Bhíodh an-bhéim ar earraí Éireannacha a cheannach nuair a bhí mise óg. Go deimhin, bhí feachtas ‘Buy Irish’ ann go dtí go dtáinig an lá nach bhféadfaí a leithéid a chur chun cinn a thuilleadh.
Is cuimhin liom an racht feirge a chuir sé ar m’athair nuair a chonaic sé lipéid i nGaeilge ar nós ‘Sa tSualainn Tír a Dhéanta’ ar earraí. Cheap sé go raibh na déantúsóirí ag iarraidh an dallamullóg a chur ar mhuintir na hÉireann a ‘thuigfeadh’ ón lipéad i nGaeilge gur sa tír seo a rinneadh é. Ach ar nós go leor eile ónár stair chomhaimseartha, tá sé deacair a leithéid a shamhlú anois.
Agus mé i mbun diantaighde i siopa Penneys an tseachtain seo, chaith mé súil ar an ábhar a bhí ar díol do Lá ‘le Pádraig. Bhí gach rud ‘Made in China’. Níl aon ghá leis an lipéad i nGaeilge níos mó. Meas tú céard a bhí ag dul trí intinn an oibrí sa mhonarcha Shíneach a rinne na mílte culaith leipreacháin den déanamh babygro – agus iad maisithe, fiú amháin, le bróga na mbúclaí ‘práis’- do naíonáin bheaga?
Tá íomhá eile ó m’óige ag teacht chugam anois – na sluaite ollmhóra agus culaith ghorm á caitheamh acu uilig, gach duine acu ag rothaíocht agus gan oiread agus carr amháin le feiceáil ar na bóithre – sin mar a bhíodh sa tSín. Íomhá teilifíse é sin ar ndóigh toisc nach gcuimhneodh éinne an tráth sin taisteal go dtí tír chumannach na haindiagachta sin.
Agus ní fhéadfá a shamhlú go dtiocfadh muintir na Síne chugainne, mar thurasóirí – nach raibh siad faoi ghlas beagnach ina dtír féin ag an réimeas míthrócaireach, cruálach Cumannach?
Ag smaoineamh ar na sean-íomhánna sin a bhí mé agus mé ag féachaint ar American Factory ar Netflix an oíche faoi dheireadh.
Bhí trua agam do léiritheoirí For Sama, clár a rinneadh le linn an chogaidh sa tSiria, nár bhuaigh siad Oscar don scannán faisnéise. Ach thuig mé freisin cén fáth a mbeadh fonn ar lucht na scannán agus na teilifíse i Meiriceá, scannán faisnéise ar nós American Factory a chur chun cinn agus go deimhin an duais mhór a bhronnadh air.
Ní fhéadfadh éinne a shamhlú agus mise ag fás aníos go dtiocfadh an lá go mbeadh billiúnaí ón tSín ag bunú gnó in Dayton, in Ohio Mheiriceá. Nach ansin a bhí tionscal mór na déantúsaíochta carranna cheana féin agus saibhreas dá réir?
Sular dhún General Motors an mhonarcha a bhí acusan in Dayton (ón mbliain 1920) in 2008, bhíodh gnáthoibrí ansin ag saothrú $30 in aghaidh na huaire. Ach tháinig meath ar an tionscal – ní haon ionadh gur tosaíodh ag tabhairt an Rust Belt nó Crios na Meirge ar an gceantar a raibh cáil dhomhanda air mar lárionad thionscal na gcarranna.
Nuair a tháinig an tionsclóir Cao Dewang (‘Chairman Cao’) as an tSín lena ghnó Fuyao chun gaothscáthanna gloine do charranna a dhéanamh, ceapadh go mbeadh rath arís ar an áit.
Ach le scéal fada suimiúil a dhéanamh gearr, léiríonn an méid a dúirt duine de na hoibrithe leis an léiritheoir an dul amú a bhí orthu: ‘Tá m’iníon ag obair i salon i dtionscal na n-ingne agus anuraidh thug sí abhaile $13,000 níos mó ná mar a shaothraigh mise.’
I gcomparáid leis an $30 san uair a bhídís a shaothrú, ba $12 in aghaidh na huaire an pá a bhí anois acu faoin úinéir nua Síneach.
