Mearbhall agus masmas in ollsiopa na n-earraí leictreacha

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Ar thóir cluasán nua a bhí an Saoithín Aeráide, ach ansin chuimhnigh sé ar an 57.4 meigeathonna den dramhaíl leictreonach a tháirgtear ar an bpláinéad seo gach bliain.

Mearbhall agus masmas in ollsiopa na n-earraí leictreacha

‘Nach gceannófá cluasáin nua,’ a dúirt leannán an tSaoithín Aeráide leis an Saoithín le deireanas. ‘Níl cuma ná caoi ar na cinn sin.’

Bhí an ceart aige, gan dabht. Bhí leathar bréige na gcluasán chomh caite agus chomh stróicthe sin go raibh an cúisíniú buí ag teacht amach tríd, agus níor chuidigh an réiteach a bhí aimsithe ag an Saoithín Aeráide ar an bhfadhb – an leathar bréige a ‘dheisiú’ le téip dhuchta dhubh – le cuma chuidsúlach a chur ar an bhfearas.

Ach d’oibrigh na cluasáin go breá.

Isteach chuig ollsiopa earraí leictreacha a bhfuil cáil na sladmhargaí air leis an Saoithín mar sin, caol díreach chuig rannóg na gcluasán. Bí ag caint ar ‘strus rogha’! Bhí oiread cineálacha éagsúla cluasán ar fáil gur fágadh an Saoithín ina staic. An gceannódh sé branda aitheanta, nó branda b’fhéidir a bheadh chomh maith céanna ó thaobh na fuaime de ach a bheadh caoga euro níos saoire? An bhfaigheadh sé ceann dubh, ceann bán, ceann liathghlas … nó ceann le cló camouflage? Agus cén bhrí a bhí le ‘cealú torainn uathoibríoch’?

Ní mearbhall amháin a bhí ar an Saoithín ar ndóigh. Bhí rud éigin eile ag cur as dó: an masmas sin a thagann ort nuair a bhíonn tú ar tí rud éigin a dhéanamh atá in aghaidh do chuid prionsabal.

De réir fhigiúirí na bliana seo caite, táirgeadh 57.4 meigeathonna den dramhaíl leictreonach ar an bpláinéad seo agus ní dhearnadh athchúrsáil ach ar an gcúigiú cuid den charn bruscair sin.

D’fhág an Saoithín an siopa faoi dheifir agus gan aon chluasáin nua ar a cheann; chuirfeadh sé píosa eile den téip dhubh ar na cinn a bhí aige.

An tseachtain ina dhiaidh sin, cheannaigh an Saoithín iPhone ‘nua’ i siopa ar líne – uaschamóga ar an bhfocal sin ‘nua’ toisc gur gléas athchóirithe a bhí ann, nó ‘refurbished’ mar is maith le lucht na margaíochta a thabhairt ar an gcineál seo earra dara láimhe i mBéarla.

Cinnte, bhí lorg scríbe nó dhó ar chúl an ghléis agus ceann beag bídeach ar an scáileán, ach iPhone SE 2020 ar €219 … Ní hamháin sin, ach mhaígh an siopa ar líne gur shábháil an Saoithín 27 gcileagram aschuir CO2 toisc gur cheannaigh sé gléas athchóirithe seachas gléas nua as an bpíosa. Sin an méid céanna agus a shéidfeadh carr beag san aer ar aistear 160 ciliméadar – turas ó Chathair na Gaillimhe go Cionn Átha Gad.

Ní hionann agus na cluasáin, bhí iPhone nua ag teastáil ón Saoithín dáiríre; bhí an ceann a bhí aige chomh sean sin nach raibh sé ag uasdátú a thuilleadh agus bhí an chuimhne i gcónaí gann. Gheobhaidh mac leannán an tSaoithín Aeráide an ceann sin; déanfaidh sé cúis go ceann píosa do bhuachaill 11 bliain d’aois nach bhfuil guthán dá chuid féin aige go fóill.

Fág freagra ar 'Mearbhall agus masmas in ollsiopa na n-earraí leictreacha'