Méara Boston Marty Walsh roghnaithe ag Joe Biden mar rúnaí saothair

Is mac é Marty Walsh le John Walsh, nó John Mháirtín Tom as Caladh Mhaínse, Carna, nach maireann, agus Mary Walsh, nó Mary Joe Pheadair Uí Mháille, as Ros Cíde, Ros Muc

Méara Boston Marty Walsh roghnaithe ag Joe Biden mar rúnaí saothair

Marty Walsh agus é ar cuairt ar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna

Tuairiscítear go bhfuil Méara Boston, Marty Walsh, ar de bhunadh Chonamara é, roghnaithe ag Joe Biden le bheith ina rúnaí saothair i rialtas an Uachtaráin thofa.

Is mac é Marty Walsh le John Walsh, nó John Mháirtín Tom as Caladh Mhaínse, Carna, nach maireann, agus Mary Walsh, nó Mary Joe Pheadair Uí Mháille, as Ros Cíde, Ros Muc.

Toghadh an polaiteoir de chuid na nDaonlathach ina mhéara ar Bhoston den chéad uair i Samhain 2013 agus atogadh é sa phost sin, le beagnach 65% den vóta, in 2017.

Bhí feachtas ar bun le tamall i measc ceardchumannaithe sinsearacha sna Stáit Aontaithe a bhí ag iarraidh go gceapfadh an tUachtarán nua-thofa Méara Bhoston ina Rúnaí Saothair sa Rialtas nua i Washington.

Tá an tuairimíocht faoi Walsh a bheith sa gcomhaireamh le haghaidh post Rialtais i Washington ar bun le tamall.  Cairde pearsanta iad an Méara Walsh agus Joe Biden agus tuigtear go bhfuil an tUachtarán nua-thofa an-tógtha le hobair Mharty Walsh i mBoston.

Tá Conamara go mór i gcúlra na mball Gael-Mheiriceánacha atá dá n-ainmniú ag Joe Biden. Tá an post mar Leascheann Foirne tugtha do Jennifer O’Malley-Dillon a mba as Ceantar na nOileán a seanmhuintir. Tá Denis McDonough, iarCheann Foirne le Barack Obama, ainmnithe mar rúnaí a bhfuil cúram na n-iarshaighdiúirí agus lucht míleata na Stát air. As Carna seanathair McDonough agus ba as ceantar na Ceathrún Rua a sheanmháthair.

 

Fág freagra ar 'Méara Boston Marty Walsh roghnaithe ag Joe Biden mar rúnaí saothair'

  • An teanga bheo

    Maith Thu mharty go haontach

  • An teanga bheo

    Maith Thu mharty go haontach