MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord

Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord

Thíos tá cuid d’alt nuachta ó Tuairisc.ie. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.

Is féidir an freagra a fháil thíos mar aon le nasc chuig an leagan bunaidh.

  1. Dúirt sé freisin nach féidir anois cuid de na nithe atá tarlaithe cheana féin, ardú leibhéal na farraige, mar shampla, a laghdú arís.
  2. An Painéal Idir-rialtasach ar Athrú Aeráide a d’fhoilsigh an taighde nua a bhfuil tacaíocht tugtha ag 195 rialtas dó.
  3. Tá an rabhadh atá tugtha faoi thodhchaí an phláinéid ar an gceann is tréine a tugadh go dtí seo.
  4. Tá an t-athrú aeráide ag tarlú go forleathan, go sciobtha agus ag ráta atá fós ag ardú, de réir tuarascáil nua de chuid na Náisiún Aontaithe a foilsíodh inniu.
  5. Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais sa tír seo, an tAire Eamon Ryan go bhfuil an deis atá againn dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide ag dul i laghad. Tuilleadh tonnta teasa agus méadú ar thuilte de réir mar a ardaíonn an teocht a bheidh romhainn mura n-athraíonn muid an cur chuige atá againn.
  6. Deir na saineolaithe go raibh siad ar fad ar aon intinn nach bhfuil aon amhras faoi ach gurb é tionchar an duine is cúis leis an athrú aeráide.
  7. Tá geallta aige Plean Gníomhaíochta Aeráide a fhoilsiú go luath ina mbeidh liosta de na céimeanna a thógfar maidir le giniúint fuinnimh, soláthar teasa, cúrsaí iompair agus táirgeadh bia leis an athrú aeráide a mhaolú a oiread agus is féidir.
  8. Mura ndéantar laghdú láithreach agus sciobtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ní bheidh sé indéanta feasta an t-ardú ar theas domhanda a theorannú go dtí 1.5°C nó fiú 2°C.
  9. Caithfear laghdú mór a dhéanamh go práinneach agus ar bhonn leanúnach ar aschur dé-ocsaíd charbóin le dul i ngleic leis an dochar atá á dhéanamh don phláinéad.
  10. Deir na heolaithe go bhfuil an t-athrú ag tarlú i ngach réigiún ar fud an domhain, go bhfuil an teas domhanda ag ardú, oighear an Artaigh ag leá agus leibhéal na farraige ag ardú.

Is féidir an leagan ceart a léamh anseo.

Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord'