Feachtas tosaithe ag ceardchumainn go mbeadh Marty Walsh ina Rúnaí Saothair i rialtas Joe Biden

Tuigtear go bhfuil Méara Boston, arb as Gaeltacht Chonamara a bheirt tuismitheoirí, ag déanamh a chuid machnaimh ar an tuairimíocht seo uilig faoina bhfuil i ndán dó sa bpolaitíocht

Feachtas tosaithe ag ceardchumainn go mbeadh Marty Walsh ina Rúnaí Saothair i rialtas Joe Biden

Tá feachtas tosaithe i measc ceardchumannaithe sinsearacha sna Stáit Aontaithe atá ag iarraidh go gceapfadh an tUachtarán nua-thofa, Joe Biden Méara Bhoston, Marty Walsh ina Rúnaí Saothair sa Rialtas nua i Washington.

D’fhógair Richard Trumpka, Uachtarán an AFL-CIO, cónaidhm ceardchumainn éagsúla ar fud na tíre a thacaíocht don Mhéara Walsh, arb as Gaeltacht Chonamara a bheirt tuismitheoirí, agus tá ceardchumainn na múinteoirí i measc na ndreamanna eile atá glórach ag tacú leis.

Dúirt an ceannasaí atá orthu siúd, Randi Weingarten, go bhfuil an cúlra ceardchumainn agus an taithí ag Walsh le bheith éifeachtach agus cothrom mar Rúnaí Saothair.

Tá Uachtarán cheardchumann na státseirbhíseach, Cónaidhm Fhostaithe Stáit, Contae agus Cathrach, Lee Saunders, théis a chur in iúl freisin go bhfuil siadsan fabhrach do na moltaí go mbeadh Marty Walsh ina Rúnaí Saothair sa gcéad Rialtas eile.

Ceaptar go gcreideann na ceardchumainn go mbeadh an cairdeas atá idir Walsh agus an tUachtarán Biden ina chuidiú freisin le cúrsaí saothair agus cearta oibrithe san Rialtas nua.

Níl aon ráiteas poiblí tugtha ag an Méara Walsh faoin bhfeachtas seo atá ag teacht chun cinn le cúpla lá.  Chuir Tuairisc.ie ceist ar an Méara Walsh an tseachtain seo caite faoina dhearcadh ar an gcaint go dtabharfadh an tUachtarán Joe Biden cuireadh dó a bheith i bpost sinsearach i Washington.  Dúirt an Méara go raibh a intinn dírithe go láidir ar an obair atá le déanamh aige i mBoston.  Dúirt sé an uair sin nach fada go mbeadh sé ag labhairt leis an Uachtarán nua-thofa agus tuigtear go bhfuil sin déanta aige le dhá lá anuas.

Tá riar daoine eile dá lua le post an Rúnaí Saothair, an Seanadóir Bernie Sanders as Vermont ina measc. Tuairiscítear go bhfuil seisean ag stocaireacht  go láidir ar a shon féin.

Tá an tuairimíocht faoi Walsh a bheith sa gcomhaireamh le haghaidh post Rialtais i Washington ar bun le tamall.  Cairde pearsanta iad an Méara Walsh agus Joe Biden agus tuigtear go bhfuil an tUachtarán nua-thofa an-tógtha le hobair Mharty Walsh i mBoston.    Tá an tuairimíocht treisithe anois de bharr an borradh atá ag teacht faoi fheachtas na gceardchumann.

Is é Richard Trumka, an ceardchumannaí is mó a bhfuil éisteacht aige sna Stáit Aontaithe.  Beagnach 13 milliún ball atá san gcónaidhm a bhfuil sé ina cheannasaí uirthi, an AFL-CIO.  Tá aithne phearsanta aige ar mhuintir Walsh agus tháinig sé go Boston ocht mbliana ó shin chuig sochraid Pat Walsh (Pádraic Mháirtín Tom), uncail an Mhéara Walsh.  Chaith Pat, arbh as Carna i gConamara ó dhúchas dó, go leor blianta ina cheannasaí ar cheardchumann na n-oibrithe tógála i mBoston.  D’fhreastalaíodh sé ar chruinnithe cinn bhliana i Washington go rialta.   

Bhí Marty Walsh ina cheannaire ar chónaidhm na gceardchumann tógála agus ceirde uilig i mBoston sular toghadh é ina Mhéara.  Bhí sé ina bhall de Cheardchumann na nOibrithe tógála, a raibh a uncail Pat i gceannas air, ó bhí sé ina dhéagóir agus d’oibrigh sé féin ar na láithreáin tógála ina óige.

Tuigtear go bhfuil an Méara Walsh ag déanamh a chuid machnaimh ar an scéal seo uilig faoina bhfuil i ndán dó sa bpolaitíocht.  Dúirt sé cúpla babhta in imeacht na mbliana nach raibh sé leagtha ar a bheith ina Mhéara ar Bhoston ar feadh blianta fada.  Bhí scór blianta curtha isteach sa bpost sin ag an bhfear a bhí ann roimhe, Thomas Menino, sular éirigh sé as.

Duine a rugadh agus a tógadh i gceantar Dorchester agus a bhfuil a shaol go dtí seo caite aige sna ceardchumainn agus sa bpolaitíocht sa gcathair sin, ba mhór an t-athrú dó a dhul go Washington.  San am céanna, ceaptar go nglacfadh sé le cuireadh ón Uachtarán Biden go príomhchathair Mheiriceá agus post Rialtais dá dtiocfadh an scéala sin chuige.   

Fág freagra ar 'Feachtas tosaithe ag ceardchumainn go mbeadh Marty Walsh ina Rúnaí Saothair i rialtas Joe Biden'