1) Lig ort gur tú an fear atá sa phictiúr seo. Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos. Úsáid do shamhlaíocht!
- Cén chaoi a mhothaíonn an fear mór, meas tú?
- Céard atá an fear beag ag rá?
- Cé fáth a bhfuil airgead sa phictiúr?
- Céard a tharla roimhe seo?
- Céard a tharla ina dhiaidh seo?
2) Déan an méid a scríobh tú a roinnt leis an duine in aice leat.
3) Anois déan an comhrá iomlán a scríobh.
Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
Cuir mothúcháin in iúl (eagla, sástacht), déan rud éigin a iarraidh, tabhair le fios cén fáth a bhfuil siad ag cogarnaíl, inis cén fáth a bhfuil an t-airgead ansin, cuir éiginnteacht in iúl.
4) Bog ar aghaidh go dtí duine eile agus déan do chomhrá, agus a c(h)omhrá siúd, a aithris.
Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 08 – Rólghlacadh! (Cartlann 2016)'