Ní bhfuaireadar aon íocaíocht d’am lóin – leathuair an chloig. Ba ghearr go raibh a gcuid comhoibrithe Síneacha ag tabhairt amach faoi na Meiriceánaigh, á rá go rabhadar leisciúil agus go raibh an iomarca am saor acu – ocht lá in aghaidh na míosa, dochreidte!
Ach bhí an scannán an-tuisceanach freisin maidir leis an gcaoi ar láimhseáladh na scéalta pearsanta. Chonaic muid na hoibrithe Síneacha ag obair go dian dícheallach, iad uile ag iarraidh an oiread agus a d’fhéadfaidís a tháirgeadh chun sprioc an úinéara a bhaint amach.
Agus cé go bhfuil an cumannachas mar a bhí ag maireachtáil taobh le taobh leis an gcaipitleachas sa tSín nua, ba léir go bhfuil rian den chumannachas i bhfeidhm, fiú amháin i dtionscal ar le billiúnaí é. Chonaic muid an comhlacht sa tSín nuair a tugadh roinnt oibrithe ó Mheiriceá go dtí an tSín chun é a fheiceáil.
Agus cé go raibh ‘ceardchumann’ sa mhonarcha, cé a bhí i gceannas air ach deartháir céile an úinéara Cao. Agus is beag an baol go mbeadh aon oibrí ansin ag clamhsán faoi choinníollacha oibre.
Cheap mé go mb’fhéidir gur sampla eisceachtúil a bhí i monarcha Fuyao – cén fáth a mbeadh na Sínigh ag infheistiú i Meiriceá? Ach oibríonn an ‘domhandú’ ar bhealaí aisteacha. Is le comhlachtaí Síneacha cuid de na comhlachtaí móra is mó cáil i Meiriceá anois – General Electric Appliances agus Stocmhargadh Chicago ina measc.
Deir cuid de na tráchtairí eacnamaíochta go bhfuil an tSín anois ag brú polasaithe domhanda a bhíodh go hiomlán faoi stiúir Mheiriceá sa tseanaimsir. Is léir ón méid a dúirt Uachtarán Mheiriceá go gceapann sé go bhfuil an tSín ag iarraidh forlámhas a bhaint amach i saol na cumarsáide leis an gcomhlacht Huawei.
Tá an méid atá bainte amach acu ó chaith siad an seanchóras eacnamaíochta i dtraipisí dochreidte. I 1978 bhí 100% de tháirgeacht na Síne bunaithe ar an earnáil phoiblí – bhí gach duine ag obair don Stát. Bhí an billiúnaí Cao ag maireachtáil ar dhá bhéile anraith in aghaidh an lae an t-am sin agus an t-ocras ag goilliúint air.
Sa lá atá inniu ann tá an táirgeacht Stáit tite go dtí 20%. Agus líon na mbilliúnaithe ag dul i méid, tá an bhochtaineacht fós sa tSín agus difríocht mhór idir an t-ioncam ag an leibhéal is airde agus ioncam na ndaoine bochta. Is amhlaidh an cás i Meiriceá – is ag 10% den dream is saibhre i Meiriceá atá 90% de shaibhreas na tíre.
Bhí rudaí dearfacha sa chlár seo, arbh iad Michelle agus Barack Obama a bhí ina léiritheoirí air in éineacht le Netflix. Ní clár i gcoinne na Síneach a bhí ann – is éard a bhí uathu a dhéanamh ná daoine a thaispeáint agus a léiriú trína gcuid focal féin agus iad i mbun oibre agus i mbun siamsaíochta.
Taispeánadh na Meiriceánaigh agus na Sínigh le chéile, agus fuaireamar an-léargas ar an uaigneas a bhíonn ar lánúineacha óga Síneacha a mbíonn orthu a gclann a fhágáil sa mbaile agus nach bhfeiceann siad iad ach uair nó dhó sa mbliain.
Smaoinímis orthu sin agus muid ag ceannach an babygro, nó an naíbheart leipreacháin sin.
Tomás Ó Maonaile
A Mhairéad,
Seans gurb é