobh an tsacair agus mhaífeadh mórán gurb é an t-imreoir talmhaí, sciliúil, meabhrach seo an té is cumasaí riamh.

Rug sé greim scrogaill ar chorn an domhain i 1986 agus dhein é a mhúnlú chun a shástachta. Ba é a chroch leis an Golden Ball agus dá mbeadh cúl amháin eile faighte aige bheadh sé ar chomhtharrac le Gary Lineker don Golden Boot. Bhí na cúil ar fad (fiú ceann Láimhe Dé go pointe) ar fheabhas. Maítear go dtugann an dá chúl i gcoinne Shasana léargas ar mheon an duine a scóráil iad. An cúblálaí a fuair an chéad cheann, an draoi a fuair an dara ceann.

Bhí sé i mbarr a mhaitheasa sna blianta beaga ina dhiaidh sin le Napoli agus díríonn cuid mhaith den saothar ar a thréimhse ansiúd. Ba ar an 5 Iúil 1984 a chur tuairim is 85,000 duine den lucht leanta fáilte roimhe i Stadio San Paolo sa gcathair. Ba churiarracht domhanda a bhí sa táille a thug go Barceolona é agus ba churiarracht domhanda eile a thug go deisceart na hIodáile é. Mheas lucht na háite, a raibh dearcadh ciníoch, uasal le híseal ag lucht an tuaiscirt orthu, go raibh a slánaitheoir tagtha. Tháinig an tuar faoin tairngreacht nuair a thug siad an Scudetto leo don chéad uair riamh i 1987. Dheineadar an bheart arís i 1990.

Bhí forlámhas phiardaí móra an tuaiscirt, Juventus agus an dá Milan, briste.

Ba chathair bhocht í Naples a bhí fiáin chun sacair agus ba leathdhia é Maradona anois. Bhí an-ghean ag Maradona ar an gcathair, ar dtús ach go háirithe.Déantar cíoradh ar an gcomhbhá a bhí aige leis an gcathair óir gur fuineadh agus fáisceadh é féin as slumaí Buenos Aires. An fear óg de chine mheasctha ó phobal agus ceantar imeallaithe san Airgintín ag teacht go cathair imeallaithe na hIodáile.

Is léir go ndein a cháil agus an t-éileamh a bhí ag an bpobal air é á phlúchadh agus a chrá. An cheist a mhúsclaítear arís agus arís eile ná ar imigh sé ar bhóthar a aimhleasa cé go raibh sé ina laoch nó mar go raibh sé ina laoch. D’éirigh sé gafa leis an gcócaon, bhí sé faoi bhos an chait ag an Camorra agus shéan sé a mhac ar feadh na mblianta. Ba é Corn an Domhain san Iodáil i 1990 buille maraithe na muice dá chumann le Napoli. Ina dhiaidh sin ciontach é as coireanna drugaí agus theip sé tástáil drugaí san Iodáil. Chroch sé a sheolta. Theip sé tástáil eile i Meiriceá i 1994 agus cé nach ndéantar mórán trácht ar an eachtra sin, ba é buille maraithe na muice dó mar imreoir.

Déantar sin a threorú tríd an tranglam seo go healaíonta, stuama. Níl tráchtaire againn agus ní fheicimid éinne de na rannpháirtithe agus iad ag caint, ach a n-ionchur fite fuaite le hábhar cartlainne; cuid de le feiscint den chéad uair. Ní chítear Diego sa lá atá inniu ann in aon chor, rud ab ait liom. Lena chois sin níl an oiread sin le clos uaidh is bheifeá ag súil leis.

Léiríonn an saothar duairc seo gur dhíol sé go daor, ródhaor, as an gcáil agus as an gcumas a bhí aige. An bhfuair an cúblálaí an ceann is fearr ar an draoi nó an bhfuair an saol an ceann is fearr ar an mbeirt acu? Is ag Diego agus ag Maradona is fearr atá fios.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Is ag Diego agus ag Maradona is fearr atá fios…'